Duilleog, Earrach 2017

Bhí Lúibíní go leor ar an ardán ag Gael Factóir faoi Club Óige na Crannóige le Club Óige Chnoc Fola. Bhain Fodhla Ní Bhriain agus Róise Ní Ghallchóir an chéad áit sa rannóg Bun scoile le lúibín úr ‘Bolg ar mo dhroim’ a scríobh Suzanne Uí Ghallchóir agus Áine Ní Bhreisleáin. Comórtas Gael Facthóir Óige na Gaeltachta 2017 Thír Chonaill Chuaigh grúpa na Crannóige fríd go craobh na hÉireann i gCorcaigh 11/3/’17. Fuair siad an 2ú áit. Na hEalaíona Béil Tá clár ealaíne a fhorbairt ag Scoil Cheoil na Crannóige le borradh a chur faoi na healaíona béil i nGaoth Dobhair (Lúibíní, agallaimh beirte, sceitsí, scéaltaí agus drámaí); na traidisiún a sheachadadh go dtí an ghlúin óg agus lucht féachana a fhorbairt do na healaíona sin. An sprioc go sealbhóidh páistí agus déagóirí an traidisiún saibhir de lúibíní, agallaimh beirte, sceitsí, scéaltaí agus drámaí agus go gcuirfidh siad leis an traidisiún sin. Is mian linn ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona Gaeltachta/Gaelach uathúil seo, cur le líon na rannpháirtithe a chleachtann iad, agus déanamh cinnte go mbeidh siad mar chuid lárnach de shaol an phobail agus mar chuid de shaibhreas cultúrtha an cheantair (Tá Gaoth Dobhair mar cheann de na ceantair is láidre ó thaobh saibhreas na n-ealaíon dúchasach/traidisiúnta). Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann le na healaíne bhéil, le saibhriú cultúrtha agus cur chun cinn na Gaeilge i measc an ghlúin óg. Chomh maith leis na scileanna scríbhneoireachta, stáite, geáitsíochta agus aisteoireachta a fhoghlaimeoidh na páistí, beidh siad ábalta Gaeilge fhileata, dhrámata, shaibhir a úsáid. Is Suzanne Uí Ghallchóir, Áine Ní Bhreisleáin, Máire Dinny Wren, Eoghan Mac Giolla Bhrighde agus Manus Ó Duibhir a scríobh na míreanna. Tá meon an shimplí ag CFGD maidir leis an togra. Is é sin, meas, cleachtadh agus saibhreas sa teanga a chothú san aos óg tríd deis a thabhairt daofa an traidisiún a fhoghlaim i gcóras leanúnach- atá tarraingteach, spreagúil agus spraíúil!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3