Goitse, Meitheamh 2014

10 GNÉ-ALTANNA Goitse 27 Meitheamh 2014 I dtaca le seilg bia na farraige de, is é an t-iascach is tábhachtaí agus is mar sin a chuir mise suim mhór i mbia na farraige. D’imigh muid scaiPe bheag againne isteach go hInis Trá Tholl amach ó Chionn Mhálanna go ceann trí lá ar thuras beag iascaigh ocht mbliana ó shin agus bhí an fharraige thart ar an oileán is faide ó thuaidh in Éirinn ar maos in iasc. Isteach leis an doireog agus broideadh, broideadh, broideadh. Mharaigh muid glasáin, deargógaí agus muirliasc. Creid é nó ná creid ach bhí eagla bheag orm féin mo lámh a chur ar iasc beo roimhe seo. Cad é an sórt iascaire a bhí ionam ar chor ar bith? Bhí go leor de mo chairde cráite agam sna blianta sin ag iarraidh orthu an t-iasc beo a bhaint den doireog ar mo shonsa sula raibh mise in ann é a mharú leis an chleith iascaireachta nó an ‘sagart’ mar a deirtear i mBéarla. Chuir sin go leor de mo chairde a gháirí fríd na blianta ach bíodh a fhios agat anois, a léitheoir dhil, go bhfuair an t-ocras an bhuaidh ar an eagla bheag sin agus go bhfuil mé breá ábalta iasc beo a láimhseáil anois. Bhal, níl sin iomlán fíor mar go bhfuil eagla mo thóna orm go fóill mo lámh a chur ar eascann mhór siocair chomh contúirteach gairgeach agus a bhíonn siadsan. Is iad na deargógaí agus na balláin is mó a thabharfaidh tú isteach ar na creagacha leis an tslat amach as an fharraige thart ar Ghabhla. Is fearr liomsa imeacht ar an kayak iascaireachta amach as Port a’Chruinn go hOileán Ghabha nó Oileán Eala agus is amhlaidh is fusa a mharóidh tú deargógaí móra. Caith isteach an doireog lán de chleití thart fá lár Mhí Iúil nó Mí Lúnasa agus toiseochaidh an muirliasc a theacht isteach ina scórtha chugat. Tá an milléad liath le fáil i mbéal Phort a’ Chruinn fosta ach is doiligh an t- iasc sin a mharú gan eangach. Is é an muirliasc an t-iasc is fearr liomsa agus é lán ola. Fuair mé lear mór acu amach as Port a’ Chruinn dhá bhliain ó shin agus chuir mé a oiread acu ab fhéidir liom i ndá ghreille éisc. Chuir mé na greillí ar bharr tine grabhar móna agus neart filléid eile ceangailte díobh. Bhain mé úsáid as neart scragall stáin nó ‘tinfoil’ le dusta an tsimléir a choinneáil ón iasc. Tháinig go leor toite amach as an ghrabhar móna ó oíche go maidin a rinne muirliasc móindeataithe domh – ‘pičce de résistance’ as Gabhla. Bhí de bhuntáiste breise ar an deatú gur choinnigh sé an t-iasc slán mar go raibh sé leasaithe agus nach rachadh sé ó mhaith go ceann roinnt laethanta. Chuala mé gur ghnách le seanmhuintir Ghabhla sú a dhéanamh amach as cloigeann balláin ab éigean domh féin triail a bhaint as. Ghearr mé oinniún mór ina chiúbanna fíorbheag ar fad gur chuir mé sin isteach i bpota mór leathlán le huisce mar aon le cloigeann balláin gan na geolbhaigh. Chuir mé piobar dubh isteach fosta agus bhruith mé an sú go ceann uair a’ chloig, maraim, agus mé ag baint súimín thall is abhus as. Is cuimhneach liom amharc isteach sa phota agus a smaointiú nach raibh cuma ró- fholláin ar chloigeann balláin ach chuir sé iontas orm chomh fíorbhlasta agus a bhí an sú. Rinne mé ó shin é agus thaitin sé i gcónaí liom. Tá dúil millteanach mór agam in ceviche — béile blasta de chuid Mheiriceá Theas. Is fearr an t-iasc a ghearradh ón chnámh droma anuas ina fhilléid. Gan an chraiceann, cuirimse na filléid ar maos i sú sé nó seacht líoma mar aon le hoinniún dearg, cúcamar, sillí dearg, duilleoga de lus an choire agus piobar dubh. Bíonn an fheoil éisc á cócaráil ann. Cibé cnámha beaga atá fágtha, íosfaidh an sú iad. Cuir an béile i leataobh go ceann trí huaire a’ chloig. Bain bolgam beag as go bhfeice tú an bhfuil sé réidh nó nach bhfuil. Ní thaitneoidh an béile seo le gach duine mar go dtig leis bheith láidir ar ghoile bheadaí. Ní chuireann a mhacasamhail isteach ormsa! ¡Ay, caramba! Me gusta comer ceviche istigh ar Ghabhla. Cócaireacht ar Oileán Pól Ó Muireasáin Ceviche Ghabhla

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3