Goitse, Meitheamh 2014
Goitse 27 Meitheamh 2014 GNÉ-ALTANNA 11 Anois agus an aimsir thirim linn, caithfidh muid súil a choinneáil ar na plandaí agus a dhéanamh cinnte go bhfuil go leor uisce acu agus iad soar o lustain. Ba choir go mbeadh na prátaí agus na h-oinniún ag fás go maith; cinnte beidh na prátaí luatha réidh le baint gan mhoill agus níl a dhath chomh deas le prátaí luatha le h-im, salann agus piobar. Istigh sa tollán, tá na duilleoga sailéid agus na cúirsiad ag fás leo chomh maith leis na h-oinniúin earraigh agus na sú talún. Mar sin tá a léir le ithe on ghairdín sna laetha seo agus ma bhíonn crann bláth troim ag fás agat beidh tú ábalta cordial bláth troim a dhéanamh chun faoiseamh a thabhairt duit nuair a bhíonn an ghrian ag soilsiú. Seo oideas fá choinne an cordial sin agus cúpla oideas eile chun na glasraí galánta seo a úsáid. Cordial bláth troim 4 líomóid, nach bhfuil ciartha orthu agus iad glanta. 30 bláth troim, nite i mbáisín uisce chun feithidí no salachar a ghlanadh 55g aigéad citreach, thig leat seo a fháil sa cheimiceoir 2.5 kg siúcra mín Cuir an siúcra agus 1.5 lítear uisce isteach i sáspan mór, lig do a théamh go réidh go dtí go bhfuil an siúcra tuaslagtha san uisce. Corraigh anmeascán agus bruith an síoróip arbhair ar feadh cúpla bomaite agus ansin bain den teas é. Tóg amach na bláthanna ón uisce agus cuir isteach sa sáspan iad leis an aigéad citreach, na líomóid agus an forchraiceann o na liomóid. Corraigh go maith gach rud le déanamh cinnte go bhfuil siad meascaithe leis an síoróip arbhair. Fág ansin é ar feadh ceithre huair is fiche. I ndiaidh na tréimhse seo, cuir tuáille gréithe glan isteach i síothlán os cionn babhla mór. Úsáid liach chun an síoróip a thógáil amach agus lig dó sileadh go mall isteach tríd an tuáille. Caith ar shiúl na rudaí atá fágtha sa tuáille. Líon buidéal atá steirilithe leis an cordial. Thig leat é a ól díreach agus beidh sé maith ar feadh sé seachtain má chuireann tú é sa chuisneoir. Bíonn sé galánta meascaite le uisce súilíneach no fíon bán. Sailéad bog-the prátaí úr le muiceoil agus cáis ghorm 500g prátaí úra, gearrtha ina leath 2 oinniún dearg gearrtha i ndingeacha 2 taespúnóg ola olóige 4 slis muiceoil deataithe, díslithe 140g beacán, gearrtha i slisiní 1 bordspúnóg mustard slánghráin 1 bordspúnóg fínéagar fíon dearg 85g cáis gorm, no cibé cáis is mian leat féin. 100g spionáiste Téigh an oigheann go dtí 200°c. Cuir na prátaí i stán rósta. Cuimil na prátaí le taespúnóg amháin den ola agus salann. Déan iad a róstadh ar feadh fiche bomaite agus ansin cuir isteach na h-oinniúin sa stán agus craith iad le cheile chun iad a mheascadh Déan iad a róstadh ar feadh fiche bomaite eile agus ansin lig daofa fuarú giota beag. Frioch an mhuiceoil agus na beacáin le chéile Chun an blastán sailéad a dhéan- amh, gread an mustard, fínéagar agus an ola le chéile le braon beag uisce. Cuir na comhábhair eile uilig i mbabhla, doirt an blastán sailéad ar gach rud. Tá seo galánta le h-iasc nó feoil ar bith eile, no leis féin le arán maith. Is maith liomsa sailéad a ithe an t-am seo den bhliain ach corr-uair thig le sailéad a bheith cineál leadránach. Seo cúpla ábhar a thig leat cur leis an gnáth-shailéad glas chun é a dhéanamh giota beag níos spreagúla: brocailí péacánach corcra nó gnáth-bhláthóg brocailí; ológa (dubh nó glas); cnónna péine tóstaithe; almóinní; gall-chnónna; croutons briosca/olóige; lárdan brioscarnach muiceoil; píosaí de bhradán deataithe le abhacád. Chun cuma dheas a chur ar do shailéad, úsáid scamhaire prátaí ar phíosa cáis parmesan, meacan dearg no cúcamar chun ribíní deasa a dhéanamh. Tá blastán sailéad iontach fur- asta a dhéanamh. Seo an bun- oideas agus thig leat rudaí eile cosúil le mustard, líomóid, luibh- eanna, mil, gairleog no fiú ainseabhaite a úsáid chun do stíl féin a chuir leis: 6 taespúnóg ola olóige úríon 2 taespúnóg fínéagar fíon bán salann an fharraige agus piobar dubh úr-mheilte Gread gach rud le chéile agus thig leat é a úsáid mar sin nó do bhlas féin a chur leis. Blas an tSamhraidh Blag na mBuataisí le Bríd Ní hIcí FORBAIRT POBAIL: ● MOT – Meitheal Oibre Tacaíochta: Seanóirí ar bith a bhfuil tacaíocht/cuidiú ar bith de dhíth orthu le jabanna beag thart fán teach. Eolas: Ionad Naomh Pádraig, 074 95 32949 SLÁINTE ● ‘Men on the Move’ - clár aclaíochta do fhir nach bhfuil ró-aclaí achan Dé Máirt & Déardaoin in Ionad Naomh Pádraig @ 8i.n. Eolas: 074 95 32949 ● Bean na gCos: Bíonn clinic ag an Choslia Siobhan Joyce sa Chrannóg ar an Aoine dheireanach de achan mhí ón 10rn - 3in. ● Relay for Life ‘Misneach’ – Tá foireann as Gaoth Dobhair darbh ainm ‘Misneach’ ag glacadh páirt. Duine ar bith ar mhaith leo uair a chaitheamh linn i Leitir Ceanainn, tá fáilte romhaibh. 31 Bealtaine, 6i.n. – 1 Meitheamh, 6i.n. Déan teagmháil le Máire @ 0749532949. CEOL: ● Ceol ‘s Spraoi Ranganna ceoil do pháistí (0-5 bl) in Ionad Naomh Pádraig achan Dé Máirt @ 2i.n. OIDEACHAS: ● Grinds saor in aisce do dhéagóirí atá ag déanamh na hArdteistiméireachta. Fraincis achan Dé Luain @ 6.00 i.n., Béarla achan Dé Máirt @ 5.00 agus Mata achan Dé Céadaoin @ 7.00 i.n. Eolas: 074 9532949 SIAMSAIOCHT DON ÓIGE: ● Campaí Samhraidh Chlub Óige Rann na Feirste Beidh 3 champa samhraidh á eagrú ag an Chlub Óige don aois-ghrúpa 4-12 bliain d’aois an samhradh seo, ón 7-25 Iúil in Áislann Rann na Feirste, ón 10rn-2in. Clárú/eolas: 0864528475 nó 0879148205 ● Ceardlann Ealaíona Beidh ceardlann ealaíona ‘Cois Farraige’ do pháistí á eagrú ag An Cosán Glas i Machaire Rabhartaigh ón Luan 30 Meitheamh go dtí 4 Iúil. Tá an cheardlann seo fóirsteanach do pháistí san aois ghrúpa 7-14. Am: 10rn-3in. Costas €45 fá choinne na seachtaine. Clárú/eolas: 086 3397560 SEIRBHÍS DLÍ: Clinic Saor-Sheirbhís Dlí trí Ghaeilge sa Chrannóg lá amháin achan mhí. Beidh an tseirbhís ann arís ar an 31 Bealtaine ón 2-4i.n. Tá an tseirbhís seo á chur ar fáil ag FLAC i gcomhar le Conradh na Gaeilge. FÉILTE: ● Féile na Seanbheairice ar siúl ón 26-29 Meitheamh. Eolas ar na h-imeachtaí uilig le fáil ar an suíomh idirlín www.antseanbheairic.com nó ag 074 9180655. ● Aonach Jack Mín na Leice Dé Sathairn 12 Iúil 11.00 - 5.00in Seastáin, Puball Mór, Ainmhithe, Earraí áitiúla, Bia, Craic agus Ceol ● Féile Thraidisiúnta Chnoc Fola Tá Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair i gcomhar le Coiste Forbartha Chnoc Fola ag eagrú Féile Chnoc Fola mar is gnáth. Beidh an Fhéile ag tarlú ón 25-27 Iúil agus beidh clár mór de imeachtaí ar siúl, ina mbeidh an lá traidisiúnta ag Teach Mhuiris mar pháirt de. ● Féile Ceoil Loinneog Lúnasa 8-11 Lúnasa - Clár iomlán le fógairt gan mhoill. Eolas: 9532208 ● Corn Cuimhneacháin Éamoinn Ghráinne Comórtas amhránaíocht ar an sean-nós i gcuimhne ar Éamonn Mac Ruairí: Óstán Loch Altan, ar an Domhnach 29 Meitheamh, 2014, mar chuid de Fhéile na Seanbheairice. Céilí ina dhiaidh le Rí Thoraí, Patsy Dan, Daniel Cullen agus cairde. Eolas agus clárú: An tSean Bheairic 074 9180655 ● Oifig Eolais Turasóireachta Beidh an oifig eolais á reáchtáil sa Chrannóg le linn an tsamhraidh. Má tá suim agat cuidiú go deonach leis an oifig a choinneáil foscailte ag an deireadh seachtaine, cuir scairt ar Chathal ag 9532208. FÓGRAÍ POBAIL Siopa Leabhar Gaeilge Bhéal Feirste Leabhair Ghaeilge de gach cineál, chomh maith le cártaí ócáide, criadóireacht, seodra, t-léinte, fístéipeanna agus dlúthdhioscaí. Luan – Aoine 9:00rn – 5:30in Satharn 9:30rn – 5:30in Domhnach 1:00in – 4:00in An Ceathrú Póilí An Chultúrlann 216 Bóthar na bhFál Béal Feirste BT12 6AH G: 028 9032 2811 E: eolas@an4poili.com Seol fógraí pobail chuig: eolas@goitse.org
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3