Goitse, Meitheamh 2014
Cuireadh deireadh leis an chéad chúrsa de chuid Chumann na bhFiann in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, ag deireadh na seachtaine seo a chuaigh thart nuair a tháinig tuismitheoirí na ndaltaí le taispeántas a gcuid páistí a fheiceáil. Ag labhairt le Goitse roimh an taispeántas sin, dúirt Feargal Mac Tréinfhir, stiúrthóir an chúrsa, go raibh sé iontach sásta le achan ghné den chúrsa. Dúirt sé go raibh áthas air go dteachaigh an cúrsa agus an ceantar i bhfeidhm ar na daltaí. Bhí na daltaí ag stopadh i seacht dteach ó Dhobhar chomh fada soir leis na Carraigeacha agus bhí Cumann na bhFiann agus na daltaí iontach sásta leis an tseirbhís a chuir na mná tí ar fáil, de réir Feargail agus beidh siad ag súil le teacht ar ais sna blianta amach romhainn. Maireann an cúrsa trí seachtainí agus, ar an bhliain seo chugainn, tá sé beartaithe ag Cumann na bhFiann dhá chúrsa a reáchtáil san Ionad, ceann i mí Meithimh agus an ceann eile i mí Iúil. Beidh na cúrsaí lonnaithe san Ionad ar feadh an tsamhraidh uilig, ó Mheitheamh go Lúnasa, ó 2016 ar aghaidh. Dúirt Máire Uí Chomhaill, bainisteoir Ionad Naomh Pádraig, go raibh lúcháir uirthi go raibh na pleananna sin ag Cumann na bhFiann do na blianta amach anseo. “Rinne an cúrsa i mbliana difear mór anseo,” a dúirt sí, “agus níl a fhios caidé an difear a dhéanfaidh sé ar an bhliain seo chugainn agus na blianta ina dhiaidh sin.” Dhearbhaigh sí fosta gur ghnóthaigh cuid mhaith daoine as an chúrsa, ní amháin na mná tí. Is cosúil go raibh tuismi- theoirí na ndaltaí ar cuairt bunús gach deireadh seachtaine agus gur thug siad a bpáistí amach a ithe sna bialanna sa cheantar. Tá Máire dóchasach go dtarlóidh an rud céanna ar feadh tréimhse níos faide amach anseo. 12 GNÉ-ALTANNA Goitse 27 Meitheamh 2014 Cumann na bhFiann le cur lena gcúrsaí Gaeilge i nDobhar #BusAnois Bhí m’athair díreach curtha; bhi mé féin is mo dheirfiúr réidh le filleadh ar an ollscoil. Dúirt aintín linn go dorcha: “Bíodh a fhios agaibh go bhfuil rudaí ann atá níos measa ná an bás!” Ba shin deireadh na seascaidí. Bhí ré na hipithe faoi lán seoil, lena mana “Déan craiceann in áit chogaidh,” cumhacht bláthanna agus saorghrá. Chomh maith leis sin, bhí gluaiseacht Shaoirse na mBan ar obair ag cur nóisean úr isteach in intinn achan chailín sa tír. D'imigh an corset is na bra as faisean. Tháinig éadaigh comp- órdacha rómansúla isteach ina n-áit — an corp saor ó smacht mar léiriú ar an meon úr. Bhí an droch-rud úd, an piolla, ar fáil trasna na teorainne uainn. Ní iontas ar bith é m’aintín a bheith imníoch. Bhí comhartha ceiste ann maidir leis an lipéad míofar sin ‘leanbh neamhdhlisteanach’. (Tá leaganacha na Gaeilge níos cin- eálta — ‘leanbh gréine’ mar shampla — ach an caitheamh anuas céanna i gceist.) Bhí girseach óg ón dílleachtlann ag obair do mo mháthair seal agus muidne inár bpáistí beaga. Is cuimhin liom nach ndearna sí gearán ar bith fá na mná rialta a thóg í, ach d'inis sí dúinn go mbíodh muintir an bhaile ag scairtigh “ Gets ” i ndiaidh na ndílleachtaí agus iad amuigh ag siúl. “Ba focal uafásach é sin!”, a dúirt sí linn. Agus chuaigh an mothúchán láidir ina glór i bhfeidhm go mór orainn. Bhí scoileanna áirithe sa tír nár ghlac le leanaí gréine. Ní raibh ceart comharbais acu. Ní raibh cead roimh 1983 ag leanbh gréine dul le sagartóireacht. Ba é sin é an dearcadh oifigiúil i leith leanaí neamhurchóideacha. Agus an rud ba náirí ar fad, chuir an dearcadh sin isteach ar an chaidreamh idir tuismitheoirí agus iníonacha. Ar ghrá d’oinigh, chaití girseacha neamhphósta a bhí ag súil le breith, uaireanta de thairbhe éigniú, amach as an bhaile, le críochnú ag deireadh in Ionad do Mháithreacha agus Leanaí, agus iacall curtha orthu páistí s’acu a thabhairt ar shiúl. Tá cúis ár náire mar shochaí, atá in ainm a bheith Críostaí, tagtha chun solais uair amháin eile. I 1976 chuaigh Maura O Dea Richardson in éadan an ghnáth- nóis, is é sin go dtiocfadh leanbh mná nach raibh pósta ar an saol faoi rún, agus ansin go dtabhar- fadh sí suas é le bheith uchtaithe ag “gnáththeaghlach”. Choinn- igh sí a leanbh agus bhunaigh sí an comhlacht Cherish le triúr ban eile a bhí sa chás céanna. I ndiaidh bhliain agóide, thug siad ar an rialtas liúntas a thabhairt do mháithreacha aonair. Ansin, de thairbhe a gcuid oibre agus le tacaíocht ó mhacasamhail Mháire Nic Róibín, tháinig an tAcht um Stádas Leanaí i bhfeidhm, a chuir deireadh leis an choincheap gránna den leanbh neamhdhlisteanach. Ach fiú sa droch-am roimhe sin bhí teaghlaigh agus mná cróga ann a sháraigh mórchuid deacrachtaí le leanaí agus gar- leanaí gréine a choinneáil, agus nár shéan a sliocht fhéin. Anois tá laghdú tagtha ar dhroch-thionchar na hEaglaise, a rinne dearmad ar an fhear a dúirt “Ligigí do na páistí teacht chugam . . . óir is lena leithéidí sin ríocht Dé”, agus ar an eagla a bhí ann roimh “caidé déarfadh na comharsain?” Fiú an aintín úd, cé nár chaill sí a mórtas cine ariamh, le haois chaill sí an meas ró-mhór sin ar thuairimí na gcomharsan a thug ar dhaoine droim láimhe a thabhairt ar a gcuid fola agus feola féin. D'éirigh sí níos tuisceanaí i leith an chirt, agus níos measúla ar achan chineál duine. Colún Nóra Chit Máthair agus Leanbh Scoláirí óga Gaeilge a d’fhreastal ar an gcéad chúrsa a d’eagraigh Cumann na bhFiann i nDobhar an mhí seo. An chéad chúrsa a d’eagraigh Cumann na bhFiann i nDobhar taobh amuigh de Ionad Naomh Pádraig.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3