Goitse, Meitheamh 2014
14 GNÉ-ALTANNA Goitse 23 Bealtaine 2014 Focla Mhicí Aoí rialta de chuid Rónán Beo@3 ar Raidió na Gaeltachta is ea Micí Whiting Mac Aoidh. Tá Goitse buíoch do Mhicí, do Rónán agus d’fhoireann Raidió na Gaeltachta as cead na focla seo a chur i gcló. Fuithe – faoithe: Chifidh tú úth an bhó ag líonadh amach le bainne. Bheadh an úth iontach mór, agus bheithfeá cinnte go raibh sí ag dréim le gamhain, agus déarfá go raibh an bhó sin faoithe. Cuid mhór bainne ag gabháil san úth aicí. Faradh (fara) : Dréimire a bhí déanta le súgán ... fa choinne na cearca ... le go mbeadh se furast ag na cearca siúl suas ar an fara, bhí ronsaí beaga trasna ann. Buaircín: Sa tsean-am, ba ghnáth clár a chuir ar éadan bó, bó a bhí tugtha do bheith ag briseadh poill phrátaí amach ar a chonlaigh, nó a bhí drochmhúinte. Cha raibh sí ag feiceáil a dhath roimpi. Clár troigh nó mar sin ar leithead, naoi n-orlaigh ar leithead. Ní fheicfeadh sí a dhath ar chor ar bith roimpi, taobh amuigh den fhéar thíos fúithi ar an talamh. Camsachán: Duine beag a bheadh iontach sean-aimseartha. Leath-stócach nó thiocfadh leis a bheith ag bualadh suas ar a bheith ina fhear, agus é iontach sean-aimseartha, ach ag déanamh aithris ar na seandaoine. Iontach magúil, sean-aimseartha. Lúbán : Moll (spindle). Bheadh moll ag gabhail trasna fríd croí an rotha ... bhí lúbóg de chorda láidir ag gabhail fríd an rotha, fá choinne é a choinneáil in áit amháin ... lúbán – píosa de chorda, ceangailte ar íochtar an tuirne, fá choinne an moll a choinneáil in áit amháin ... Mallaid: – duine nach bhfuil dochar ar bith ann. Níl a dhath ann ach mallaid ... duine gan dochar. Mallaideacht – an chanúint a bhíonn aige. Scollachán: éanacha gan cluibhreach nó a dhath nuair a thig isteach amach as na huibheacha. Mútachán: Chruinneodh siad cuid mhór mún. Bhíodh boladh bréan as! Chuirfidh blaincéid báinín ar maos sa mhún ar feadh seachtaine fá choinne an olainn a láidriú (ag ramhradh olaínn). Ansin dhéanfadh an fíodóir blaincéid as an olaínn. Gruamacht rabharta: laetha a bheadh iontach gruama nó trom ... bheadh an spéir dorcha uilig. I sraith nua atá in An Lá Seo Romham atá á craoladh ag Raidió na Gaeltachta an Samhradh seo cuireann Dónall Mac Ruairí muid in aithne do dhaoine atá ag plé le gairmeacha beatha éagsúla nuair a chaitheann an craoltóir an lá ina gcuideachta. Is é Muiris Conchubhair Beag Ó Gallchóir agus a lá oibre atá faoi chaibidil in An Lá Seo Romham a chraolfar ar Raidió na Gaeltachta Dé Luain seo chugainn (1 Iúil) ag 1.32pm. Sa chlár seo caithfidh Dónall Mac Ruairí an lá le Muiris atá mar Oifigeach Stáisiúin ar Stáisiún Bhriogáid Dóiteáin Ghaoth Dobhair. Míníonn Muiris mar a thosaigh sé ag obair sa bhriogáid an chéad lá riamh, agus na dúshláin atá le sárú aige achan lá ina chuid oibre agus iarrachtaí a ndéanamh aige tacú leis an phobal in am an ghátair. Insíonn sé faoi chuid de na laethanta is fearr, agus is measa, a bhí aige ag obair leis an tseirbhís dóiteáin. An Trom Sambucus nigra Trí chomhartha láthair mhallachta: Trom, Traonach agus Cúl Fáidh! Maraon le mórchuid de na tréanna, is seafóid iomlán atá sa ráiteas thuasluaite. Ach cuireann sé in iúl an stádas urchóideach a bhí ag an chrann beag seo. Bhí, áfach, dearcadh eile ann fosta. Ba rud ámharach crann Troim a bheith ag fás in aice leis an teach; go háirithe más uaidh féin a shíolaigh sé ann. De réir Bretha Comaithchesa, téacs dlíthiúil ón ochtú céad, bhí an Trom rangaithe mar bhall de Fodla Fedo, ceann de na haicmí crainn is ísle da raibh ann. Ach, go traidisiúnta, glacfar leis an Trom mar cheann de na plandaí is cumhachtaí amuigh. Is de bharr na codarsnachta seo, idir na droch-cháile agus an dea- chlú, nach féidir gan urraim a thabhairt dó agus, mar sin, tá go leor scéalta agus pisreoga luaite leis. Ach seans gur tréithe réadacha an Troim is cúis le seo uilig. Sa chead dul síos ní crann mór é an Trom agus níl mórán maitheasa san adhmad agus, mar sin, is beag úsáid a bhaintear as. Is as sin a tháinig na geasa agus na finscéalta a bhaineann leis. Bhí sé ráite go raibh sprid i gcairdeas gach crann agus dá ndófaí an t-adhmad go bhfeicfí an diabhal. Ach, déanta na fírinne, tairgeann an crann seo an breosla adhmadúil is measa da bhfuil ann agus is cinnte go dtáinig na scéalta óna neamh-úsáid. Bhí gach olcas caite leis; chroch Iúdás é féin air agus bhí cros Chríost déanta de. I gcoinne seo uilig bhí ard- mheas ar an phlanda ó thaobh luibheolaíochta de. Bhí gach páirt den chrann in úsáid mar leigheas ar réimse leathan tinnis. Cuirtear ‘Cógaslann na nDaoine’ air. Tá an córas tacsanomaíoch (ainmniú agus rangú speicis) iontach casta leis an Trom. Go traidisiúnta bhí sé rangaithe sa ghrúpa Caprifoliaceae, sé sin le rá go raibh sé gaolta leis an Táthfhéithleann Lonicera periclymenum . Ansin rinneadh ath- rangú air mar bhall den ghrúpa Adoxaceae leis an Chaor Chon Viburnum opulus . Le gairid, tar éis mór-staidéar ar na mion- éagsúlachtaí, bhí socrú déanta fine ar leith a chruthú don ghéineas Sambucus agus anois tá sé leis féin sa Sambucaceae. Tá naoi speicis de Sambucus ann, atá le fáil ar fud an domhain beagnach, agus glactar leis go bhfuil sé subspeicis nó foghné ag S. nigra . Tá ball amháin eile de Sambucus ag fás sa tír, ach níl an Tromán S. ebulus dúchasach. Bhí sé ráite gurb é Tarlach Mac Suibhne, an Píobaire Mór, an chéad duine a d’fhás crann Troim i gceantar Ghaoth Dobhair. Ach is dóiche go raibh seo luaite leis siocar go raibh géaga an Troim, atá ar nós feadáin, in úsáid i bpíobaí. Is cínnte gur éanacha, a bhfuil dúil mhór acu sna caortha, a thug isteach iad fadó. Is minic a bhíonn an Trom le feiceáil ag fás gar do thithe, go háirithe seantithe, mar go mbaineann sé tairbhe as an ardú shaibhris san ithir ar nós Chúl Fáidh Urtica dioica . Tá aifid nó míol planda Aphis sambuci a mhaireann ar an chrann i rith an tsamhraidh agus de gnáth bíonn siúd faoi chúram seangáin atá ar thóir an drúcht meala a thairgeann na h-aifidí. Níl mórán feithidí eile a bhíonn beo ar dhuilleoga an Troim mar go bhfuil cosaint cheimiceach acu. Bíonn droch-bholadh uatha agus úsáidtear iad sa ghairdín chun glasraí a chaomhnú ó fheithidí agus deirtear go bhfuil seo éifeachtach in éadan míoltóga fósta. Tá fungas ar leith a fhásann ar ghéaga an Troim. Bíonn Auricularia auricula-judae le fáil i rith na bliaina, tá cuma cluaise air agus tá sé inite. Ach níl sé iontach blasta agus, cá bith, b’aisteach rud atá chomh cosúil le cluas duine a ithe. —C. Mac Conn Tíre An Trom RnaG i gcuideachta oifigeach stáisiúin bhriogáid dóiteáin Ghaoth Dobhair Muiris Conchubhair Beag Ó Gallchóir i mbun a chuid oibre le Briogáid Doiteáin Ghaoth Dobhair.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3