Goitse, Meitheamh 2014
4 NUACHT Goitse 27 Meitheamh 2014 Moira Ní Ghallachóir Bhí comhdháil trí lá, dírithe ar fhorbairt Slí Cholmcille, ar siúl an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart in Óstán Loch Altan i nGort an Choirce. Is iad Urras Leabh- raichean nan Eilean, Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge a d’eagraigh an comhdháil. Tionscnamh úr turasóireachta oidhreachta agus cultúrtha is ea Slí Cholmcille. Ceiliúrann an tSlí Oidhreachta seo saol agus traid- isiúin an Naoimh agus is deis í béim a chur ar na ceangail stairiúla agus teangeolaíochta atá ann le fada idir Éirinn agus Albain. Go dtí seo tá 72 pointe luaite ar an tslí agus tá chóir a bheith dosaen acusan sna trí paróistí anseo. Déantar gearán faoin tslí nach bhfuil go leor cuaillí eolais ann agus, dá bharr, gur sórt de láithreacha rúnda atá i bhfolach iad, agus go gcaithfear treoraí eolais a fháil le tú a thabhairt chucu. Is léir, mar réiteach ar seo, go mbeidh gá le treoraithe eolais mar pháirt de fhorbairt Slí Cholmcille. Bhí teachtaireacht an-láidir le cluinstin le linn na comhdhála: “Thig le pobail ar an tSlí foghlaim óna chéile”. Labhair Brian Lacey ar an mhiotaseolaíocht atá ag baint leis an tSlí agus thug Liam Ó Cuinneagáin le fios go raibh deis iontach ann le Camino Colmcille a fhorbairt — bunaithe ar an turas- óireacht oilithreachta. Rinne an staraí áitiúil Michéal Ó Domhnaill cur síos cuimsitheach ar an seanchas atá ag baint le Colmcille. Ní cainteanna amháin a bhí i gceist: Rinne Noel Ó Gallchóir agus Cathal Ó Curráin cur i láthair idir cheol, dhrámaíocht agus fhilíocht a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta. Cheol Noeleen Ní Cholla, roinnt amhrán inar dheimhnigh sí — trí Ghaeilge agus trí Ghàidhlig — an nasc idir Éirinn agus Albain. Eagraíodh turas bus thart ar cheantar Thulacha Beigile agus sean-eaglais Ráithe, agus turas lae go hOileán Thoraí mar chuid fden deireadh seachtaine. Léirigh an comhdháil go dtig leis an turasóireacht chultúrtha pobail a láidriú, rud a chuideodh le cur chun cinn teanga aagus leis an eacnamaíocht áitiúil. Mar a dúirt Calum MacGilleain ag an chomhdháil “Níl aon dá thír ann a bhfuil níos mó i gcoitinne acu ná Éire agus Alba. Is é an fharraige eadrainn an ceangal agus ní haon chonstaic í”. Caithfimid a bheith sásta a admháil nach mórionad turasóir- eachta é an contae seo go fóill agus nach dtuigeann an domhan mór cad é atá le tairiscint againne. Is é sin go díreach atá turasóirí a lorg sa lá atá inniu ann seoda agus rúin bhailte áitiúla. Is mór an gar é go bhfuil muid ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar gheall ar an mhargaíocht dhomhanda atáthar a dhéanamh ar Cho. Dhún na nGall. Agus Slí Cholmcille a chur san áireamh fosta, is cumhachtach an deis é an dá shlí seo - thig postanna a chruthú i réimse na turasóireachta, iarsmalanna, turais threoraithe agus beidh neart cuairteoirí sa cheantar leis na gnónna áitiúla a choinneáil gnóitheach. Tá mng ag cur béim mhór ar an mheascán mearaí de chultúir agus acmhainní nádúrtha áitiúla a chur chun cinn mar pháirt de phacáistí turasóireachta faoi leith. Mar ghnó óg áitiúil atá bainteach leis an turasoireacht, tá múinín níos láidre againne in mng de thairbhe na comhdhála seo, go bhfuil muid ar an bhealach cheart, go bhfuil gá faoi leith le seirbhís mar seo agus go bhfuil muid ag cur tábhacht leis go mbeidh an pobal comhpháirteach linne. Thig linne cuairteoirí agus turasóirí a mhealladh isteach chun na Gaeltachta - láithreach. Seo an t-am do phobail na Gaeltachta ár lorg a chur ar an turasóireacht chultúrtha. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Shlí Cholmcille ach bualadh isteach chuig oifig mng.ie sa Chrannóg in Doirí Beaga. Pobail Shlí Cholmcille ag foghlaim óna chéile Bridget Nic Gairbheith, Bainisteoir Chomharchumann Thoraí, John Randall, Urras Leabhraichean Nan Eilean, Noeleen Ní Cholla, Foras na Gaeilge agus Pól Ó Muireasáin, Aistritheoir as Doire agus Gaoth Dobhair a bhí i láthair ag Comhdháil Slí Cholmcille i nGort an Choirce. Grianghraf: Tommy Curran Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí, a rinne an comhdháil a oscailt go hoifigiúil i gcuideachta Moira Ní Ghallchóir ón chomhlacht Rock agus Roam /mng.ie. Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael, Gleann Cholmcille i gcuideachta Bearnard Ó Domhnaill as Gort an Choirce. Grianghraf: Tommy Curran Grianghraf: Tommy Curran
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3