Goitse, Meitheamh 2014
Ar fhód an bhealaigh mhóir, i bPollán an Raithnigh, baile fear- ainn Dhoire Chonaire, tá bothán bheag cheann tuí tógtha ann. Tá an bothán bheag seo, atá in imeall na slí, ar cheann de na cinn is iomráití sa dúiche, cionn is gur ann a chonaic Micí Mac Gabhann solas mór an tsaoil, don chéad uair, nuair a saolaíodh é, mar chéad duine clainne ag Tomás Mac Gabhann agus Bríd Ní Chanainn, ar an darna lá fichead de mhí na Samhna sa bhliain 1865. Seo mar a scríobh an bailitheoir béaloideasa as Teileann, Seán Ó hEochaidh agus é ag déanamh cur síos ar Mhicí Mac Gabhann; “Fear suite daingean, cnámhach, urrúnta, láidir, fírinneach, ionraic a bhí ann. Bhí a chuid ranna d’intleacht agus d’éirim aigne ann. Ina nádúr bhí sé rud beag tobann, tintrí.” Chan bréag ráite é, go bhfuil clú ‘s cáil ar Mhicí de thairbhe a shaothar dhírbheathaisnéis; ‘Rotha Mór an an tSaoil’. Ar ndóighe, tá a fhios againn nár Micí é féin a chuir an saothar liteartha seo ar phár dúinn, téann a bhuíochas sin do Sheáin Ó hEochaidh a rinne taifead agus a scríobh síos é, agus do Phroinsias Ó Conluain, a chuir cruth eagarthóireachta ar an saothar ceanna, sa bhliain 1959. Ach bíodh sin mar atá, cé go raibh Micí Mac Gabhann, dálta go leor eile lena linn, ar bheagán léinn foirmeálta, is cinnte go raibh sé ag cur thar maoil le saibhreas seanchais, scéalaíochta agus foghlamtha ó thaobh chúrsaí an tsaoil de. Chuir sé craiceann ar a scéal féin nuair a scoilt sé liobar, le cur síos agus léargas galánta a thabhairt ar eachtraí a shaoil agus na turais iontacha a chur sé faoi na bhonnaí le linn a óige. Ritheann rútaí na hársaíochta agus na scéalaíochta go domhan i saothar liteartha Mhicí, mar le linn dó bheith i mbun scéalaíochta, char lig sé don insint fuarú ar dhóigh ar bith. Faigheann an léitheoir léargas beacht ar an seort saoil a chaith Micí agus a sheal, ó Bhealtaine go Samhain, ar fostú ar an Lagáin, nó na séasúir a chaith sé thall fá Albain agus go speisialta a thréimhse i Meiriceá, ó mhianaigh airgid Mhontana, go dtí na mianaigh óir, sa Klondike agus é ar thóir an óir. Nuair a phill Micí na bhaile, thit sé i ngrá le Máire Dickson, agus mar a deir an seanfhocal; An t-aon leigheas atá ar an ghrá na pósadh, rud a rinne siad beirt nuair a aontaíodh iad faoi chuing an phósta sa bhliain 1902. Ag pilleadh dúinn ar fhód dúchais Mhicí Mac Gabhann, sé sin, ar an sean-bhothán bheag ceann tuí ina rugadh ’s tógadh é, is cinnte gur ábhar lúcháire agus mórtais é do bhunadh Chloich Cheann Fhaola, go dtug Togra Fiontar agus Cultúr Uladh faoi mhaoiniú a lorg le ath-choiriú a dhéanamh ar ghnéithe faoi leith den tseanteach stairiúil seo, atá ag cur thar maoil le seanchas agus stair shóisialta. D’éirigh le Togra Fiontar agus Cultúr Uladh ina gcuid iarrachtaí leanúnacha, maoiniú a aimsiú agus mar thoradh ar a gcuid oibre, rinneadh neart forbairtí cóirithe ar Teach Mhicí Mac Gabhann agus ar na bóithigh buailte leis. De thoradh ar seo uilig, tá teach Mhicí Mac Gabhann, a tógadh i gclapsholas na staire sa bhliain 1850, foscailte aríst don phobal. Tá deis anois ag bunú na háite, ag turasóirí chun na háite agus fiú, beidh deis in am trátha, ag na glúnta na bhfaca solas mór an tsaoil seo go fóill, cos a leagaint i dteach Mhicí agus a theacht thart i lár an tuí ann, le go bhfaighe siad feiceáil lena súile cinn féin, ‘s blaiseadh ar an seort slí maireachtála a bhí ag na glúnta a chuaigh romhainn fán taobh seo tíre. Creidim mar dhaoine, gur maith linn anois is arist, ruathairt a thabhairt siar ar bhóithre na smaointe le machnamh beag ’s meabhrú a dhéanamh ar na laetha a bhí, ar na h-eachtraí ’s na himeachtaí a mhúnlaigh agus a chothaigh muid, agus atá go fóill mar pháirt luachmhar dar n-oidh- reacht. Is cinnte go maith le daoine a bheith dílis dá gcuid rútaí agus don oidhreacht ársa ónár fáisceadh iad. Ar an bhonn seo, baineann fíor thábhacht le scéal agus le Teach Mhicí Mac Gabhann, i bPolláin an Raithnigh, cionn is go bhfuil gathanna go leor a bhaineann leis agus a chaitheann solas luach- mhar ar ár stair ar ár sliocht féin, chomh maith le ar ár n-oidhreacht phearsanta féin. Mar sin de, is fiú go mór do dhuine ar bith gur suim leis blaiseadh dár n-oidhreacht chultúrtha agus sóisialta a fháil, nó fiú tuigbheáil níos doimhne a bheith acu ar chúrsaí ailtireachta traidisiúnta agus ar an dóigh ar tógadh agus ar coiríodh na sean tithe ceann tuí, cuairt a thabhairt ar Theach Mhicí Mac Gabhann. Sin uilig ráite, is cinnte gur fianaise láidir scéal Mhicí Mac Gabhann agus a mbaineann leis, ar an lorg a d’fhág cúrsaí imirce ar bhunú na taobh seo tíre ins na blianta a chuaigh thart. Nach suntasach ar fad an dóigh a bhfuil scéal agus galar na himirce ag bagairt go fíor arist ar idir leanbh ’s liath, rud a léiríonn dúinn an síor-chasadh a ghnídh Rotha Mór an tSaoil. Goitse 27 Meitheamh 2014 TUAIRIM 5 Tá Goitse ar fáil ar-líne ag www.goitse.org ar fud na cruinne Síorchasadh rotha mór an tsaoil Aniar Aduaidh le Brian Mac Rabhartaigh Baill de Bhord Chomhairle Oidhreachta na hÉireann taobh amuigh de Theach athchóirithe Mhicí Mhic Gabhann i bPolláin an Raithnigh, le goirid.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3