Goitse, Meitheamh 2014
Má tá tú ag taisteal thart ar an cheantar seo le tamall anuas, bhéarfaidh tú fá deara go bhfuil cuma i bhfad níos glaine néata ag teacht ar na bailte agus ar na bóithre. Tá an comórtas Bailte Slacht- mhara ar bun arís agus tá coistí beo gníomhach sna trí paróistí agus tá siad ag fágáil a lorg ar achan rud. Seo an chéad uair a chuir Gaoth Dobhair agus Dobhar isteach ar an chomórtas agus tá sé le feiceáil ar an dá cheantar sin go bhfuil siad ag déanamh a ndíchill bail a chur ar an timpeallacht s’acu. Rinne an dá eagraíocht pobail sa cheantar sin, Comharchum- ann Forbartha Ghaoth Dobhair agus Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, cinneadh eatarthu féin go mbeadh an Comharchumann freagrach don cheantar idir Siopa Andaí siar go dtí Droichead an Bhun Bhig agus go mbeadh Ionad Dobhair freagrach as an chuid eile den cheantar go dtí Barr Dobhair. Tá obair ag gabháil ar aghaidh fosta in Anagaire, áit a bhfuil sean- rothair daite go deas agus ciseáin lán bláthanna orthu, scaipthe fríd an bhaile. Chuaigh sé i bhfeidhm fosta ar cholúnaí de chuid an pháipéir seo. Nuair a bhí Pól Ó Muireasáin ar cheann dá chuid cuairteanna isteach go Gabhla, bhailigh sé roinnt bruscair a bhí ina luí fán chladach ansin agus thug ar ais go tír mór é le athchúrsáil a dhéanamh air. Tá obair mhór déanta fosta ag coistí deonacha i nGort an Choirce agus ar an Fhál Charrach le cuma ghlan, deas fáiltiúil a chur ar cheantar s’acu. Creideann na coistí seo go bhfuil sé le leas an cheantair é a bheith go deas tarraingteach do na cuairteoirí a bhfuil an taobh seo tíre ag brath go mór orthu. Creideann an chuid is mó acu go bhfuil níos mó i gceist ná turas- óirí a mhealladh chuig an áit. Mar a dúirt Cathal Ó Gallchóir, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, “Meallfaidh sé an pobal meas a bheith acu ar an cheantar agus ar an timpeallacht.” 6 NUACHT Goitse 27 Meitheamh 2014 Tá Dobhar páirteach sa chomórtas ‘Baile Slachtmhar’ don chéad iarraidh i mbliana faoi scáth Ionad Naomh Pádraig. Glantachán Ghabhla Seanrothar athmhaisithe ag cur le háilleacht an baile in Anagaire. Mar pháirt d’fheachtas áitiúil na mbailte slachtmhara , rinne Micheál Ó Rabhartaigh agus a chairde Teach Choppins ag bun bhealach an Screabáin a phéinteáil. Bhí an phéint agus treallamh urraithe ag siopa DIY Uí Dhochartaigh agus An Chrannóg. Tá obair leanúnach a dhéanamh ar an Scéim Athnuachaín Baile ó Dhoirí Beaga go dtí an Bun Beag. Tá an dara céim den obair toisithe agus leanfar leis na piléir cloiche agus sconsaí úra siar droim na Machaireacha ins na seachtainí amach romhainn. Tá an obair seo á eagrú ag Coiste Mhuire (Na Machaireacha) agus Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, agus tá an obair throm á déanamh ag na fir agus mná ar an Scéim Sóisialta Tuaithe agus CE. Bailte Slachtmhara na Gaeltachta
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3