Goitse, Meitheamh 2014

Tá grúpa a thoisigh i gConamara sa bhliain 2011 ag lainseáil chraobh úr den eagraíocht sa cheantar seo ag deireadh na seachtaine seo. Beidh ionadaí ó Thuismith- eoirí na Gaeltachta sa chathaoir ag an cheardlann faoi thógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht ag an tsiompóisiam “ Caidé mar is féidir an Ghaeltacht a shábháil? ” mar chuid de dheireadh seacht- aine Goitse go Gaoth Dobhair ag 10rn Dé Sathairn san Acadamh. Ina dhiaidh sin, beidh seisiún eolais do dhaoine a bhfuil suim acu bheith páirteach san eag- raíocht san Acadamh arís ag 8in. Tá réimse imeachtaí beartaithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa cheantar seo thar an samh- radh agus tá na sonraí thíos. 28 Meitheamh 10rn-1in: Siom- póisiam Goitse go Gaoth Dobhair , Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Beidh ionadaí ó Thuismi- theoirí na Gaeltachta, Conamara ag labhairt faoi bheith ag tógáil clainne le Gaeilge. 28 Meitheamh 8in: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Cur i láthair ó Thuismitheoirí na Gael- tachta, Conamara. Seans bualadh le baill de choiste Chonamara agus clárú le craobh Dhún na nGall. (Ballraíocht €10). Achan eolas faoin eagraíocht, idir ghníomhaíochtaí agus pholas- aithe, agus faoi na campaí samhraidh atá beartaithe i nDún na nGall. 30 Meitheamh - 4 Iúil: Campa samhraidh cumarsáide i gcomhar leis an Acadamh i nGaoth Dobhair do pháistí 12-15bl. Beidh na daoine óga seo ag sealbhú scileanna praiticiúla cumarsáide (ceamara, fuaim, eagarthóireacht, ríomhaireacht) chomh maith le scileanna cum- arsáide pearsanta (cur i láthair, plé smaointe, obair foirne srl) uilig tré mheán na Gaeilge. Ionad an champa: Acadamh na hOll- scolaíochta i nGaoth Dobhair. Tá 15 áit ar an chúrsa seo. Costas €35. Téigh i dteagmháil le Máire ag mairenicniallais@gmail.com 7-11 Iúil: Campa drámaíochta do pháistí 5-11 bl. le Suzanne Uí Ghallchóir agus Marina Nic Giolla Bhríde. Beidh gné ealaíne i gceist chomh maith mar go mbeidh am curtha ar leataobh achan lá le hobair ar seit i gcomhar le háisitheoir ealaíne. Beidh dráma beag á chur i láthair do na tuismitheoirí ar an Aoine. (Beidh an campa lonn- aithe ar an eastáit tionsclaíoch; mar sin beidh siad ag tabhairt cuairt ar an áit súgraidh chomh maith i rith na seachtaine.) Tá 20 áit ar an champa seo. Ionad: An Dánlann, Carraic an tSeascáin. Costas €35. Déan teagmháil le Suzanne ag an seoladh ríomh- phoist bunabhaile1@gmail.com. 8 GNÉ-ALTANNA Goitse 27 Meitheamh 2014 Tuismitheoirí ag eagrú i nGaeltacht Thír Chonaill Grianghraif le Seán Ó Mainnín

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3