Goitse, Meitheamh 2014
Craic ag an Chabaret Tá féasta ceoil roimh na cuairteoirí uilig a bheas ag freastal ar Goitse go Gaoth Dobhair agus Gaelforce an deireadh seachtaine seo. Tá Emma Ní Fhíoruisce ar ais sa bhaile don tsamhradh agus tréan amhrán aici, cuid acu sean agus cuid acu chomh húr le bainne an lae inniu! Ina cuideachta ar an ardán, beidh an grúpa óg as Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair, Na Fa Dú Dás, chomh maith leis an rac-ghrúpa Wee Small Gods. Ní strainséirí ar bith ag an Chabaret iad Mo Hata Mo Gheansaí, an pop-ghrúpa as Cill Mhantáin, agus beidh an scaiPe ag bopáil agus ag búgaíeáil leis na hamhráin bhreátha acu. Beidh damhsa de chineál eile ann fosta nuair a bheas damh- sóirí sean-nóis na Sionainne faoi stiúir Edwina Guckian ag tógáil trup as an urlár toigh Hiúdaí. Goitse 27 Meitheamh 2014 FÉILTE 9 Wee Small Gods MoHatMoGheansaí Emma Ní Fhíoruisce Na Fa Dú Dás Edwina Guckian Dearadh: Caomhán Ó Scolaí 087-2734035 MoHatMoGheansaí Damhsóirí Sean-Nóis na Sionainne faoi stiúir: agus tuilleadh le fógairt! CABARET CRAICEÁILTE ar OILEÁN THORAÍ Dé Sathairn 12 Iúil Emma Ní Fhíoruisce Bríd Ní hIcí & Mícheál Danny Minnie Tuilleadh le fógairt CABARET CRAICEÁILTE i mBÉAL FEIRSTE Dé Máirt 22 Iúil Cumann Chluain Ard ( mar chuid de Scoil Mhic Reachtáin ) Kíla Emma Ní Fhíoruisce Bríd Ní hIcí & Micheal Danny Minnie Tuilleadh le fógairt CABARET CRAICEÁILTE i n GAOTH DOBHAIR ( mar chuid d’fhéile Loinneog Lúnasa ) Dé Sathairn 9 Lúnasa Na Casaidigh Na Bonnymen Lunatic Spoons Na Fá Dú Dás Tuilleadh le fógairt le tacaíocht ó Teach Sheáin Óig Biaar fáilgodtína9pm B I A & D E O C H Siopa Mhicí Gallaghers foodstore Ollmhargadh& Eischeadúnas DOIRÍBEAGA Seirbhís laethúil asTír Chonaill goBéalFeirste BUSANNA GALLAGHER C E O L , D A M H S A A G U S C R A I C ! 28.06.14 Dé Sathairn 9.30in Tigh Hiúdaí Bhig GAOTH DOBHAIR Aimsigh do Sprioc: Glac fógra le Goitse! Rátaí agus eolas ar fáil ó eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 www.goitse.org Sean-Nós i gcuimhne ar Éamoinn Ghráinne Síltear go mbeidh níos mó ná fiche amhránaithe san iomaíocht do Chorn Cuimhneacháin Éamoinn Ghráinne a bheas ar siúl in Óstán Loch Altan ar an Domhnach seo (29 Meitheamh) ag 8pm. Deis atá anseo cuid de na hamhránaithe is fearr sa chontae a chluinsint. Cuirfidh Patsy Dan, Daniel Cullen agus cairde clabhsúr leis an oíche le céilí mór. Tá ticéid ar fáil ón tSeanbheairic nó ag an doras ar oíche an chomórtais. Féile na Seanbheairice ag ceiliúradh nasc áitiúil le Myles na gCopaleen Tá Féile na Seanbheairice ar siúil an deireadh seachtaine seo ar an Fhál Charrach. I mbliana tá an fhéile ag ceiliúradh an nasc a bhí ag an údar cáiliúil Myles na gCopleen le Gort an Choirce. Seolfaidh an t-ealaíontóir, Micheál Ó Nualláin, deartháir le Brian Ó Nualláin/Flann O’Brien/Myles na gCopaleen féile na bliana seo san oíche amárach (28 Meitheamh). Mar chuid den cheiliúradh seo reachtálfar camchuairt ar rothar thart ar Ghort an Choirce ag tabhairt cuairt ar na láthair atá luaite le Myles na gCopaleen. Mar chuid den deireadh seachtaine beidh léamh ó shaothar an údair, léachtaí leis an Dr Nollaig Mac Congail agus Séamas Mac Annaidh; mar aon le Feis Ghaelach sa tSeanbheairic. I measc imeachtaí eile atá beartaithe don fhéile tá siúlóid sléibhe, ealaíon, coirmeacha ceoil, agus damhsa ar an sean-nós. Tá tuilleadh eolas faoin fhéile ar fáil ó Paddy sa tSeanbheairic ag 074 9180655 nó ón suíomh idirlín www.antseanbheairic.com Déanfaidh Féile na Seanbheairice ceiliúradh ar an nasc idir an scríbhneoir Brian Ó Nualláin (Myles na gCopaleen) agus Gort an Choirce. Edwina Guckian
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3