Duilleog, Cáisc 2018
Rinneadh ceiliúradh ar 30bl de Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ag an Éigse i mbliana. Thosaigh sé ar maidin Dé hAoine le bricfeasta mór sa Chrannóg. Ghlac baill den choiste agus an Crann Óg páirt i gclár Bharrscéalta ar Raidio na Gaeltachta ar 11.00. Bhí an foscladh oifigiúil san Acadamh an oíche sin le Mícheal Ó hEanaigh Príomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Diarmaid Ó Mordha Roinn na Gaeltachta agus Peadar Mac An Iomaire Iar Phríomh Fheidhmeannach ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Bhí lá na nóg ar siúl san Acadamh tráthnóna Dé Sathairn. Seo raiteas a fuair coiste an Chomharchumainn ó Shéamus Mac Giolla Chomhaill, Iar Stiúirthóir ar Roinn na Gaeltachta i dTír Chonaill i dtaca lena gCeiliúradh 30 Bliain. Is mian liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh libh agus 30 bliain de bhunadh Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair á cheiliúrú agaibh ag Éigse Uladh 2018. Is liosta le háireamh é an méid atá bainte amach agaibh thar na blianta, mar shampla, ceannach agus cóiriú na ceardscoile, bunadh na Crannóige, forbairt an ionaid ghnó, bunadh Acadamh na hOllcolaíochta Gaeilge, gan trácht ar éachtaí eile ar nós An Crann Óg. Bhí forbairt na teanga agus an chultúir mar an phríomh bhunchloch agaibh i gcónaí agus beidh an obair seo níos lárnaí ná ariamh mar gheall ar an ról ceannasach atá agaibh anois i ndáil leis an phleanáil teanga. Níl amhras ar bith ach gur eascair an rath agus bláth atá tagtha ar an Chomharchumann ón mhórfhís a bhí agaibh ón tús agus an obair mhór dheonach a bhí sibh sásta a dhéanamh le bhur bpleananna a thabhairt go ceann scríbe. Má bhí fís mhór agaibh, agus bhí, níor chlis ar bhur n-uchtach ariamh, in aineoinn na ndúshlán uilig a bhí le sárú agaibh ag amanna éagsúla i gcaitheamh na mblianta. Rath Dé ar bhur gcuid oibre i gcónaí Séamus Mac Giolla Chomhaill
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3