Goitse, Meán Fómhar 2010
10 Goιtse Meán Fómhair 2010 Ar an trá fholamh Tá capaill rása mo shamhlaíochta Ag éalú uaim. Siúd iad ag sodar ar bharr na dtonn ‘s mise ar bhruach an chladaigh, Ag súil lena nglórtha ar an ghaoth. Ach ní chluinim ach fuaim na mara ‘s ní eicim ach scáthchruth na Mic Ua gCorra ag bun na spéire idir mé ‘s an léas. Iarraim achainí ar an mhaighdean mhara Na capaill a cheapadh ‘s a thabhairt ar ais Nuair a bhuaileann macalla bun na mbeann, tiontaím, ag súil go bhfeicfinn iad Ag teacht ar chos in airde i m’airicis, A moingeanna ag séideadh sa ghaoth, Ach níl ann ach scaoth d’aoileáin gheala ag screadaí go huaigneach os mo chionn. Nuair a chasann an taoide, tugaim m’aghaidh ar an bhaile suas an seanbhealach fríd Mhachaire Chlochair Go bruach abhainn na Cláidí ‘s mé ‘guí go mbeidh na capaill úd sa bhaile romham. Máire Wren Cabaret leictreach: Cristín Nic Ruairí, Toraigh, agus Doimnic Mac Giolla Bhríde, An Charraic, ag baint suilt as an Chabaret Craiceáilte a reáchtáladh sa Phuball Gaelach ag féile an Electric Picnic ar na mallaibh. Fáiltíonn Goitse roimh scéalta nuachta, grianghraif agus scríbhneoireacht chruthaitheach ón phobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag goitsenuacht@gmail.com
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3