Goitse, Meán Fómhar 2010

Ar an blag dearnach bhí scealtaí agam faoi bainbh úra ag teacht ar an tsaol, scéalta maithe, ach le scealtai maithe ar an eirm, bionn scéaltai brónacha fosta. An Samhain seo caite cheannaigh muid searrach beag ceithre mhí d’aois, ní raibh máthair s’aicí ag amharc ina diaidh go ró- mhaith agus mar sin glac mé trua uirthi agus cheannaigh muid í, cé nach raibh go leor spáis againn fá choinne capaill eile. Ach ar an droch uair fuair sí cic ó cheann de na beathai eile. Cé go raibh sin olc, duirt an treadlaithe le ham, go mbeadh sí go breá, ach ansin fuair sí greamaithe suas in éadan an bhalla sa stábla agus ghortaigh sí an chos eile, bheul ansin bhi agam m’intinn a dheanamh suas le í a chuir síos, í a chuir ina codladh, mar bhí sí ina luí agus ní raibh sí ábalta éirí. Bhris sé mo chroí, agus tá a ios agam duine ar bith amuigh ansin a chuir madadh nó cat nó peata ar bith eile ina chodladh, go mbeidh a ios acu caidé a bhfuil sé cosúil leis. Ach sin an saol, go speisialta ar an eirm. Bás ar taobh amahin agus breith ar an taobh eile, bhí beirt banbh ag Mama Sue, muc den déanamh Saddleback, bhi cúig- ear eile aicí ach tháinig said ar an tsaol marbh, droch scéal duinne mar tá muid ag breith ar na bainbh fá choinne airgead a thabhairt isteach le díol ar son bia agus gach rud eile. Ach tá saol ar an feirm cosuil leis an arraige, tig na tonnta isteach agus téann said amach aris. Agus ansin bhi cúigear banbh ag Roisin an mhuc den déanamh Tamworth mar sin tá an teach lán. Faoi láthair tá chóir a bheith fiche muc againn, idir bainbh agus cráin, téann muid frid mala iomlán bia gach lá, gan a bheith caint ar bhia fá choinne an eanlaith uilig, na gabhair agus na beathai. Sin an fáth gur droch scéala é nuair nach mbionn breith mhaith ag cráin, ach gan mhioll beidh muid ag diol léir de na bainbh den déanamh Tamworth agus na bainbh eile. Ach tá an polytunnel lán de ghlasrai, agus tá muid á usaid gach lá fá choinne lóin agus dinnéir, agus sábhálann sin cuid mhór airgid dúinn. Nil a dhath chomh deas le gabhail amach agus roinnt glasrai agus luibheanna a phiocadh, uibh- eacha ó na cearca agus cáis ó na gabhar a úsáid fá choinne béile blasta a dhéanamh. Tá mé ag déanamh a leir aráin le tamall fosta agus caithfidh mé a rá go bhfiul sé iontach furast a dhéanamh, mar le tamall tá mé ag léamh léir scéalta faoi an arán a cheanaíonn muid sna siopai agus na rudai a chuir- eann siad isteach i mbollóg aráin le é a choinneáil úr ar feadh seachtaine nó nios mó. Is maith an rud é go bhfuil mé ar laetha saoire mar tá mé 'flat out' ag déanamh seantaí agus pickles, agus ag sábháil an ómhair - glasraí a thógann muid achan chupla lá. Ta stór mór againn anois de phónairí agus de ghlasrai eile leasaithe ar a léir mór dóigheanna. Ar an droch uair is cosúil go bhfuil meath ar na pratai, d’aithin muid go raibh na duilleoga ag éirí donn agus sin comhartha amháin go bhfuil an meath ag fáil greim orthu, mar nach bhfuil muid ag iarraidh ceimicí ar bith a chur ar chuid bia s'againn, ghearr muid na gais ag déanamh go cuirfidh seo smacht ar an aicid. Ach nior obair seo agus faoi láthair tá muid ag togail na bprátai uilig agus á dtroimu fá choinne iad a chur isteach i málaí. Tá súil againn go n’obraíonn seo mar má chaileann muid na prátaí i mbiaina, sin cailliúint mhor. Ach d’oghlaim muid agus amach as seo tá cinneadh déanta againn le 'blight resistant potatoes' a cheannacht isteach an bhliain seo chugainn fá choinne pór prátai. Leis an oiread seo glasrai a bheith fásta, caithfidh muid a léir ama a chaitheamh ag obair ar an talamh. Bíonn a leir peisteanna gnóthach an t-am seo den bhliain ag cuartú 'fómhar' s'acu féin, agus leis an aimsear seo tá a léir peisteanna beaga amuigh le málaí siopa- doireachta ag cuartú Tesco no Aldi s'againne frid na páirc- eanna.Mar a dúirt mé, nil muid ag iarraidh spraeanna nó ceimicí a chur ar ár gcuid bia agus mar sin tuigeann muid go mbíonn se deacair na peist- eanna seo a choinneáil ar shiúl. Bíonn na cearca agus na lachain maith mar arm beag in éadan na pesiteanna seo, tá an péist cháil mar a gourmet dinn- éar do na cearca agus is maith leo a bheith ag siúl frid an cál ag ithe iad. Tá na lachann maith fa choinne na drúchtíní fosta. An tUisceadóir Eanáir 21 - Feabhra 19 Níl mórán níos measa chun déistin agus corraí a chur ar dhuine ná nuair a ghreamaínn píosa de ghuma coganta da éadach. Ná caill an ráig má tharlaionn seo duitsa agus úsáid oighir le do chulaith a chlanadh. An tIasc Feabhra 20 - Márta 20 Tiocfaidh mion athrú beag bideach ar do mheon amach anseo. Tá seans go mbeidh an tionchar da bharr suntasach go maith; ar chúrsaí áirithe i do shaol cíbe. An Reithe Márta 21 - Aibreán 20 Tá rogha romhat. Clacadh le roinnt cruatan anois agus seal solais a bheith agat níos moille nó ceachtar ach saol measartha ar feidh tréimse; an gnáth rud, gan buaic nó nadir. An Tarbh Aibreán 21 - Bealtaine 21 Níl ach rud amháin ar d intinn na laetha seo. Agus leis an samhradh ag sleanamh isteach san fhómhair tá brú ama curtha ort. Bain usaid as gach deis a thagann romhat. An Cúpla Bealtaine 22 - Meitheamh 21 Is dóiche ná thug tú féin faoi deara ach le gairid tá an méid de drochbheasaí atá agat ag ardú. Níl gá le comhairle anseo. An Portán Meitheamh 22 - Iúil 22 An crá agus an gruaim! Ní hí ‘la dolce vita’ atá amach romhatsa, a phortáin. Is ort féin atá an locht, afach. Nach i do lámhsa atá an stiúir. An Leon Iúil 23 - Lúnasa 23 An mhí seo, má chaitheann tú do chuid maoine féin ar phleisiúr do chomradaithe, sin airgead deá-chaite. Ach bí eolach cé hiad na fíor chaired. An Mhaighdean Lúnasa 24 - Meán Fómhair 22 Caseoidh tú le duine nach fhaca tú le fada an lá. Seo duine a shíl tú nach bhfeicfá arís chóiche. Thánaig athrú ar dhuine agaibh áfach. An cheist: an tusa atá iompaithe. An Mheá Meán Fómhair 23 - Deir. Fómhair 23 Seachain an cabhsa tromchosaithe; bíonn sé lán de phoill. Téigh ar an bealach neamhchoiteanta, nó, níos fearr arís, fág na bóithre go hiomlán is imigh ar fánaíocht ar do chúrsa féin. An Scairp Deireadh Fómhair 24 - Samhain 22 An bhfuil locht ar do chóras? Roimh deireadh na míosa tiocfaidh modh oibre ceart chugat i mbrionglóid. Bí réidh chun é a chur i bhfeidhm láithreach. An Saighdeoir Samhain 23 - Nollaig 21 N’fheadar conas a ní tú é seo ach tá an bua agat gach míbhuntaiste a iompú ina sórud. B’fheidir gur choir duit do chleas a mhúiniú don Phortán. An Gabhar Nollaig 22 - Eanáir 20 Tiocfaidh cara chugat ag nochtadh mór-rún da gcuid leat. An tusa an pearsa cuí le cur ar an eolas rúnda seo. Coinnigh cuimhne nach scéal ruin é ó tá a fhios ag triúr é. Sna Réalta Bíonn scéalta brónacha agus dea-scéalta mar chuid de ghnáthshaol an fheirmeora mar a mhíníonn Bee na mBuatais i mblag na míosa seo. Blag namBuataısí Is maith an t-anlann maonáis baile! Rud amahain faoi fomhair maith bia seo ná eireoínn tu millteanach airgtheach ar an dóigh a mbionn tu ag cócaireacht glasraí, tá a léir cúirséaid againn agus le seo tá anraith, subh, fritters, pickles agus seatnaí déanta de na glasraí beag ilúsáid- eacha seo, gan a bheith caint ar na cúirseaid níos mó a lionadh le feoil agus barr anlánn cháis a chuir orthu. Tá a léir duilleoga sailéid againn fosta agus is deas an rud do chuid maonáis a dheanamh as do chuid uibheacha, gairleog agus luibh- eanna féin. Bíonn daoine ag deanamh go bhfuil maonáis deacair a dhéanamh ach níl; an t-aon rud ná caithfidh tú do am a glacadh an ola a doirteadh isteach. Seo an t-oideas má tá suim agat do chuid fhéin a dhéanamh agus inseoidh mé seo duit, nuair a bhlaisfidh tú do chuid féin beidh sé deacair dul ar ais go dti maonáis an tsiopa. Fa choinne leath pionta maonáis a dhéanamh: Dhá buíochán ubh rudai organach no saor raoin Ceathrú (¼) taespúnóg de mhustart na Fraince Ceathrú (¼) taespúnóg salainn Dhá thaespúnóg fínéagar fíon bán 175ml ola lus na gréine 50ml ola olóige Cuir na buíocháin isteach i mbabhla leis an mhustart, salainn agus an fínéagar fíon ban. Tomhais an ola isteach i crúiscín. Ansin sa bhabhla greadtar iad le cheile agus GO MALL lig isteach sileán beag den ola isteach giota ar ghiota agus gan mhoill tchífidh tú go bhfuil an meascú ag éirí tiubh, coinnigh ag doirteadh an ola isteach comh mall, ná bí ag déanamh go dtig leat an ola a chur isteach gasta mar scoilteann sé seo an t-anlann agus bíonn do chuid maonáis gan usaid. Níl na buíocháin ábalta ola a glachadh isteach ach go mall, mar sin glac do am. Coinnigh ar aghaidh mar seo go dti go mbíonn an ola uilig buailte isteach sa bhabhla agat, blas an maonáis agus cuir isteach tuilleadh salainn no fínéagar má shíleann tú go bfuil sé de dhith ar an mhaonáis. Nuair atá sé déanta agat thig leat gairleog nó luibheanna no púdar curia a chuir isteach fríd, nó rud ar bith eile ata tú ag iarraidh, is leatsa an maonáis agus mar sin cuir do stampa fhéin air. Mar a duirt mé tá sé furast a dhéanamh, go speisialta má úsáideann tú próiseálaí bia. Glac do am, tchfidh tu difríocht mhilteannach idir an dath atá ar do chuid maonáis fhein (buí galánta) agus an cheann a cheanaíonn tu sa tsiopa (bán). –Bee na mBuatais Is breá leis an phéist cháil glasraí na feirme ach déanann na cearca agus lachain a ndinnéar gourmet féin de na péiste céanna. Meán Fómhair 2010 Goιtse 11

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3