Goitse, Meán Fómhar 2010

Imeachtaí Shóisialta Céiliúradh don tAthair Mac Suibhne Beidh Bronnadh agus oíche Cheiliúrtha in onóir don Ath. Mac Suibhne ar siúl 17ú Mean Fomhair @ 9 p.m. in Ostan Ghaoth Dobhair. Fáilte romhaibh uilig. Scannán Beidh an scannán Growing Together ar taispeáint i Halla Anagaire Dé hAoine 17 Meán Fómhair. Tá an scannán faoin ghairneoireacht agus faoi phobail inbhuanaithe. Seo seans ag duine ar bith a bhfuil suim acu ina gcuid glasraí féin a fhás agus a bpobal a choinneáil ag gabháil scannán a fheiceáil agus éisteacht le saineolaithe as an tír seo agus as thar lear ag caint ar na tograí éagsúla ata ag tarlú ar fud na cruinne. Tá an oíche saor in aisce agus beidh bia agus ceol ar fáil i ndiaidh an scannáin. Tuilleadh eolais ó Mhícheál Cholm Mac Giolla Easbuig (0868845476) Cúrsaí Cúrsa Gaeilge Beidh Cúrsa Gaeilge TEG ( Teastas Eorpach na Gaeilge) á reáchtáil ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ar feadh 20 seachtaine ag toiseacht ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Ranganna Damhsa Gaelach Dé Luain 6.00 i.n, Yoga Ashtanga Dé Luain 6.45 i.n. Ranganna Giotáir ag toiseacht Dé Luain 13 Meán Fómhair 6.00 i.n. Fit Kidz ag toiseacht arís Dé Céadaoin 15 Meán Fómhair 6p.m. Eolas: Máire ag 074 9532949 nó ionadnp@eircom.net Ionad Naomh Pádraig – www.ionadnp.ie Ranganna Uirlisí Ceoil ag toiseacht sa Chrannóg 20 Meán Fómhair. Tuilleadh Eolais: (074) 9532208 De Dhíth Teach (le ½ - 1 acra talaimh) sna Rosa, i nGaoth Dobhair nó i gCloich Cheannfhaola, le ceannacht go príobháideach. Caith dh seirbhísí uisce, leictreachais agus bealach a bheith ann. Déan teagmháil le Deirdre ar 00447969759657 . Ar Díol Díthaisire (dehumidi er). Ag oibriú go maith. Ar díol ar an phraghas is fearr a thig linn fáil. Glaoigh 0868476862 Meán Fómhair 2010 Goιtse 13 Busanna Uí Ghallchóir Patrick Gallagher Coaches Seirbhís laethúil idir Anagaire agus Béal Feirste info@gallagherscoaches.com 00353 (0)74 9531107 00353 (0) 87 2330888 / 2245848 Fax: 00353 (0)74 9532873 www.gallagherscoaches.com “ Lawns ” adúirt Micí Bheil Fheidhlimidh lá, nuair a bhí mé ag tabhairt siob ’na bhaile dó fríd Rann na Feirste. Ba leor an focal sin le h-inse nár mhó ná sásta a bhí Micí Bheil leis an chor a ghlac an saol. “Tá caoirigh againne le sin a dhéanamh, Granny”, adúirt m’iníon in aois a trí bliana, ag amharc ar mo mháthair ag cur allais ag sodar thar lawn i ndiaidh meaisín bearrtha. Bhuel, nach ait an mac an tsaol. Tá mise i mo mháthair mhór anois, ag caitheamh ama, airgid agus allais ag coinneáil lawn : an t-aer á thruailliú le peitreal, an t-uisce le nítróigéin ón leas, agus ciúnas an tráthnóna réabtha ag trup an mheaisín.Agus — ’sé mo mhór- urchóir é — ní túisce do bhláthanna bheaga a ás fríd an éar nó tá siad bainte — nóiníní, léinte mhuire, caisearbháin, oircidí, cuid acu atá ag imeacht de thalamh an domhain, an bainne bó bleachtnáin eatartha, agus nach mbeidh a leithéidí arís ann. Níos measa fós, bíonn nimh á chaitheamh ar na lawns, le lustram agus feadhacha a mharú. Agus caidé a dhéantar leis an éar costasach seo nuair atá sé bainte, ach é a chaitheamh sa díog le lóbhadh. Ní bheathaíonn sé ainmhí ná ní leasaíonn sé talamh. Ábhar machnaimh inniu, nuair atá muid san áit a bhfuil muid de thairbhe cur amú. ’Sé is mó a smaointím orthu, 'sé is lú feidhm a eicim leo.Ar a laghad go dtí seo thug siad obair olláin amuigh faoin spéir do ghlún atá ró-thugtha don tolg agus don teilifís. Ach anois tá na lawns ag éirí níos mó agus níos mó, agus tá daoine ag marcaíocht thart ar tharrthóirí beaga le iad a bhearradh. Táthar ag athrú an tír-dhreach fosta leis an raidhse JCBs atá ’na luí thart díomhaoin: an t-ard á leagan agus an lug á líonadh le spás comh leamh le bratóg níocháin a chruthú. Cad as a fuair muid an faisean seo, in ainm dé? Bhí mé ar saoire ar oileán beag le gairid, áit nach raibh lawn le feiceáil nó solas sráide buí, ach caoirigh ar innilt ins na garrantaí agus ar an chaoráin, agus dorchadas beannaithe san oíche. Chuala mé faobhar á chur ar speal le cloch: Binn an uaim San Earrach thiar , mar adúirt Ó Direáin agus é ag croithniú saol na tuaithe; agus rith sé chugam nach saol tuaithe atá againn anseo níos mó ná sna fo-chathracha i mBaile Átha Cliath lena ‘scorched suburban grass’ (cur- síos de chuid omas Kinsella) Sa lóistín ’na raibh mé bíonn siad ag blí caorach, den chineál Texel, sílim, agus bhí a mbainne siúd agus an iógurt agus an cháis a rinne siad as níos séimhe agus níos blasta ná cuid na mbó, nó rud ar bith a cheannófá i siopa, agus bhí na glasraí uilig ann díreach óna ngarrántaí. D’ ág mé an t-oileán le fís: cúpla caorach ar innilt ar mo lawn , a mbainne i mo chuid tae, an iógurt ar mo bhrachán agus an cháis ar mo chuid aráin, agus an lá ann go ndéarfainn le daoine ag obair ar a lawns : “Tá caoirigh agam le sin a dhéanamh”. Nóra Chit An Naoscach le Nóra Chit Caoirigh Texel: gearrfaidh siad an lawn agus cuir dh siad bainne, iógart agus cáis ar an tábla! FÓGRAÍ POBAIL goitsenuacht@gmail .com Más mian leat seaneagráin de Ghoitse a cheannacht déan teagmháil le goitsenuacht@gmail.com

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3