Goitse, Meán Fómhar 2010
Eagarfhocal Caithfear éisteacht le Guth na Gaeltachta Tig am i saol achan duine agus caithfidh tú rogha tábhachtach a dhéanamh. Go minic, amharcann daoine siar ar roghanna a rinne siad nuair a bhí siad faoi bhrú agus bíonn díomá orthu agus fios acu dá mbeadh an rogha le déanamh arís acu, gur a mhalairt a dhéanfadh siad. Déarfaidh na saineolaithe leat gurb é an rud a ba chóir do dhaoine déanamh nuair a tá rogha mar sin le déanamh ná suí siar ar feadh tamaill agus féacháil leis na himpleachtaí fadtéarmacha uilig a oibriú amach. Tá ciall leis sin, ar ndóigh. Má dhéanann tú rogha gan na fíricí uilig a bheith agat, tiocfaidh rud inteacht aniar aduaidh ort níos moille agus beidh brón ort. Sin an fáth go bhfuil tábhacht ar leith leis an eachtas atá ar bun ag Guth na Gaeltachta fá láthair. Níl dabht ar bith ann ach go bhfuil brú fiánta ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht. De réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sna Gaeltachtaí, ní bheidh sa Ghaeilge ach mionteanga sna ceantracha Gaeltachta taobh istigh de 15 bliana muna ndéantar rudaí práinneacha le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa Ghaeltacht. Sin rogha tábhachtach atá déanta ag na teaghlaigh sin agus, gan iad, ní bheadh Gaeltacht ann. Chuir an Dáil Comhchoiste ar bun leis an cheist seo agus an straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a phlé agus ghlac siad le cuid mhaith de na moltaí a rinne an Staidéar Cuimsitheach. Ach tá tuarascáil eile á scrúdú ag an rialtas. De réir uarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitil 2010-2016, beidh laghdú 71.4% ar chaiteachas Roinn na Gaeltachta agus beidh maolú ar dhualgaisí Údarás na Gaeltachta. Tá an dá thuarascáil ag teacht salach ar a chéile agus tá rogha le déanamh ag an rialtas. Ar ndóigh, deir siad gur sin an fáth go bhfuil an rialtas ann – le cinneadh deacair mar sin a dhéanamh. Mar sin féin, tá sé deacair bheith dóchasach go ndéanfaidh siad an rogha ceart an t-am seo. Go dtí seo, bhí siad sásta airgead a thabhairt do na bainc, go háirithe Anglo Irish, am ar bith a d’iarr siad é agus ag an am céanna ag inse dúinn nach mbeadh na seirbhísí céanna againn agus ag cur tobhach pinsin ar na státseirbhísigh. Bhí ag muintir na contae seo dul amach ar shráideanna Leitir Ceanainn ina mílte le teachtaireacht a thabhairt don rialtas nach raibh muid sásta leis na ciorruithe atá beartaithe sna seirbhísí sláinte. Beidh le feiceáil ar éirigh leis an eachtas sin ach tá sé soiléir go bhfuil gá le feachtas le brú a chur ar an rialtas an rogha ceart a dhéanamh nuair a phléann siad an Ghaeltacht ag cruinnithe comh-aireachta i dTeach Laighean. Mar tá rud amháin cinnte; má dhéanann siad an rogha contráilte, níl gabháil siar ar bith air. Goitse bomaite! 4 Goιtse Meán Fómhair 2010 Tá fáilte romhaibh ar ais chuig leathanaigh Goitse. Mar a tchídh tú, d’athruigh muid rudaí le linn sos an tsamhraidh. Tá an nuachtán ar fáil saor in aisce anois. Dá thairbhe sin, beidh Goitse anois ar fáil in áiteacha eile seachas siopaí. Beidh muid ag iarraidh é a chur isteach in Ionaid Phobail, ag na dochtúirí, fríd caiféanna agus áit ar bith ina mbíonn daoine ag iarraidh páipéar nuachta a léamh. Tá muid ag déanamh seo le léitheoireacht níos leithne a mhealladh chuig an pháipéar. Ar an drochuair, caithfidh muid costaisí síntiúis a ghearradh go fóill ar na daoine a gheibh Goitse fríd an phost. Chomh maith leis sin, tabhar- faidh sibh fá deara go bhfuil fógraí rangaithe ar fáil anois sa pháipéar. Beidh siad sin ar fáil saor in aisce do dhaoine aonair a bhfuil rud inteacht le díol nó seirbhís bheag le tairscint agus beidh praghas réasúnta ar fáil fá choinne fógraí ó ghnónna fosta sa rannóg sin. Níl le déanamh agat ach ríomhphost a chur chuig goitsenuacht@gmail.com. Tá muid iontach buíoch daoibhse, na léitheoirí agus do na daoine a thug tacaíocht dúinn le fógraí agus cuidiú eile thar an tréimhse seo. Choinnigh sibh ag gabháil muid. “Ní bheidh sa Ghaeilge ach mionteanga sna ceantracha Gaeltachta taobh istigh de 15 bliain muna ndéanfar rudaí práinneacha le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa Ghaeltacht.” goitsenuacht@gmail.com Naíonáin bheaga, Scoil Phádraig, Dobhar, lena máistreás Eileen Nic Suibhne Naíonáin bheaga, Scoil Chaiseal na gCorr Naíonáin bheaga, Scoil Oilbhéir Pluincéid, Rann na Feirste “Ó is maith liom dul ar scoil . . .” Fáiltíonn Goitse roimh scéalta nuachta agus grianghraif ón phobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag goitsenuacht@gmail.com
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3