Goitse, Meán Fómhar 2010

6 Goιtse Meán Fómhair 2010 Glac síntıús poist le Goιtse 12 eagráin seolta chugat sa phost ar €40 Tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chugainn ag goitsenuacht@gmail.com Ó stáitse Ghaoth Dobhair go sráidbhaile Ros na Rún Bríd Anna Ní Bhaoill ————————————— Bhí ceithre seachtainí iontacha ag na páistí uilig a ghlac páirt i gcampaí samhraidh Chlub Óige Rann na Feirsde ón 5ú Iúil go dti an 13 Lúnasa in Áislann Rann na Feirsde. D’éirigh thar barr leis na campaí samhraidh. Bhí páistí ó ar fud na Rosann, Gaoth Dobhair, Carn Tochar i nDoire, An Cabhán, Ard Mhacha is Glaschú na hAlban i láthair. Bhí na imeachtaí déanta trí mheán na Gaeilge. Bhí 130 páiste páirteach thar na ceithre seachtainí. Bhí na campaí á stiúradh ag BrídAnna Ní Bhaoill, Nóirín Ní Dhoch- artaigh agus Fiona Nic Ghairbheith. Tá na stiurthóirí fíor-bhuíoch do achan duine a chuidigh leo agus do choiste Áislann Rann na Feirsde mar bhí áit ar dóigh acu leis na campaí a eagrú. Rinneadh go leor thar na ceithre seachtainí: spórt, ceol, damhsa, cluichí, siúlóidí agus drámaíochta. Cuireadh críoch leis na campaí ar 13 Lúnasa le cóisir mhór agus cóiriú bréige. Chuir na páistí dráma galánta ar an ardán chomh maith. Bhí aoi speisialta i láthair an lá sin, Méara na Rosann 2010 Seán mac Ruairí. Bhronn sé na duaiseanna ar na páistí. Ba seo an chéad ócáid oifigiúil ag Seán agus tá club Óige Rann na Feirsde fíor-bhuíoch dó agus do gach duine a chuidigh ar dhóigh amháin na ar dhóigh eile. Céad ócáid oifigiúil an Mhéara: Is é Méara na Rosann Seán Mac Ruairí a bhronn duaiseanna ar pháistí Champa Samhraidh Rann na Feirste. Ag tabhairt lámh chúnta don Mhéara sa ghrianghraf thuas tá Nóirín Ní Dhochartaigh agus Caitlín Nóra Frank, beirt de na stiúrthóirí ar an Champa Samhraidh. Campaí Samhraidh Rann na Feirste Nuair a tháinig an liotúirge úr isteach san Eaglais Chaitlic- each, shíl daoine go mbeadh deireadh leis na seanphaid- reacha dúchasacha a bhíodh ag na Gaeil. Sin, ar ndóigh, an rud a tharla, ach tá dlúthdhiosca úr le teacht amach roimh dheireadh na bliana a choinneoidh na seanphaidreacha i gcuimhne na ndaoine. Tá Bríd Anna Ní Bhaoill as Rann na Feirste ag ullmhú an dlúthdhiosca i gcomhar le Conchúr Ó hAirle agus foir- eann Raidió na Gaeltachta ar an Screabán le tamall anuas agus dúirt sí le Goitse go raibh siad ag súil le é bheith críoch-naithe roimh dheireadh na bliana. Beidh 58 píosa ar an dlúthdhiosca ach ní paidreacha uilig a bheas air. Beidh roinnt filíochta agus scéalta beaga le cluinstin fosta. Rachaidh brabach ar bith ón dlúthdhiosca chuig Club Óige agus Áislann Rann na Feirste agus tá Bríd Anna ag súil go mbeidh an láinseáil oifigiúil i Rann na Feirste i mí na Nollag. Tá páirt sa tsobaldhráma Ros na Rún ar TG4 bainte amach ag girseach as Gaoth Dobhair. Beidh Brídín Ní Mhaoldomhnaigh ag toiseacht ina ról mar Katy Brídín, iníon le John Joe Daly. Bhí comórtas ag na léiritheoirí don pháirt níos luaithe i mbliana agus fuair na haisteoirí cuidiú do na héisteachtaí ó Gavin Ó Fearraigh, a raibh páirt aige ar feadh tréimhse fada sa chlár céanna. Dúirt Brídín, a bhfuil tréan taithí aici ar an ardán le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, go bhfuil lúcháir uirthi go bhfuair sí an phairt agus go bhfuil sí ag súil go mór le toiseacht ar an chéad shraith eile de Ros na Rún nuair a thig siad ar ais le chéile le dul i mbun taifeadadh an mhí seo chugainn. Ta páirt John Joe ag Niall Mac Eachmharcaigh as Rann na Feirste agus ta Brídín ag súil go mór le bheith ag obair leis ar an chlár. Ach ní seo an chéad uair a bhí Brídín ar an teilifís. Beidh glór s’aici le cluinstin ar chlár úr ar Mháire an Chlocháin Leith a rinne Scannáin Lugh agus a bheas ar TG4 an mhí seo. Ní amháin go bhfuil Brídín ag toiseacht ar an tsraith an mhí seo chugainn, ach beidh sí ag cur tús le cúrsa staidéir fá choinne céim i Léann Amharclainne in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Deir Brídín go bhfuil sí ag brionglóidigh air seo ó bhí sí ceithre bhliain d’aois agus go bhfuil sé deacair aici go fóill creidbheáil go bhfuil an pháirt aici. Chomh maith leis an aisteoireacht, bíonn Brídín ag bualadh ceoil leis an ghrúpa An Crann Óg agus ag scríobh. Seanphaidreacha dúchasacha le heisiúnt ar dhlúthdhiosca Brídín Ní Mhaoldomhnaigh ag toiseacht ina ról mar Katy Brídín sa tsraith úr den sobaldhráma Ros na Rún

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3