Goitse, Meán Fómhar 2010
Meán Fómhair 2010 Goιtse 7 Thionóil Guth na Gaeltachta fóram poiblí ar na mallaibh sa Chrannóg i nGaoth Dobhair le plé agus díospóireacht a spreagadh fan dá thuarascáil mhór a foilsíodh le déanaí a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha acu do thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bhí thart fá dhá scór duine í láthair ag an chruinniú, ionadaithe ó ghrú- paí éagsúla pobail ó cheantair Ghaeltachta Thír Chonaill, na meáin, an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh, ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus daoine aonair eile a bhí ag iarraidh a bheith ar an eolas faoi phríomhphointí na dtuarascálacha. Bhí ardmholadh ag a raibh i láthair don tuarascáil a d’oilsigh an comhchoiste Oireachtais maidir leis an straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is léir gur éist siad go cúramach le tuairimí na bpobail Ghaeltachta agus gur ghlac siad leis na moltaí a cuireadh chun tosaigh. Tá 39 moladh ar fad sa tuarascáil agus áthas ar Ghuth na Gaeltachta gur glacadh leis na príomh-mholtaí a chuir siad féin san aighneacht a cuireadh i láthair an chomhchoiste. Siad sin: 1. Géarchéim inmharthan- achta na Gaeltachta a aithint sa Straitéis agus Spriocanna ar leith do mhéadú ar líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht a aithint agus a chur i bhfeidhm. 2. Forbairt gheilleagair agus bhonneagair na Gaeltachta a ágáil mar phríomh- chúram ag Údarás na Gaeltachta/na Gaeilge nua. 3. An Chomhairle um Oid- eachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a athbhunú mar fhoras reachtúil agus iad a chur i mbun polasaithe oideachais don Ghaeltacht agus do Ghaelscoileanna. 4. Polasaí náisiúnta a chos- nóidh agus a leathnóidh an tumoideachas i naíonraí agus i mbun- scoileanna sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaelt- acht a chur i bhfeidhm. 5. Dearbhú a chur sa Straitéis nach mbainfidh polasaí dátheangachais leis an nGaeltacht agus nach gcuirfear i bhfeidhm sa Ghaeltacht é. 6. Dearbhú a chur sa Straitéis go mbeidh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh lonnaithe i ngach mórphobal Gaeltachta. Rachaidh an dréacht seo den straitéis os comhair na Dála agus an Seanad í mí Mheán Fómhair. A mhalairt ar fad d’áilte a fuair an dara thuarascáil a pléadh. Cháin a raibh i láthair Tuarascáil na Roinne Airgidis ar Chaiteachas Caiptil 2010- 2016 maidir leis an maoiniú atá leagtha síos don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. (Féach tábla) Go bunúsach tá laghdú de 71.4% beartaithe do chaiteachas caipitil na roinne agus is doiligh a eiceáil cén dóigh a dtiocfadh le rannóg rialtais ar bith gníomhú go praicticiúl le maoiniú chomh híseal sin. Caithfear a thabhairt san áireamh fosta gur 26.4% an meán laghdú atá beartaithe do na rannóga rialtais eile thar an tréimhse seo agus go bhfuil ciorradh mór déanta cheana féin ar bhuiséad na Roinne ó 2008 ( € 149m go € 105m) laghdú de 29.5%. Tá sé soiléir mar sin go bhfuil buile thubaisteach i ndán don Ghaeltacht agus don Ghaeilge má chlaoitear le plean caiteachais na Roinne Airgeadais. Ní eadfaí an straitéis fiche bliain a chur i bhfeidhm leis an sórt seo maoiniú agus is féidir a rá go mbeadh deireadh go praicticiúil le hÚdarás na Gaeltachta agus le Roinn na Gaeltachta. Tá seo ag teacht salach go hiomlán ar an ról lárnach atá molta sa straitéis don Údarás le breis cúramaí agus freagrachtaí beartaithe. Tá sé ráite sa tuarascáil seo go mbeadh maoiniú ar fáil do thograí áirithe sna ceantair- eacha Gaeltachta ach go láimhseálfar an phróiséas maoinithe ag an rannóg a pléann le príomh- ghníomhaíocht an togra. Ciallaíonn seo mar shampla dá mbeifí ag iarraidh ionad cúram seandaoine a thógáil i gceantar Gaeltachta go gcaithfidh dul fríd an Roinn Sláinte in áit déileáil leis an Roinn Gnóthaí Pobail Comh- ionnanais agus Gaeltachta. D’aontaigh a raibh i láthair gur céim iontach chun cúil a bheadh anseo mar go bhfuil taithí agus eolas ag an Roinn Gaeltachta ar riachtanais ar leith na Gaeltachta ó bheith ag déileáil le cúrsaí Gaeltachta le cúpla scór bliana. Glacadh leis go bhfuil an tír i ndrochstaid eacnamaíochta agus nach féidir a shéanadh go gcaithfear ciorruithe a bheith ann ach tá na figiúirí atá leagtha síos míchothrom agus gan chiall. Tuarann an Staidéar Cuimsítheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sna Gaeltachtaí nach bhfuil ach 15 bliana nó scór bliana de shaolré fágtha ag an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh. Dá bhrí sin ní thig linn fanacht go dtiocfaidh biseach ar chúrsaí eacnamaíochta má tá sé beartaithe an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a shlánú. Caithfear moltaí na straitéise a chuir i bhfeidhm ina n-iomlán agus gan aon mhoill. Tá seans ann nach bhfuil tuarascáil na Roinne Airgeadais pléite mar is ceart ag an rialtas go háirithe maidir le dáiliú an maoiniú caiteachais ar na rannóga áirithe. Seachtain sular fógraíodh í, bhí brú iontach á chuir ar rialtas na tíre seo ó Bhanc Cheannais na hEorpa agus ó na margaí airgeadais, a thaispeáint go soiléir cén plean a bhí acu le smacht a chuir ar iacha na tíre agus an t-easnamh buiséad a laghdú ó 16% go dtí 4% de GDP roimh 2016, mar atá dlite do gach tír sa Chomhphobal Eorpach. Más fíor ní bheidh athrú ar bith ar an bhfigiúr iomlán caiteachais ach d’éadfaí athruithe a dhéanamh ar an dóigh a dháileofar an chiste. Cíbe is amhlaidh tá sé tábhactach anois brú a chur ar an rialtas le cinntiú go mbeidh cúrsaí Gaeltachta go huile agus go hiomlán faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Pobail Comh- ionnanais agus Gaeltachta agus go mbeidh an maoiniú ceart ar fáil le moltaí na straitéise a chur i bhfeidhm. Caithfear moladh mór a thabhairt don chomhchoiste a chuir moltaí den scoth ar aghaidh don dréacht deireanach den straitéis agus tacaíocht a thabhairt dóibh nuair a phléitear í os comhair na Dála agus sa Seanad gan mhoill. Ábhair dóchais an litir a sheol an tAire Éamon Ó Cuív mar reagra ar litir oscailte Dhonncha Uí Éallaithe i bh Foinse inar scríobh sé “ Beidh an rialtas ag plé moltaí an chomhchoiste Oireachtais i leith na straitéise san Fhómhar agus ansin déanfar cinneadh maidir leis an maoiniú a theastóidh leis an straitéis a chur i bhfeidhm — maoiniú Údarás na Gaeltachta san áireamh. Tiocfaidh an maoiniú ón státchiste ”. Tá sé ar intinn ag Guth na Gaeltachta brú a choinneáil ar na polaiteoraí lena chinntiú go mbeidh sin amhlaidh agus tá siad ag iarraidh ar ghrúpaí pobail eile agus an pobal go ginearálta an rud céanna a dhéanamh. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar fheachtas Ghuth na Gaeltachta ag an suíomh idirlín www.guthnag.com Maoiniú atá leagtha síos don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta do na blianta 2010-2016 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 €105m €86m €86m €86m €40m €30m €30m “Ní thig linn fanacht go dtiocfaidh biseach ar chúrsaí eacnamaíochta má tá sé beartaithe an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a shlánú.” Pléadh na himpleachtaí tromchúiseacha a bheas ag Tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Tuarascáil na Roinne Airgidis ar Chaiteachas Caiptil 2010-2016 ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta ag fóram poiblí a reáchtáladh i nGaoth Dobhair ar na mallaibh. Cáineadh láidir déanta ar chiorruithe atá molta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3