Goitse, Meán Fómhar 2010
Lucht féachana Craiceáilte: Cuid den scaifte ag d’fhreastal ar Chabaret mhí Lúnasa i dTigh Hiúdaí Bhig 8 Goιtse Meán Fómhair 2010 Breithlá an-sona ag an Chabaret Craiceáilte! Áine, Máire agus Colma Nic Niallais ag baint suilt as an Chabaret Bhí breithlá iontach ag an Chabaret Craiceáilte i dTeach Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair ar an 28 Lúnasa. Tá sé dhá bhliain ó chuir Rónán Mac Aodha Bhuí tús leis na hoícheanta ceoil agus tá siad imithe ó neart go neart ó shin. I láthair ag an chabaret, bhí Doimnic Mac Giolla Bhríde, Bríd Ní Icí agus Liam Mac Giolla Bhríde, chomh maith le Emma Ní uairisc agus Cormac ÓMórdha. Rinne Emma tionlacan do Majella agus Lisa Nic Pháidín agus bhí sí ar an ardán ar feadh tamaill le haoi-cheoltóirí na hoíche, an Henrietta Game as Baile Átha Cliath. Is cairde móra leis an Chabaret an Henrietta Game agus bhí siad ag bualadh fosta sa Phuball Gaelach leis na ceoltóirí rialta eile mar chuid den Electric Picnic ag deireadh na seachtaine seo a chuaigh thart. Tá dlúthdhiosca dá gcuid le baint ag triúr léitheoirí sa chomórtas ar leathanach a 3 den eagrán seo. Ar ndóigh, beidh an Cabaret ar ais linn ag deireadh na míosa seo muna dtarlaíonn rud inteacht iontach níos luaithe! Baill an Henrietta Game ag an Chabaret: Christy Leech, Judy MacNamara, Aongus Mac Amhlaigh, Aisling O Connor Emma Ní Fhuaruisce ó na Iconics ar stáitse leis an Henrietta Game ag an Chabaret Chraiceáilte i dTigh Hiúdaí an mhí seo caite. Ar stáitse an Chabaret: Bríd Ní Icí, LiamMac Giolla Bhríde, Majella Nic Pháidín, Lisa Nic Pháidín agus Doimnic Mac Giolla Bhríde
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3