Goitse, Meán Fómhar 2010
Meán Fómhair 2010 Goιtse 9 Ceiliúradh ar shaibhreas chultúrtha an cheantair Tá clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach ag ceoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta Thír Chonaill ar fud na cruinne. Ní haon ábhar iontais, mar sin, go bhfuil béim mhór curtha ar an gceol agus ar an amhránaíocht i gclár na n-imeachtaí don Oíche Chultúir i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá imeachtaí ceoil agus amhránaíochta eagraithe ar Oileán Thoraí, i nGaoth Dobhair, i gCill Chartha, sna Cruacha agus i nGleann Cholm Cille. Cuirfear cuid na na hocáidí seo i láthair in áiteanna agus ar bhealaí neamhghnáth. Mar shampla, tá flash mob ceoil traidisiúnta eagraithe ag Scoil Ceoil Frankie Kennedy i nGaoth Dobhair. Beidh an Cabaret Craiceáilte ar siúil chomh maith le Rónán Mac Aodha Bhuí ag cur scoth den cheol comhaimseartha i láthair mar aon le imeachtaí ildánacha de gach chineál. Is ceantar fíor láidir í nGaeltacht Dhún na nGall ó thaobh na físealaíne freisin. Tá ceithre bharrionad físealaíne sa cheantar agus beidh siad uilig oscailte ar an Oíche Chultúir. Lena chois sin, tá ocht dtaispeántas ar ardchaighdeán ar siúl ar an oíche. Ina measc, eagrófar turas bus thart ar Chloch Cheann Fhaola. Tabharfar cuairt ar láthair neamhgháth cosúil leis an bportach nó seanfhothrach ait a mbeidh theilgin físealaíne ealaíonta le feiceáil. Beidh na híomhanna cumasacha seo cruthaithe ag Bill Viola, físeal- aíontóir atá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige. Beidh neart imeachtaí eile ar siúl i nDún na nGall – oíche liteartha leis An Ciorcal Scríbh- neoireachta agus oíche filíochta i nDámhlann na Gleanna agus oíche scéalaíochta le na seanchaithe traisisiúnta deir- eanacha sa chontae ar siúl i nGaoth Dobhair. Saibhreas na Farraige – turas cultúrtha ar thrá Charraigh Finne agus an cheantair thart air Eagrófar siúlóid ó thrá Charraig Finne go Rann na Máirte i gcomhluadar Séamus Ó Dubhthaigh as na Rosa, mar chuid de Oiche Chultúir 2010. Tosóidh an tsiúlóid ag an gcarrchlós ar thrá na Carraig Finne ag a 10 r.n. Roinnfear eolas ar thimpeallacht, ar stair agus ar dhinnsheanchas an cheantair le linn an turais, mar aon le eolas ar shaol na mara. Baileofear feamainn agus bia mara agus beidh deis ag na rannpháirtithe é a bhlaiseadh i ndiaidh na siúilóide i dteach táibhairne Uí Chnáimhsí! oíche chultúir Léargas ar Ghaeltacht Thír Chonaill - Taispeántas Grianghrafadóireachta le Marjorie Doohan Ionad Bhalor – Ionad Ceardaíochta agus Ealaín, Oileán Thoraí 7 i.n. Déantar iniúchadh ar thírdhreách agus ar thimpeallacht Thír Chonaill sna ghrianghrafanna galánta seo leis an fhísealaíontóir Conallach, Marjorie Doohan. Seoda ceoil agus amhránaíocht as Toraigh Coiste Sóisialta agus Cultúrtha, Oileán Thoraí. 9.00 i.n. go déanach Baileoidh ceoltóirí agus amhránaithe an oileáin le chéile le blas a thabhairt don phobal ar shaibhreas ceoil agus cultúir an oileáin. ‘Ceiliúradh ar Chultúr na gCóstaí Ceilteacha’ Taispeántas il-ealaine Ionad Pobail Mullach Dubh (an tSeanscoil) 7.00 i.n ar aghaidh Oscailt oifigiúil ar an taispeántas físealaíne ‘Ceiliúradh ar Chultúr na gCóstaí Ceilteacha’ leis an ghrúpa físealaíne DEW. Péintéireacht, ceirmeacht, seodóireacht, potadóireacht, ceardaíocht agus réimsí ealaíne eile. Ceol agus sóláistí ar an oíche. Saibhreas na Farraige – turas culturtha ar thrá Charraigh Finne agus an cheantair thart air. Carrchlós ar thrá na Carraige Finne. 10.00 r.n. Siúlóid ó thrá Charraig Finne go Rann na Máirte i gcomhluadar Séamus Ó Dubhthaigh as na Rosa. Eolas ar thimpeallacht, ar stair agus ar dhinnsheanchas an cheantair, mar aon le eolas ar shaol na mara. Baileofear feamainn agus bia mara agus beidh deis ag na rannpháirtithe é a bhlaiseadh i ndiaidh na siúilóide i dteach táibhairne Uí Chnáimhsí! Ó Bheál go Béal – oíche scéalaíochta agus airneáin le seanchaithe Thír Chonaill Scoil Mhín na Mánrach, An Clochán Liath. 8.00 i.n. Oíche i gcuideachta na seanlaochra scéalaíochta as Tír Chonaill, na seanchaithe deireanacha atá ag iompar tradisiúin shaibhir. Flash Mob ceoil – Seisiún ceoil traidisiúnta le Scoil Cheoil Frankie Kennedy Gaoth Dobhair 9.00 i.n. Bí ar aire! Buailfidh cuid de na ceoltóirí traidisiúnta as Tír Chonaill ceol den chéad scoth i láthair éigean i gcroi lár Ghaoth Dobhair. Ceol, filíocht, ealaín agus amhránaíocht leis An Ciorcal Scríbhneoireachta agus An Clachán An Clachán, Dámhlann, Ceardlann agus Ionad Ealaíne, Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair. 7 – 11 i.n. Seoladh an thaispeántas físealaíne agus ceirmigh leis an ealaíontóir, Christy Keeney. Léamh filíochta le baill den Chiorcal Scríbhneoireachta fite fuaite le ceol agus amhránaíocht den cheád scoth ó Ghaeltacht Thír Chonaill. An N56 ón Aer Taispeántas grianghrafadóir-eachta le Declan Doherty An Gailearaí, An Fál Carrach 8.00 i.n. Léargas ón aer agus súil eile ar an N56, an príomhbhothár a shníomhann fríd Chontae Dhún na nGall. Curtha i láthair ag An Ghailearaí i gcomhar leis an Oifig Ealaíon Poilbí, Comhairle Chontae Dhún na nGall. Turas Bus Místéireach & Draíochta le Bill Viola Ag fágáil An Gailearaí, An Fál Carrach ag 9.30 i.n. Turas mistéireach fríd cheantair Chloch Cheann Fhaola ar thóir chúig phíosa físeáin/físealaíne leis an ealaíontóir iomráiteach, Bill Viola. Píosaí móra físealaíne le feiceáil i láithreacha neamhghnácha. Cuisle – Taispeántas Físealaíne Óstán Radharc na Mara, Gaoth Dobhair 7 i.n. Cuirfidh an grúpa ealaíne Cuisle, (18 físealaíontóírí as Gaeltacht Thír Chonaill), taispeántas ghrianghrafanna, seodóireacht, ealaín gloine, fíodóireachta agus réimsí eile ealaíne ar thaispeántas. Ceol na gCruach – Blaiseadh de shaibhreas cheol na gCruach Glen Tavern, An Grianán, na Gleannta 9.00 i.n Deis iontach don phobal traidisiún saibhir an cheoil atá le fáil i gceantar na gCruach a bhlaiseadh i gcroí lár na gCruach. Leis na Campbells agus laochra ceoil eile ón cheantar. Ceol as Cill Chartha Ionad éagsúla i gCill Chartha, 9.00 i.n Cuireann Coiste Turasóireachta Chill Chartha scoth den cheol traidisiúnta agus comhaimseartha ar siúl in ionaid éagsúla i gCill Chartha. Taispeántas Mhadgie Hughie Eoghan - Cló Ceardlann na gCnoc Cló, Mín a Leá, Gort a’ Choirce. 8.00 i.n - 11.00 i.n Seoladh thaispeántas Mhadgie Hughie Eoghan. Cuirfear saothar leis na físealaíontóirí Gaeltachta a ghlac páirt i scéim ealaíontóir cónaithe idirnáisiúnta Mhadgie Hughie Eoin thar na blianta ar taispeáint. Is iad seo a leanas na healaíontóirí, Kevin Mc Gee, Caitlín Ní Ghallchóir, Bernadette Cotter, Aoife Mc Garrigle agus Marjorie Doohan. “Ag eitilt leis na héin” – Ealaíon S iteála le Jane Talbot Na Dúnaibh. 6.00 i.n ar aghaidh. Tuirlingeoidh ealta éan ar láthair sa Dúnaibh, idir fhaoileáin, ghainéid, lachain agus cholmáin. Ealaíon suiteála cruthaithe ag an físealaíontóir radachach as na Dúnaibh, Jane Talbot. An Cabaret Craiceáilte, Gaoth Dobhair Tigh Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, 10.00 i.n ar aghaidh. Cuireann Rónán Mac a Bhuí an Cabaret cáiliúil, ildánach agus ildaite i láthair don Oíche Chultúir. Ceol, siamsaíocht agus ealaín comhaimseartha a tharraingníonn as tobar an traidisiúin. Beo agus bríomhar, is é an Cabaret an áit a thagann an sean agus an nua le chéile; an áit bhíonn an sean-nós fite fuaite leis na nósanna nua! Club Amhránaíochta le Tionscnamh Lugh Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair. 10.00 i.n. Is cruinniú neamh- fhoirmeálta amhránaithe é an Club Amhránaíochta. Éist le hamhráin ar an tsean-nós, amhránaithe traidisiúnta agus amhráin as traidisiúin eile. Cuirtear fáilte is céad roimh amhránaithe nó éisteoirí. Cruinniú na mBard blaiseadh den fhilíocht Gaeilge Dámhlann na Ghleanna, Mín an Leagha, Gort a Choirce. 8.00 i.n. ar aghaidh. Léamh filíochta le cuid de na mórfhilí a foilsíodh san eagrán Gaelach den iris cáiliúil, ‘The Irish Pages’. Deis do scribhneoirí a bheith páirteach i gceardlann scríbhneoireachta. nó turas a thabhairt ar an Dámhlann. Ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus scéalaíocht Oideas Gael Gleann Cholm Cille, 8.00 i.n. – 11.00 i.n. Blaiseadh de chultúr Gaelach Iardheisceart Dhún na nGall. Scoth den cheol traidisiúnta, den amhránaíocht agus den scéalaíocht. Ionaid Ealaíne agus Gailearaithe oscailte le linn an Oíche Chultúir: Ionad Bhalor – Ionad Ceardaíochta & Ealaíon, Oileán Thoraí Beidh an t-ionad oscailte ó 7.00 i.n. go dtí meánoíche le soláistí curtha ar fáil. Eolas: Marjorie Carroll 087- 2280310 ionadbhalor@live.com www.ionadbhalor.com An Clachán, Dánlann, ceardlanna agus Ionad ealaíne, Gaoth Dobhair Ar oscailt 7 i.n. – 11.00 i.n. Deis cuairt a thabhairt ar na stiúideóanna agus na ceardlanna agus amharc ar na healaíontóirí agus iad i mbun oibre. Eolas: 074 9560091 Ríomhphost: eolas@anclachan.ie www.anclachan.ie Cló. Barrionad físealaíne, Mín a Leá, Gort a’ Choirce. Oscailte ó 8.00 i.n - 11.00 i.n Barrionad físealaíne agus ceardlanna é Cló a dhíríonn ar an chlódóíreachta agus ar fhísealaíona na meán. Tugtar deis d’fhísealaíontóirí saothar ildánach a chruthú san ionad. Eolas: Cló Ceardlann na gCnoc, Mín a Leá, Gort a’ Choirce. Teil: 074 9162800. cloceardlann@eircom.net Suíomh Idirlín: www.clo.ie An Gailearaí, Ceardlann na gCroisbhealach, An Fál Carrach. Oscailte ó 8.00 i.n go meán oíche. Deis cuairt ar ghailearaí proifisiúnta ina gcuirtear dearcealaín chomhaimseartha den chéad scoth ar taispeántas don phobal. Eolas: Úna Campbell, An Gailearaí, Ceardlann na gCroisbhealach, An Fál Carrach. Tel: 074 9165594. ceardlann@eircom.net www.angailearai.com Siopa Leabhar agus Ionad Ealaíne- An Currach. Mullach Dubh, na Rossan Oscailte ón 9.00 i.n. Deis cuairt a thabhairt ar an siopa agus gailearaí beag álainn. RTÉ Raidió na Gaeltachta 7.00 i.n – 9.00 i.n: Clár speisialta léirithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta don Oíche Chultúir. Léargas ar shaibhreas cultúrtha na Gaeltachta le seod na nEalaíon ó chartlann RnaG. 3.00 – 5.00 Rónán Beo. Clár spleodrach a dhéanfaidh plé ilghnéítheach ar chúrsaí ealaíne sa Ghaeltacht agus a bheidh mar cheiliúradh ar na healaíona sa Ghaeltacht mar aon leis Imeachtaí áitiúla Oíche Chultúir 2010
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3