Guth Ghoill, Eagán 1
GUTH GHOILL Coiste Céim Aniar 2 astu féin agus iad ag caint, léamh nó ag scríobh i nGaeilge. Anuraidh, bhí cúig dhuine dhéag agus fiche ag freastal ar an chúrsa, agus ba as ceantar Ros Goill féin thart fá 95% acu. I mí Deireadh Fómhair i mbliana thosaigh seisear agus fiche ar an chúrsa, idir an chéad bhliain agus an dara bliain. Is cainteoirí líofa Gaeilge an mhórchuid acu ach tá foghlaimeoirí againn fosta agus is mór an chúis dóchais agus tógáil croí go bhfuil achan uile duine acu chomh díograiseach, chomh dúthrachtach agus chomh dílis sin d ’ aidhmeanna an chúr- sa. Cuirfidh an cúrsa seo agus imeachtaí eile atá ar siúl i gceantar Ros Goill go mór le athbheochan na Gaeilge agus tá súil againn go mbeidh bláth agus borradh ar an obair uilig amach anseo. Dar ndóigh, níl sna cúrsaí seo ach an tús. Mar a deir an seanfhocal i nGaidhlig na h - Alban: “ Is obair lae toiseacht, is obair beatha críochnú ”. Tá, ar ndóigh, cuid de na daoine seo imithe ar shlí na fírinne ach tá muid cinnte go n - aithníonn sibh cuid acu. B'fhéidir go bhfuil tú fhéin sa phictiúr. Tabhair dúinn na h - ainmneacha!! Stephen & ‘ na Caddies ’. Sean Phictiúr. TOMHAS Trí rud atá comh maith le rudaí atá níos fearr na iad! (a) bean ghránna ag fear dall (b) claíomh adhmaid I lámh cladhaire (c) uisce salach ar thine Tráth na gCeist Tá ceithre sheisiún de thráth na gceist críochnaithe againn. Thosaigh sé thíos sa tSíbín Ceoil. Bhí an bhua an oíche sin ag an tSíbín Ceoil B agus ar an fhoireann bhí Micheál Ó Dochartaigh, a mhac Seamás agus Máire Nic Suibhne. An dara seachtain in Óstán Charraig Airt bhí an bhua ag Síbín Ceoil A agus san fhoireann bhí Michael Joseph, Francie Cullen agus Tommy Clyde. An tríú seachtain bhí muid in Óstán na Trá agus ba ag foireann an Ghleanna, sin Micheál Ó Gallchóir, a mhac Michéal agus Seamás Ó Gallchóir a bhí an bhua. An tseachtain seo chaite bhí muid ar an Ghleann agus cha raibh iontas ar bith gur cheangail an Gleann agus Síbín Ceoil A leis an scór is airde. Sa “ tie – breaker ” bhí an bhua ag Síbín Ceoil A. An bhfuil na daoine seo ar “ dietary supplements ” de shórt éigean. Tá Máistir na gCeist ag cur isteach go mór orainn agus ceist aige dúinn achan oíche ó Leslie le muid a chur ar seachrán. Ag caint fá bhia tá muid ag baint sult as na ispíní, rollógaí ispíní, sliogáin dhubha, ceapairí agus sceallóga. Téann cuid again fá choinne an bia agus an craic agus daoine eile fá choinne an fhíon. Sin mar atá an saol !
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3