Guth Ghoill, Eagán 1
SCÉALMHÁNUIS Bhí muid ag caint le Mánus Eoin Dé Domhnaigh. Duine eolach é Manus a bhfuil cuimhne mhaith agus craic maith aige. Cha mhothofá an t - am ag gabháil thart agus tú ag comhrá leis. Fa ’ n tsean - am a ba mhó a bhi muid ag caint. Rugadh Mánus i nDumhaigh ar an 8ú lá de mhí Mheithimh sa bhliain 1915. Micí Eoin ab ea a athair agus Gráinne Mhánuis Sheáin a mháthair. Tá cuimhne aige ar a bheith ag gabháil ‘ na scoile le dream mór scoláirí agus iad ag siúl ó ’ n Chorrach agus Dum- haigh go scoil Dhoire an Chasáin, cuid acu cos - tarnocht. Fuair siad oi- deachas mhaith ó na múinteoirí a bhí ann san am, b ’ iad sin, Miss Haughey, Cormac Dunleavy, Séamus Duggan agus Tom Mac Fhionnghaile. Chuaigh Manus chuig Scoil oíche fosta i dteach “ Bona Vista ”, sin teach George Mc Nutt ar an Mhachaire Bhig. Is é Mánus an duine deireannach de chlann Eoin atá fágtha sa cheantar. Le linn an chogaidh d ’ fhreastail sé ar an “ Coast Watch and Marine Ser- vice ”. Eagraíocht a bhí ann le súil a choinneáil ar a raibh ag gabháil ar aghaidh amuigh ar an chósta. Chaith se léar ama ag traenáil i mBeairic Portobello agus i Roinnmór na Gaillim- he. Bhí bothán beag concrete ar bharr an chnoic i nGort na Luchóg agus tugadh binoculars, gutháin agus log - leabhar dóibh, agus is é sin a raibh idir muidinne agus cuid subma- rines na Gearmáine ‘ sna blianta dain- séartha sin. Is cuimhin le Manus an oíche a dtáinig corp gan ceann isteach leis an lán mara. Tháinig bád folamh isteach an lá arna mhárach nuair a bhí an tairm ag tabhairt ar shiúl an corp. Tháinig cupla “ mine ” isteach fosta ach taobh amuigh de na heach- traí sin chaith na fir mór chuid dá gcuid ama ag imirt chártaí agus ag GUTH GHOILL Coiste Céim Aniar 3 Sean Fhocla. 1. “ Mól an óige agus tiocfaidh sí ” Praise the youth and they will bloom. 2. “ An té a bhíonn siúlach bíonn sé eolah (scéalach) ” He who travels has stories to tell (is knowledgable). 3. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac ” Listen to the sound of river and you will get a trout. 4. “ Is minic a bhris béal duine a shrón ” Many a time a man ’ s mouth broke his nose. 5. “ Is maith an tanlann an tocras ” Hunger is a good sauce. 6. ” Má bhionn tú ar lorg cara gan locht beidh tú gan chara go deo ” If you seek a friend without fault, you will be without one forever. LOG AINMNEACHA Tá cuid mhór ainmneacha sa cheantar a dtuigeann daoine a gciall agus cá háit a bhfuil siad, mar shampla: Gort na Luchóg agus Doire a Chasáin. Seo seisear eile agus bfhéidir nach mbeadh siad ar eolas ag gach duine; Ard an Bhealaigh Ghil Gleann Raithnigh Ard na hÁltóra Machaire Chuileann
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3