Guth Ghoill, Eagán 1

GUTH GHOILL Coiste Céim Aniar 4 suraí leis na maighdeáin mhara a thiocfadh i dtír i dTrá na Rossan. Bhí ochtar acu ó ’ n áit seo sa “ Coast Watch ” mar a bhí – Joe Andy Hughie, John agus Mainí Mhícheáil, Eoghan Eoghan Mhóir, Micí Ned Ruairí, Dan Neití Nellí, Charlie Willie agus Mánus e féin. Is cuimhin leis bád gainimhe ag dul sios ag Carraig na bhFrancach. Bád a bhí ag tabhairt gaineamh ó na hArdaí go hAlban. Cailleadh an bád ach tháinig an bheirt de chriú isteach i dtalamh i mbád beag, agus tugadh isteach i dtigh Phaidí Den ar an Chorrach iad. Tá cuimhne aige fosta ar an bád a bombluigheadh agus a tháinig isteach ar thine ag an Tor Mór. hInnseadh dúinn go raibh cearca agus ma- daidh leis an chriú ar bord.Ar ndoigh d ’ fhág siad an bád go tapaidh agus a thiocfadh leo. Bhris an bád ina dhá leath leis an fharraige mhóir agus bhí gach seans go rachadh sí go tóin bomaite ar bith. Níor stad daoine a raibh báid acu a ghabháil ar bord. D ’ fhan an chriú i nDoire agus tháinig siad arais lá amháin nuair a shocraigh an aimsir. Bhí cuid de mhuintir na háite ar bord, fear amhain a raibh lan mála de chearca leis. Tharraing duine den chriú amach scian, stroic sé an sác agus scaip na cearca. (Ca deachaigh siad??). Thóg teaghlach as an cheantar leo an madadh. Iascaire a bhí i Mánus cuid mhór dona shaol, Bhíodh se ar chósta an Iar- thair ag iascaireacht scadán. Le Nonnie agus le Georgie Buchan is mó a bhí- odh se ag obair. Cailleadh Georgie agus Donnchadh Hughie Den, go taismeach, thíos i nDúnmór Phortláirge sa bhliain 1958. San am sin bhí léar do mhuintir Dhubhcha ag iascaireacht gliomaigh amach as Dumhaigh, i gcur- raigh. San tsean am bhíodh damhsaí ag na daoine frid na tithe. Anseo anocht agus ansiúd san oíche amárach. Bhíodh Neidí Mhanuis ag buaileadh fidil agus James nó Ned ‘ Ac Fhionnghaile nó Jimmy Bhrianaí no Eanaí Neití Neilí ag seinm ar an mhalodeon agus bhíodh achan fhear lena ghirseach ar an urlár ag damhsa. Deir Mánus gur an tuige nár phós se ariamh, ná go raibh bar- raíocht rogha, agus cha dtiocfadh leis toghadh eatarra. Rachadh daoine o theach go teach ag réacáil (cuairtíocht). Sin an saol sóisialta a bhíodh acu. Bhí na daoine bocht san am, ach bhí siad fial flaithiúil, agus dhéanfaí tae in achan teach dona cuairteoirí, agus cha raibh anás na ocras ar dhuine ar bith. Bhí uaigneas orainn ag fágáil Mhánus dúinn, ag smaoineamh le cumhaidh ar an saol sona sásta a bhí ann san am a chuaigh thart san Íochtar, áit a ndearna an tiger Ceilteach i bhfad níos mo dochar don Ghaeilge na rinne scrios an ghorta. (Ainm an bháid).

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3