Guth Ghoill, Eagán 1

CLUB ÓIGE MHÍOBHAIGH Cuireadh Club Óige Mhíobhaigh ar bun sa bhlian 1999. Bhí suas le seachtó a cúig déagóir againn an chéad bhliain. Tá an Club Óige do aos óg na parróiste idir dhá bhliain déag agus ocht mbliana déag d ’ aois. Bíonn imeachtaí ar siúl ag an chlub achan oíche Aoine in Ionad Chumann Lúthleas Gael ó leath i ndiaidh a seacht go dtí an naoi a chlog. Bíonn cluichí de gach cineáil ar siúl againn agus bíonn na déagóirí breá sásta. Tá coiste breá láidir againn ach mar sin fhéin ba mhaith linn níos mó cuidiú a fháil ó na tuismítheoirí agus go gcuirfeadh siad a gcuid tuairmí ós ár gcomhair. Tá muid cláraithe anois le Ógras, eagraíocht a amharcann i ndiaidh clubanna óige na Gaeltachta agus mar sin de beidh béim a chur ar imeachtaí a reachtáil trí Ghaeilge. Beidh muid ag dul go dtí an ‘ Bowling Alley ’ i nDoire roimh an Nollaig agus ta mé cinnte go mbeidh óiche mhór againn. San am i láthair tá suas le deichniúr is fiche sa chlub agus tá súil againn go leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh blianta fada. 5 GUTH GHOILL Coiste Céim Aniar

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3