Guth Ghoill, Eagán 1

7 Mo Bhaile Beag Dún Dubháin Maidin sheaca Earraigh, an ghrian go fóill ‘ an luí D ’ fhag mé slán ag mo mhuintir ‘ na sheasamh cois ‘ a tí. Bhí m ’ athair ‘ s mo mháthair ‘ s deireadh clainne Dónal Bán Thug me bos mo láimhe do charad ‘ is mo bhaile beag Dún Dubhain. Siúl suas domh malaigh Mhiobhuí, Cnoc na Rosann ar mo chúl D ’ eist mé uair ámhain eile le ceol an tsrutháin binn ‘ S na deora anois a ‘ sníomh le cumhaigh nach trua sinn ‘ Dul a luí i measc na gcoimhí ar thriall mo bhealach féin. Curfa: Céad slán le Cnoc na Sleigh, Gáinne Mór ‘ s Cuan Na Long, 'S cladaigh na Maoile Ruaidhe ar chaith mé m ’ óige binn Céad slán le Dumhaigh ‘ s Corra, bail ’ na Deora na Dúnaibh féin, Beidh mé smaoimeamh oraibh go deo na ndeor ’ s mo bhaile beag Dún Dubhain. Ag breathnadh uaim ón tsoitheach í Loch Súilí na nIarlaí Mór, Ar mo thír go haoibhinn álainn, m ’ óige miadhach mian, Anois bláth bán na h - óige ar choigrigh siar ‘ un Oileán Uir; Nach bocht gur strócadh ‘ s stialladh d ’ bhroinn ‘ fud na cruinne i bpian. I ndiaidh trí lá ‘ s fichead a shroich muid Montreal; Ár dtreoir go Philidelphia mo léan ná bocht ár dtriall, Nach b ’ fhearr bheith bocht in Éirinn go macánta go foill, Ach chá raibh faoiseamh ‘ riamh ag deoraí ag fágáil Dún na nGall. Curfa Chan fheicim clocha Mhiobhuí nó reilig mo shuaimhneach séimh, Chan fheicim ceo néala ‘ n mhuir ar Thrá na Rosann ciúiin, Chá chluinim ceol na cuaiche, an naoscán nó ‘ n chrotach binn, Mo léan, nach bhfeicim Máire bheag i mo bhaile beag Dún Dubháin. Tóg suas do chroí ‘ tá cráite a Éireannaigh go fóill, Beidh rath ‘ s bláth ‘ s lúchair croí i measc bhur ngleanntáin caomh, Tógfar brat na bhFianna le bród ‘ s saoirse buan, Beidh cónaí ann gan smacht gan smál do fhir ’ s mná Ros Goill. Curfa Séamus Ó Luadhóg – Dún Dubháin 1982. COISTE OIDHREACHTA AGUS CULTÚIR (Comhairle Uladh CLG) Le cúig bliana déag anuas tá an coiste seo an - ghníomhach i dtaobh cothú agus cuir chun cinn ár dteanga agus ár n - oidhreacht. Chuireadar tús le seachtain na Gaeilge ‘ sna Dúnaibh i mí Iúil 1989. Rinne tuairim is fiche duine freastal ar an chúrsa ach i mi Iúil na bliana seo, rinne céad caoga sé freastal ar an chúrsa. Tá an Coiste díograsach ina gcuid oibre agus gí go raibh siad ag iomramh in aghaidh an t - srutha ‘ sna blianta tosaigh tá toradh a gcuid oibre le feiceáil anois.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3