Guth Ghoill, Eagán 1

OÍCHE NOLLAG Le coinnle n - aingeal tá an spéir amuigh breactha, Ta fiacail an tseaca sa ghaoth on gcnoc, Adaigh an tine is teír chun na leapan, Luifidh Mac Dé ins an tigh seo anocht. Fagaidh an doras ar leathadh ina choinne, An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht, Deonaigh scith an bhóthair a ligint, a Mhuire,ógl Luaidh Mac Dé ins an tigh seo anocht. Máire Mhac an tSaol. GUTH GHOILL Coiste Céim Aniar 8 Brian Ó Maoileoin Ba mhaith le Céim Aniar a gcomhbhrón a chur in iúl do Chaitlín Uí Mhaoileoin agus a clann ar bhás a fear céile Brian. Chaith Brian blianta fada fá cheantar Ros Goill. Tháinig sé anseo a fhoghlaim Gaeilge i dtús báire agus ansin thainig sé chun cónaí anseo thart fá 1970. Ba ar an Mhuirleog a thóg sé fhéin agus Caitlín a gclann – na mic Pádraig agus Brian Óg agus na iníonacha Caoimhe, Máire agus Bríd. Bhí siad ar theaghlach chomh ceolmhar agus a gheobhfá i gceantar ar bith san tír agus chruthaigh siad sin le Ceoltóirí Ghoill. Fear ab ea Brian a chaith a shaol sáite i gcúrsaí Gaeilge agus scriobh se go leitheadach. Nuair a tháinig sé anseo i 1970 bhí deifir air rudaí a athrú mar go bhfaca sé go raibh géar ghá le tabahirt faoi mheath na teanga. Ach mar a tharla i gceantair eile ní raibh moran fonn ar pobal aitiúil treoir a ghlacadh ón taobh amuigh agus mar sin de bhí an talamh ar a raibh sé ag obair ró - dhoicheallach. Ba mhór an truaigh seo. Ar an droch - uair don cheantar nuair a tháinig Céim Aniar ar an saol 2001 bhí deich mbliana agus fiche caillte acu agus saibhreas Gaeilge caillte lena chois. Bhí a chroí san áit cheart ag Brian ó thaobh na Gaeilge de. Ar dheis lamh Dé go raibh a anam dílis Gaelach. AN BAILE BEO. Bhí Coiste Céim Aniar iontach sásta agus mórtasach nuair a fógraíodh san Spideal oíche Luain ‘s chuaigh thart go raibh an chéad duais i réigiún an Tuaiscirt buaite acu i gComórtas An Baile Beo. Tá Ceim Aniar ar an bhealach anois le cupla bliain agus is tábhachtach an rud é duais aitheantais chomh mór sin a fháil ag an bpointe seo. Fuair siad € 4,000. Ba mhaith leis an coiste a mbuíochas a chur in iúl do phobal an cheantair a bhéarann an chuid tacaíocht dúinn inár gcuid oibre chun ár bhféinúlacht a chaomhnú agus tús áite a thabhairt don teanga agus don chultúir atá mar phairt lárnach don fhéinúlacht sin. Gan an pobal a bheith taobh thiar dúinn is snámh in éadán an t- srutha a bheadh ann. Do na daoine (a) a d’athraigh a gcuid comharthaí gnó (b) atá ag obair ar ainmneacha na mbailta fearainn (c) atá ag obair ar cheol traidisiúnta agus amhránaíocht (d) a dhéanann freastal ar na h-oícheanta sóisialta, go h-áirithe Tráth na gCeist (e) atá ag freastal ar na ranganna Gaeilge uilig (f) atá ag obair ar an Íris Guth Ghoill agus (g)do Fiona atá ag ceangail na gnéithe éagsúla le chéile – seo toradh bhur gcuid saothair. Tá cuid mhór déanta ach tá i bhfad níos mó le déanamh. Chá dtig suí ar na rámhaí!!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3