Guth Ghoill, Eagrán 2
De gnáth ba í an cailín is óige sa teaghlach a osclódh an doras. Ansin spréifi na feitheacha amach ar an urlár. Bhí athrach ansin ar an ghnás ó theach go teach. Dhéanfai na crosóga ar dtús agus iosfaí na brúitíní ina dhiaidh sin. I mo theaghlach fhéin nuair a spréifí na feitheacha, thógfaí an pota cruinn dubh den tine agus sheasfaí é ar mhullach na feitheacha. Ansin bheadh na brúitíní againn agus dhéanfaí na crosóga ina dhiaidh. B’fhéidir go raibh muid ró-ocrach agus go raibh muid i ndán obair nios fearr a dhéanamh agus ár mbolg lán. Nuair a bhí na crosóga déanta chraith muid uisce coisreachta orthu agus lá arna mhárach chuir muid ceann sa bhóitheach,ceann sa stábla agus ceann in achan seomra sa teach. I dteaghlaigh eile bhéarfaí na crosóga leis na Coinnle Mhuire le na gcoisreacadh ar an 2ú de Feabhra. Bhí mé fhéin thuas i sean scoil na Maol Ruaidhe i mbliana i n-áit a raibh scáifte mór idir sean agus óg, ag M a n d y a g u s Donnelly Ó Dochar- taigh i mbun na gcrosóga. Chuaigh gach duine ar a nglúna agus thóg Paddy Vaughan isteach nafeitheacha. Bhí dhá thine mhaithe thíos agus rinneadh póta mór bríútiní agus ba orthu a bhí an blas maith fosta!! 2 Mí Feabhra 2004 ‘SiadÊ aisteoiríÊ MhíobhaighÊ aÊ bheasÊ iÊ mbunÊÊ naÊh - aisteoireachtaÊagusÊ isÊéÊFrancieÊéÊ fhéinÊ aÊ bheasÊ aÊ léiriú.Ê TáÊ tacaíochtÊ mhórÊ donÊ drámaÊ agÊ teachtÊ ónÊ ChomhlachasÊ NáisiúntaÊ drámaíochtaÊ agusÊ níÊ h - iontasÊ arÊ bithÊ seoÊÊÊÊÊ asÊ siocarÊ gurÊ fearÊ deÊ bhunadhÊ naÊ h - áiteÊÊÊÊ ProinsiasÊ ÓÊ h - OireachtaighÊ (FrankÊ PhaidíÊ Mhánais)Ê atáÊ inaÊ chathaoirleachÊ arÊ anÊ Chomhlachas.Ê TáÊ lúcháirÊ arÊ FrankÊ dárÊ ndóighÊ aÊ bheithÊ agÊ teachtÊ arÊ aisÊ arÊ aÊ fhódÊ dúchaisÊ leÊ treoirÊ agusÊ tacaíochtÊ aÊ thabhairt.ÊÊ BeidhÊanÊdrámaÊagÊdulÊarÊanÊardánÊthartÊfánÊ Cháisc. OÍCHE FHÉIL BRÍDE Is sean ghnás sa cheantar seo a bheith ag déanamh crosóga ar an oíche dheireannach d’Eanáir. Bhéadh na feitheacha gearrtha roimh luí gréine. Bheirfí isteach ‘na tí iad go deasghnách, cé go mbeadh athrach beag air ó theaghlach go teaghlach. I gcorr theach s’é fear an tí a thugfadh iad isteach, i dtithe eile is é an ghir- seach is sine a dhéanfadh é. Rachadh an fear nó an cailín amach agus bhuailfí cnag ar an doras. Bheadh an té a bhí istigh ar a nglúine. Deirfí amuigh, - ‘Oíche fheil Bríde brúitíneach Bain an chluas den toirtíneach Téigí ar bhur nglúine Fosclaigí bhur súile Ligigí isteach Bríd Bheannaithe’ Déirfeadh an mhuintir istigh – ‘ Sé beatha, sé beatha, sé beatha’
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3