Guth Ghoill, Eagrán 2

Mí Feabhra 2004 3 Scéal Mháire Stephen Chaith mé tamall ag caint le Máire Stephen thart fá seach- tain ó shin agus bhí scéal breá suimiúil le hinsint aici fána saol. Rugadh í ar an 12ú Iúil 1918, thiar i Ros na Binne. Tá sí ina cónaí sa teach céanna in ar rugadh í, teach a tógadh sa bhliain 1910. Chuaigh sí na scoile go Scoil Cheann na Leargaí. Scoil mheascaithe (integrated) a bhí anseo, páistí theaghlaigh Chaitliceach agus Protastúnacha ag freastail uirthi. Bhí beirt mháistreás sa scoil, agus ag am Teagasc Chríostaí rachadh dream amháin go dtí an múinteoir Protastúnach agus an dream eile go dtí an múinteoir Cait- liceacha. Cé nach raibh ag Máire ach Gaeilge nuair a chuaigh sí na scoile, dúirt sí gur fíor bheagán a bhí sa scoil. Bhí suim aici ins an obair scoile go dtí gur fhág sí nuair a bhí sí ceithre bliana déag. Ní raibh a máthair i mbrí a tsláinte agus d’fhan sí sa bhaile ansin le cuidiú a thabhairt díthe aire a thabhairt don chlann. Cé nach raibh cuid mhór de shaibhreas an domhain ag an aos óg níor chuir sin cosc orthu craic agus caitheamh aimsire thar barr a bheith acu. Is cosúil gur Teach Aindí an Ghabha, teach an cheoil agus damhsa. Thiocfadh Aindí Gallchóir agus Joe Jímí Eoin anuas as Tulach le ceol a sheinm. An oíche nach dtiocfadh siad chuirfeadh sean Aíndí é fhéin ceirníní ar an ghramafón dóbhtha. Ansin ag deireadh na hoíche dhéanfadh bean Aíndí an tae agus bhí go leor aráin ann do achan nduine. Dúirt sí cuid mhór fá na saol agus ba mhaith liom cur síos a dhéanamh ar cúpla rud atá athraithe go mór agus a bhfuil tábhacht ag baint leo. Ar dtús pointe grinn. Bhí muid ag caint fan phósadh agus d’inis sí fán fhear seo a chuaigh ar lorg bean: Dúirt sé le fear an tí – Bhuel tá mé ag cuartú bean, agus ma tá fhéin’ Dúirt an tathair leis – Bhuel níl Máire istigh agus dá mbeadh fhéin’ An créatúr nach tútach an mhaise dó é! Mar a deireann muid anseo, - ‘Amscán ceart a bhí ann’. Ag caint fá lá a bainise fhéin, i ndiaidh a pósadh i dteach an phobail, bhí an bricfeasta acu sa ‘North Star’. D’imigh sí fhéin agus a fear céile, Charlie Bán i dtacsaí, i gcuideachta an beirt a sheas leo, síos go Carn Domhnach fá choinne an lá. Chuidigh na comharsana leis an dinnéar a fháil réidh do lucht na bainise tráthnóna. Nuair a tháinig an lánúin nua phósta na bhaile bhí bia, ólachán, ceol agus damhsa ann go mall siar san oíche. Bhí naonúr clainne aici ach fuair gasúr beag bás tar éis cúpla mí agus ansin fu- air girseach bheag bás le h-ailse fola nuair a bhí sí sé bliana go leith. Rugadh seachtar dá clann sa bhaile agus an bheirt dheireanach ins an ospidéal. ‘Is mór an trua a dúirt sí’, ‘nár rugadh an tseachtar eile san ospidéal fosta. Bhí an cú- ram agus an aire níos fearr’. Bhí máithreacha óga ag brath ar chomharsana le cuidiú a fháil i n-amanna mar seo. Bhí sé deacair aire a thabhairt do thachrán nua rugtha agus gan neamairt a dhéanamh ar na páistí eile. Thug sí ard mholadh do Mháire Bhrógain mar gheall ar a cuidiú.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3