Guth Ghoill, Eagrán 3
ROS GOILL na dTONN CÚRFA Trua nach imeacht siar a bheas mé ‘mbliana, Go dtí ‘n áit a bhfuighfinn daoine thógfadh cian domh, ‘n áit a mbínn ag éisteacht le ceiliúr an éanlaithe ‘S mé ag siúl fá do chladaí, caoin Ros Goill na dTonn. Ag taisteal domh síos go Leitir Ceanainn, ‘S as sin síos arís go Cill Mic Néanainn, Bheadh mo chroí ‘stigh ag éisteacht le binn -ghuth mo leannáin Tá ‘na cónaí cois cladaigh caoin Ros Goill na dTonn. Dhul thart le Trá Mór domh ‘s le Ros na Binne, Bheadh an mhuir mhór ‘s na cuantaí ‘na luí mar ghloine, Bheadh an Mhucais mhór álainn le maorgacht ‘s le finne, ‘Cur mais ar do chladaí, ‘caoin Ros Goill na dTonn. Shiúlfainn a’ Mhuirleog is Baile ‘n tSléibhe, An Leargán Riabhach is Ailt a’ Chaoráin, Dhul síos Trá na Rosann bhéinn ag drandán go haerach ‘S mé arais fá do chladaí caoin Ros Goill na dTonn. Bheadh fáilte ag fanacht liom thíos fá Dhumhaigh, ‘S fá na tráigheannaí órga fá’n mhór -Mhaol Ruaidh, Cha silim aon deor le brón nó le cumhaidh Ach le bród as do chladaí caoin Ros Goill na dTonn. ‘S an uair a bheas na cnámha seo caithte spíonta, Ná sileadh mo chairde na deora caointe, Ach ólaigí, ceolagaí ‘s fágaí mé sínte Faoi na fóide cois cladaigh caoin Ros Goill na dTonn. CÚRFA Dán agus amhrán é seo a scríobh Brian Ó Maoileoin in 1968 ag moladh áilleacht na leithinse agus flaithiúlacht a muintire. Sa bhliain 1953 a tháinig Brian go Ros Goill don chéad uair, le freastal ar an Choláiste Ghaeilge, agus achan bhlian ina dhiaidh sin bhí sé arais, ag fanacht ar a’ Mhuirleog ag John Dinis agus a bhean Margret, agus níos moille, ag Néidí Hiúdaí agus a bhean Maggie. Nuair a pósadh é féin agus Caitlín sa bhliain 1961 ba go Ros Goill a tháinig siad ar mhí na meala. Agus achan Samhradh ina dhiaidh sin bhí siad arais, go dtí 1968 nuair a fuair Brian post múinteoireachta sa Chéinia san Aifric Thoir. Ba seo an chéad Samhradh le cúig bliana déag nach mbeadh sé ag dhul siar agus seo é an rud a spreag an t-amhrán.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3