Guth Ghoill, Eagrán 3
An tEarrach Is breá liom an t - Earrach, Bíonn tuar ceatha dáite le feiceáil sa spéir, Bíonn bláthanna galánta le feiceáil gach áit, Bíonn duilleoga úra ag fás ar na crainn. Is breá lióm an t - Earrach, Bíonn an aimsir go breá, Bíonn ainmhíthe beaga ag súgradh san fhéir, Bíonn na héin go léir ag ceol sa spéir. Niamh Nic Uiginn, Scoil Cholmcille, Duibhlinn Riabhach. Sa chéad áit, beidh dhá champa samhraidh ann tré mhéan na Gaeilge, an chéad cheann ó ’ n 14ú go 18ú Meitheamh don aois - ghrúpa 12 - 15 bliana agus an dara ceann ó ’ n 28ú Meitheamh go 2ú Iúil don aois - ghrúpa 6 - 11 bliana. Ansin ar an 14ú Iúil beidh dráma puipéad (puppet - show) ar siúl sa Choláiste Gaeilge, Ros Goill, á thabhairt ag Diarmuid de Faoite, sár - aisteoir agus duine de na príomh - aisteoirí in Ros na Rún. Bhí Diarmuid anseo cheana againn anuraidh, nuair a rinne sé an seó aonair clúiteach bunaithe ar sha- ol an scríbhneora cáiliúil, Pádraig Ó Conaire. Bhí teach lán ann an oíche sin agus bhain an lucht féachana an - taitneamh as. Beidh postaeir ar fud na h - áite amach anseo le cur i gcuimhne díbh faoin dráma puipéad. Is cinnte go mbainfidh an t - aos óg sult agus spórt as an ócáid. Beidh cúrsa Gaeilge an C.LG. ar siúl ó ’ n 19ú go dtí ’ n 24ú Iúil agus cúrsa Gaeilge Cholaiste Ros Goill ó ’ n 25ú Iúil go dtí ’ n 7ú Lunasa. Rinne na páistí i Scoil Dhuibhlinn Riabhach go h - an - mhaith i rith an Charghais nuair a chruinnigh siad €340 - 00. B ’ a iad na páistí i ranganna a 4 agus 5 a bhí i mbun cruinniú an airgid. Thóg said an t - airgead do ‘ Bhóthar ’, cumann carthanach a chuireann ainmhithe go dtí teaghlaigh san Aifric. Ceannóidh €340 - 00 gabhar bainne. Bhaist na páistí Sinéad uirthi agus tá shúil acu go bhfuil sí ar a bealach go Tansania cheana féin. Thug Cecily Maloney ó ‘ Bhothar ’ cuairt ar an scoil agus bhí sí fíor - buíoch do na tuismitheoirí agus do na páistí as a gcuidiú.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3