Guth Ghoill, Eagrán 3

Drámaíocht – Fear An Gheafta D ’ éirigh go h - iontach leis an dráma úr - scríofa le Francie Cullen “ Fear An Gheafta ”, a bhí ar an ardán ag Aisteoirí Mhíobhaigh le cupla mí anuas. Cuireadh i láthair lucht féachana é cúig uaire ar fad – Rath Cairn Glas na Midhe, Amharclann Ghaóth Dobhair, dhá uair i gcoláiste Ros Goill agus ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ins na Feochanaigh i gCo. Chiarraí. Tá cuireadh faighte ag Aisteoirí Mhíobhaigh fosta an dráma a chur ar siúl le linn Féile Bhéal Feirste ar an 7ú Lúnasa. Má tharlaíonn seo tá an seans ann go gcuirfear ar siúl arís é i gColáiste Ros Goill, ag deireadh Mhí Iúil, dóibh - sean a bheas anseo ag freastal ar na Ranganna Gaeilge. Tá ard - mholadh tuillte ag Francie. Ní amháin gur scríobh sé an dráma ach ba é an léiritheoir chomh maith agus bhí ceann de na príomhpháirteanna aisteoireachta aige san dráma fosta. Cé go bhfuair Aisteoirí Mhíobhaigh moladh mór as ucht a gcuid aisteoireachta, go h - áirithe nuair nach raibh siad le chéile ach cúpla mí, ba scríobhnóireacht Francie a ba mhó a chuaigh i gcion ar na moltóirí. Mheas siad uilig go raibh cumas iontach scríbhnóireachta ann agus mhol siad go mór dó leanúint ar aghaidh leis. Thaitin an cupla casadh iontach a bhí ag deireadh an dráma agus an usáid a bhain sé as na taibhsí go mór leo. Nuair a scríobh Francie an dráma seo i dtús báire ní raibh súil ar bith na suim ar bith aige é a chuir isteach ar chomórtas. Mar a dúirt sé fhéin – “ Scríobh mé an dráma do mhuintir na h - áite, bhí a fhios agam go dtuigfeadh siad an scéal, go mbeadh suim acu san athrú saol atá ag teach leis na blianta agus go dtaitneodh an greann leo. ” Fuair sé achan rud i gceart mar ní raibh dream ar bith a bhain oiread sult amach as an dráma le muintir na h - áite féin agus níl amhras ar bith na gurbh í gColáiste Ros Goill a fuair na h - aisteoirí an sásamh a ba mhó. Proinsias Ó h - Oireachtaigh (Frank Pháidí Mhánais) a chomhairligh do Francie an dráma a chur isteach ar an Chomórtas Náisiún- ta Drámaíochta agus nach maith an rud go dtear – cháiligh an dráma don Fhéile Náisiúnta agus fuair Aisteoirí Mhíobhaigh an deis deireadh seachtaine iontach thaitneamhach a bheith acu i nGaeltacht Chiarraí. Ach níos tábhachtaigh na sin chonaic Francie do fhéin go raibh sé abalta ó thaobh na scríobhnóireachta de coimhlint ar an ar- dán ab aoirde. Chuir muintir Chorca Dhuibhne an - fháilte roimh bhunadh Ros Goill agus bhí siad fial flaithiúil leo ar feadh na deireadh seachtaine. Thaitin “ Fear An Gheafta ” go mór leo mar gur aithin siad go maith mar bhunadh Gaeltachta an saol a bhí léirithe sa dráma. Níl “ Fear Geafta ” acu san chuid sin den tír agus ceann de na h - oícheanta a raibh na h - aisteoirí sa teach Óstais rinne an scríobhnóir agus an bocsadóir clúiteach Maidhc Dainín ó Seágha iarracht a mhíniú do scaifte d ’ Aisteoirí Mhíobhaigh go raibh ‘ Fear Uisce ’ acusan, ach idir deacrachtaí canúna agus barraíocht piontaí cailleadh an scéal sa cheol agus sa ghleo! Bhí Frank Pháidí Mhánais leis na h - aisteoirí chuig chuile léiriú den dráma. Tá Frank go mór istigh sa drámaíocht le blianta agus tá sé anois ina Chathaoirleach ar an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Ba é a bhí mar stiúrthóir soilse agus dar ndóigh thug sé cuid mhór comhairle fosta faoi ghnoithí a bhain leis an chomórtas fhéin. Cosúil le imeachtaí eile den t - saghas seo ní féidir gníomhú gan airgead agus mar sin de tá Aisteoirí Mhíobhaigh iontach buíoch do Chéim Aniar mar gur thit sé orthusan a theacht ar na foinse airgid. Ach i ndáiríre ní raibh ach cúpla foinse ann. Tá Céim Aniar iontach buíoch d ’ Údaras na Gaeltachta, d ’ Ealaíon na Gaeltachta agus don Rannóg Cultúrtha i

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3