Guth Ghoill, Eagrán 3

Aisteoirí Mhíobhaigh iontach buíoch do Chéim Aniar mar gur thit sé orthusan a theacht ar na foinsí airgid. Ach i ndáiríre ní raibh ach cúpla foinse ann. Tá Céim Aniar iontach buíoch d ’ Údarás na Gaeltachta, d ’ Ealaíon na Gaeltachta agus don Rannóg Cultúrtha i gComhairle Contae Dhún na nGall. Tá ard mholadh tuillte acu uilig as ucht a gcuid maoiniú. Focal spéisialta molta do Shéamas Ó Gallchóir, oifi- geach Teanga agus Cultúir An Údaráis atá i gcónaí fá réir lena chomhairle, lena tha- caíocht agus lena spreagadh. Tá súil againn uilig go mbeidh Francie thart i gcónaí le tuilleadh drámaí a Tá súil againn uilig go mbeidh Francie thart i gcónaí le tuilleadh drámaí a scríobh agus a léiriú, ní amháin do dhaoine fásta, ach don aos óg agus do dhéagóirí chomh maith, agus nach fada uainn an lá go bhfaighidh a chumas scríob- hnóireachta an t - aitheantas atá tuillte aige. Seo pictiúr foirne na gcailíní a ghlac páirt ins na Mini 7’s sa pharóiste seo. Sraith Chúl: Mandy Nic Giolla Bhríde, Nicola Nic Fhionnghaile, Amy Nic Giolla Bhríde, Siúin Róise Ní Ghallchoir, Eimear Ní Bhuaidhe. Sraith Tosach: Ciara Ní Clíode, Roisín Ní Mhartín, Grainne Ní Ghallchóir. Má tá tú ag iarraidh teangmhail a dhéanamh le Fíona nó Caitlín ag Céim Aniar seo an uimhir úr fón 9154830 as seo amach!! Cúrsa láimseáil bádaí: Eagróidh Ionad Acmhaínne Mhíobhaigh cúrsa ar láimhseáil bádaí má tá go leor suime ina leithéid. Cúrsa aitheanta 2 lá nó 4 oíche (Cumann Seoltóireachta na h - Éireann Leibhéal a 2). Teagasc i ngrúpaí de thriúr. Costas €270 - 00 an duine. Déan teangmháil leis an Ionad Ac- mhainne ag 9155055. Seo cupla ramais ón t - sean am, b ’ fheidir na bhfuil na focal ceart ach is docha go bhfuil fhios ag duine éigin na focla ceart. Cuir muid ar an eolas.            

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3