Guth Ghoill, Eagrán 3

MO SHEANATHAIR Rugadh mo sheanathair i 1933 sa bhaile i Ros na Binne sna Dúnaibh. Peadar Ó Sibhleáin is ainm dó. Bhí ochtar ina chlann agus eisean an duine is óige. Chuaigh sé go dtí Scoil Chean an Leargaí agus nuair a dhruid an scoil sin bhog sé go dtí Scoil Mhíobhuí. D’imir sepeil le foireann na nDúnaibh ó 1955 go 1962. Ba é an captaen ar feadh an ama seo uilig. D’imir sé ‘full back’. Bhain an fhoireann seo an ‘Junior Chapionship in 1957’. Tháinig an Craoslach, Na Dúnaibh agus Dunfanaghy le chéile i rith na caogadaí agus tugadh ‘Sheephaven Harps’ orthu agus d’imir se dóbhtha fosta. Deireann cuid mhór daoine gur peileadóir an- mhaith a bhí ann. D’obair sé i ‘mBádchlos Mhíobhuí’ ar feadh roinnt blianta agus nuair a d,fhag se thosaigh se ghnó féin ag tógáil bádaí. Bhí suim mhór aige sna badaí agus san iascaireacht freisin. Chuir sé isteach a sheal ag iasceireacht le ‘Charlie Bán’ fear cheile a dheirfiúr Máire agus ‘John Lynagh’ deartháir a bhean céile. Thóg sé 16 bádaí in iomlán, agus d’ainmigh sé trúír acu i ndiaidh a iníonacha. Ba iad an ‘Girl Afric’, ‘Girl Catriona’ agus ‘Girl Olivia’. Bhí cúpla fear ón ait ag obair leis i rith an ama agus is mór an trua go raibh air stopadh. Bhí se deacair ag na custaiméirí airgead a fháil ón Rialtas le cuidiú leo na bádaí a chéannacht agus mar sin de ní raibh na hordaithe ag teacht isteach chuig m’athair mór. Phós sé a bhean chéile Máire i 1961 agus cé nach raibh na hamanna go maith uaireanta thóg siad clann de dheichúr, seacht gcailíní agus triúr gasúr. Is í mo mháthair Gráinne duine de na cailíní sin agus is duine de cúpla í. Conchúir Ó Siail

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3