Guth Ghoill, Eagrán 4
mar seo, bhí sé soiléir gur bhain achan nduine sult mór as agus beidh muid ag súil go mór le óiche eile – nó bfeidir go dtiocfadh linn cúpla lá a dheanamh de bhliain sÕ chugainn. Tagann smaointe Raiftearaí an file chugam agus is fíor an Ráiteas í – “Dá mbéinnse ina sheasamh i gceart lár mo dhaoine, DÕimeodh an aois domh is bhéinn arís óg”. Tógadh Scoil Dhoire AÕ Chasáin sa bhliain 1901 agus dhruid sí síos sa bhliain 1967. Idir an dá linn, chuaigh suas le trí mhile againn fríd a cuid doirse. Coigilte i n - ár gcuimhne tá lear de na rudaí a dfhoghlam muid. Beidh seans againn dul siar ar na laetha suail- ceacha sin arís nuair a casfar muid ar a chéile oíche De Luain, ag an athchruinniú san Óstán Downings Bay. Cuirfear tús leis an chéiliúir ag aifreann sa choláiste ar a sé a chlog, Dé Luain an 2ú lá de Lúnasa agus ansin beidh ceol, ól, bia agus damhsa san óstan. Athchruinniú (Reunion) Scoil Dhoire AÕ Chasáin. Is fada a bheidh muid ag caint fán athchruinniú a bhí againn san ‘Downings BayÕ ar an 4ú lá de mhí Lúnasa. Thosaigh an ceiliúradh i gColáiste Ros Goill san áit a dtáinig Scoil Dhoire AÕ Chasáin chun críche i 1967. Léigh an t - Easbog agus an tAthair Mícheál Mac Laifeartaigh O.D.C. an tAifreann i nGaeilge agus léigh John Carr an Litir. I ndiaidh an Aifrinn chuaigh muid uilig suas go dtí an tseanscoil, áit a bhfuair muid tae agus chuimhnigh muid ar na laetha a chaith muid ag foghlaim. Ba seo an chéad athchruinniú a bhí ag iarscoláirí Dhoire AÕ Chasáin agus caithfidh muid an coiste a mholadh as ucht na hoibre a rinne siad chun an oíche a eagrú. Bhí scaifte ag achan tábla, cuid acu ina suí lena gcairde ón scoil, agus cuid eile lena dteaghlaigh. Bhí callán dearg san áit, achan nduine ag caint – ag scairtigh agus ag gaírí – ach rud amháin a bhí soileír – bhí lúcháir agus glionndar i gcroíthe a raibh sa chuideachta. Bhí daoine ann a bhí thar ceithre scór bliain agus bhí na daoine deireannacha ann a dfhag an tseanscoil agus a chaith cupla bliain sa Choláiste sular osclaíodh Scoil Naomh Bríde sna Dúnaibh. Bhí sé galánta cuid dena daoine a ba shine a fheiceáil ansin – Katie Mhícheáil, Máire Jimmy Mhicí, Barney Bhoydie, Caitlín Bean an Mháistir, nó Bean Jack mar a thug muid uirthi. Bhí Máire Stephen ann lena clann cé nach raibh sí ar an scoil sin. Bhí Donald Pheigí agus a dhearthair Dennis ansin as Londain, Francis Lynagh agus Súsie Mhicí Ned as California, agus ar ndóigh bhí Anton Mhicí ansin ag tabhairt a chuid tuairimí agus a ghlóir comh láidir is a bhí ariamh. Casadh mo chara nach bhfaca mé le fiche bliain orm – Nellie Jimmy Bhrianaí, agus ba mhór an lúchair a chuir sí ar mo chroí. Cé gur seo an chéad uair a tharla rud Clé go deas: Péigí Uí hOireachtaigh, Bríd Bhrianaí, Néilí Bhrianaí agus Dinnis Phéigí ina suí go suáilceach.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3