Guth Ghoill, Eagrán 4
Campa Samhraidh Reachtáileadh Campa Samhraidh trí mheán na Gaeilge i gClubtheach Chumann Lúthchleas Gael ag deireadh mí an Mheithimh, agus bhí an - spraoi ag na páistí bunscoile, cé nach rabh an aimsir ró - mhaith. Bhí ealaíon, lúthchleasaíocht, ríomhaireacht agus garchabhair i measc na h - imeachtaí a bhí ar fáil dófa. Ar dheis tá roinnt pictúir a tógadh den ghrúpa bhríomhar a bhí páirteach. Ráiteas Ólaim do shláinte, aÕMhinic nach dtigÕ, Faoi thuairim do shláinte, aÕ Mhinic a thigÕ, Trua nach dtig ‘Minic nach dtigÕ Leath chom minic le ‘Minic a thigÕ Nóta: Tá an ráiteas seo bunaithe ar scéal faoi chailín a raibh beirt fhear i ngrá léi. Bhí duine acu saibhir agus duine acu bocht. Ní raibh cead ag an duine a bhí bocht teacht chun í a fheiceáil. Mar sin, thug sí ‘Minic nach dtigÕ air. Rinneadh cleamhnas idir í agus an duine saibhir. Maidin na bainise chonaic sí ‘Minic nach dtigÕ agus dúirt sí an ráitis thuas. Nior thuig an slua é. An dtuigeann sibhse é? SeóÊPuipéid Tá clú agus cáil ar an seó puipéid “Punch agus Júdaí” ar fud aÕ domhain mhóir, ach ba seo leagan iontach Gaeilge den dráma a scríobh Diarmuid de Faoite, an aisteoir iom- ráiteach Gaillmheach agus a léirigh comhlucht drámaíochta, ‘POC Produc- tionsÕ sa Choláiste i lár mhí Iúil. Bhí an halla pacáilte idir pháistí agus thuismitheoirí agus a leithéid de thaispeántas! Bhí an feisteas agus an cóiriú stáitse go hiontach agus lán de shamlaíocht, agus bhí an t - imeartas solais agus na dathanna éagsúla an - éifeachtach ar fad. Lena cois sin uilig bhí ceol beo ann ó thús go deir- eadh le fidil, giotár agus drumaí éag- súla. Bhí an - atmaisféar ann agus is cinnte go rabh páistí agus daoine fásta faoi dhraíocht ag an léiriú breá seo.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3