Guth Ghoill, Eagrán 4
Gleann Úraí Tá an gleann beag seascar suaimhneach seo suite ar Chúrsa an Atlantaigh, nó An Atlantic Drive ar an taobh ó thuaidh de leathinis Ros Goill. Cosúil le go leor logainmneacha eile, níl ciall chinnte an ainm againn. ‘Sé an chiall a bhí leis an fhocal “ur” sa tsean Ghaeilge ná ‘cladachÕ agus tá an gleann seo suite cois cladaigh. Tá an focal “urthraigh” le fáil sa tsean Ghaeilge fosta agus an chiall céanna leis. Sa phictiúr ar dheis tá an gleann féin le feiceáil agus tú ag amharc amach ar bhealach Thráigh na Rossan agus Ceann na Rossan. Sa phictiúr thíos, tá tú ag amharc uait ó Ghleann Úraí i dteannta Chnoc na Glíoba. Tchífidh tú an dóigh a bhfuil na sean - chuibhrinn leagtha amach, agus má amhar- cann tú go géar, tchífidh tú an sean - bhealach a bhí ag dul ó Ghleann Úraí go dtí Õn Ghlíob. Seo an bealach a bhí in úsáid sular tógadh Cúrsa an Atlantaigh. Deir duine ón ghleann gur ag barr an bhealaigh seo a bhí an sean Gleann Úraí suite agus ina cuimhnesean gur ‘an seanbhaileÕ a tugadh ar an chuid seo den ghleann agus ‘an baile úrÕ ar an áit a bhfuil cuid títhe an ghleanna sa lá inniu. BÕfhéidir gur seo míniú eile ar ainm an ghlean- na ghalánta seo. Seo pictiúr den mhúrmháisiú (mural) ar bhinn chlubtheaach Chumann Lúthchleas Gael ins na Dúnaibh. Cuid de fhir na háite a rinne an múrmháisiú seo, fa- oi Choimirce Tionscnamh Oideachas na bhFear atá lonnaithe in Áras Ros Goill.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3