Guth Ghoill, Eagrán 4
Seanfhocail Ní thagann ariamh an mheidhir mhór nach dtiocfaidh ina dhiaidh an dub- hbhrón. Is minic a loit beathach allta beathach uasal. Ní choisctear cinniúint. Is minic gur i bhfad uainn a chumtar ár gcinniúint. Ba ghnáth le daoine sa tsean am siúl as an íochtar go Tobar an Dúin. Seo beirt b h a n , B i d d y J í m í J o h n d i e , a r a i b h cónaí uirthí i nGorta M ó r a g u s S í l e Mhuisleac, a bhí in a c ó n a í a r a n C h o r r a c h , a g déanamh an turais ag an tobar sin. Bhí beirt bhan as Dumhaigh ag siúl go Tobar an Dúin lá amháin. Chuaigh siad go dtí an tAifreann luath i gCarraig Airt agus iad ina dtroscadh. Ag gabháil amach Loch ‘ s Alt dóbhtha bhí an t-ocras ag fáil na buaidhe ar dhuine acu. Shuí siad síos ag cruach mhóna agus bhí toit ag bean amháin acu. D ’ imigh siad leo, ach ag dul amach barr an chnoic tháinig imní uirthi nár chuir sí amach an toitín mar ba chóir . Tháinig siad anuas an cnoc arís go dtí an chruach le bheith cinnte . Cé a dúirt ariamh nach raibh coinsias breá géar ag muintir Dhúmhtha!! Óstán úr ins Na Dúnaibh. Osclaíodh Óstán “Downings Bay” ar an 11ú lá de Mhí Mheithimh. Thóg Seán Ó Conchubhair an t - óstán ar shuíomh an “Fleets Inn” nó an “Bungalow” mar a thugtaí air sa tsean am. “John Duthie” a bhunaigh an “Bungalow”, Onnmhaireoir (Exporter) Éisc, as Albain a bhí anseo le linn an iascaireacht mhór. Tá baint ag Seán Ó Conchubhair le Albain fósta mar is ann a shaothraigh sé a bheatha ag obair sna tolláin, agus ansin mar chonraitheoir innealtoireachta ag tógáil bealaigh mhóra sula dtáinig sé ar ais anseo i 1978 nuair a cheannaigh sé an “Fleets Inn”. Tá óstán breá tógtha aige anois, ina bhfuil halla mór, bialann, barra agus dhá scór seomra leapa. Tá siad gnóthach i rith an ama agus ádh mór air ina thógra úr.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3