Guth Ghoill, Eagrán 4

Seo pictiúr de Steafán a’ Bhacáin. Thuas ar Chnoc na hAiteannaí i nDoire a’ Chasáin a bhí cónaí ar na Bacáin. Fear cliste aerach a bhí i Steafán, é lán ceoil, seanchais agus damhsa. Bhí sé ar chóimheon le Samson sa Bhíobla mar nach bhfuair sé an ghruag gearrtha de fhéin ariamh. Mar a tchínn sibh sa phictiúr bhí snas na stíle air agus an ghruag cruinnithe go cúramach suas faoin bhearád aige. Fear mór gaistíochta a bhí i Steafán agus bheadh go minic cupla éan beag ceoil istigh i gcliabhán éin aige. Bhuel, maidin amháin go luath i ndiaidh deireadh an dara cogaidh domhanda bhí a dheartháir John ag cuartú siúcra le cur ar a chupa tae. Mar atá fhios agaibh bhí ganntanas mór ar rudaí mar seo san am agus leabhair ration fá choinne achan rud. Ní raibh an phioc siúcra sa teach agus cha raibh dea-spin ar John. Tharla gur amharc sé isteach ar na h-éanacha agus chonaic sé go raibh oiread siúcra faoi chosa na n-éan agus a dhéanfadh cupla cupa tae. Thug sé cic don chliabhán agus dúirt sé – “Cá huair a fuair sibhse leabhair ration a shean……….”. Caithfidh sibh bhur bhfocal fhéin a chuir sa spás! Bhí saol crua ann don éan agus don duine! CCC Fear An Gheafta Bhí an taispeántas deireannach den dráma úr-scríofa le Francie Cullen ‘Fear An Gheaf- ta’ ar siúl i gCultúrlann Mc Adam ó Fiaich i mBéal Feirste oíche Shathairn an 7ú Lúnasa. Bhí sé mar pháirt de Fhéile Iar- thar Bhéal Feirsde. Dar ndóigh baineadh an-sult as an taispeántas agus mall go leor a bhí sé (nó an-luath ar maidin!) nuair a bhain an bus na Dúnaibh amach. Tá ‘Fear An Gheafta’ anois críochnaithe lena thuras. Cha shílim go raibh duine ar bith ag sú- il - fiú amháin Francie fhéin - go n- éireodh chomh maith sin lena chéad iar- racht ar dhráma Gaeilge a scríobh. Thiocfaí a rá go ndeachaigh an dráma seo ar ardáin ó cheann ceann na tíre. Ba éacht a bhí ann do na haisteoirí fosta nuair a cuirtear san áireamh nach raibh a bhfurmhór gníomhach san aisteoireacht ariamh roimhe seo. Tá súil agam go mbeidh siad uilig thart don bhliain seo chugainn mar go bhfuil Francie ag maíomh cheana féin go bhfuil dráma níos fearr ina cheann aige faoi láthair. Is iontach an rud é bua na samhlaíochta agus níl amhras ar bith ná go bhfuil sin go smior in Francie agus caithfear tréan uchtaigh a thabhairt dó coinneáil leis an scríobhnóireacht.Nach aisteach an rud é go raibh eolas ag muintir an taobh thoir uilig ar thraidisiúin ‘Fear An Gheafta’ agus gur a mhalairt atá fíor ag muintir an taobh thiar. An amhlaidh gurbh eagla a bhí ar mhuintir an taobh thiar tabhairt isteach go gcaithfeadh siad seal a chaitheamh ar gheafta na Reilige ar an taobh thoir! San t-seanam bhí eagla orthu dul ’na taobh thoir i lár an lae, cad é mar bheadh sé sa dorchadas? – ina shuí leat féin ag an gheafta!! Níl fhios agam cad é mar bheas rudaí fán uachtar?! Má gheobhann Céim Aniar an maoiniú tá súil acu Francie a fhostú fá choinne drámaíocht a dhéanamh le páistí bunscoile agus le déagóirí chomh maith le daoine fásta. Tá muid dóchasach go n- éireoidh linn an maoiniú sin a fháil mar go bhfuil drámaíocht i nGaeilge iontach tábhachtach ins an fheachtas atá ar siúl le Gaeilge a chur chun cinn san cheantar .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3