Guth Ghoill, Eagrán 4
1. SRÉINEAN 2. BONN GEADÁN 3. BRÁIGHDE 4. AMAÍ 5. SRATHAIR 6. BRIOGAIS 7. DROMACH 8. CROMÓG NA BRIOGAIS 9. GIORTA 10. BÉALBHACH 11. BALLÓGA CD úr Bhríde Chuir Bríd Ní Mhaoileoin a céad dlúdhiosca – CD – ar an mhargadh le linn Oireachtas aÕ tSamhraidh i mí na Bealtaine seo thart i mBaile Átha Cliath. ‘Sé “Ar Mhuin na Muice” ainm an CD agus tá sé a sheinnt go minic ó shoin ar Raidió na Gaeltachta, thuaidh thiar agus theas. Tá trí chinn dé- ag dÕamhráin air, ceann déag dÕamhráin Ghaeilge agus dhá cheann Béarla, cheann amháin acu a chum Seán Mac Nuadhat idir fhonn agus fhocail, darbh ainm “the Fuchia”. Rinne Bríd an CD a sheoladh cupla seachtain ó shoin i Ros Goill nuair a bhí coirmcheoil aici i nÓstán na Trá, an chéad uair sa bhaile dí le traidhfil blianta, mar go bhfuil cónaí uirthi anois ins an Óstair. Beidh sí ar chamchuairt na h - Éireann ag déanamh sraith de choirmeacha ceoil an mhí seo - Mí Méan Fómhair agus tá súil againn go bhfeicfidh muid abhus í ag an am sin. Rath mór uirthi féin agus ar an CD! Luach - € 18. Le fáil go h - áitiúil – An Síbín Ceoil, Tí Casey, Ostán na Trá, Siopa Joy agus Teach Tábhairne aÕ Ghleanna. GLÉASANNA CAPAILL ‘ SA CHAIRT
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3