Guth Ghoill, Eagrán 5
Bhí tionscail na h-olna go láidir sa bhaile Láir. Bhí caoirigh ar an chnoc, túirní ar an teallach, agus dealgáin i lámha na mban. Bhí Ellen John Pháidí, Nellí Thuathal, Máire Thuathal agus Péigí Bhán ag cniotáil geansaithe galánta d’óg agus aosta. Bhí “fair isle” faiseánta le linn na ndaiceadaí agus na gcaogaidí agus d’iompaigh siadsan amach na céadaí baill éa- daigh, chomh maith agus bhí sa domhan. Mhúin siad a gceird don aos óg, agus leoga tá sí beo go fóill – agus tchím go bhfuil an “fair isle” faiseánta arís. An Drom Rua Leath bealaigh suas mallaigh an Droma, tá an Drom Rua. Tá comhartha deas eibhir agus “An Baile Lár” scríofa air, ag an bhealach ag gabhail go dtí an Baile Lár, ach os cionn a’ bhealaigh ar an taobh chlé tá an Drom Rua. Sé tithe a bhí ansin sa tsean am. Teach Mhuiris Bhiddy, níl a dhath de sin fágtha, teach Channain,agus teach Eoghan Mhóir, atá druidte suas le fada – teach Jimmy Johndie, nó teach Mhic Laifeartaigh, an t-aon teach de na sean tithe atá beo beathach go fóill. Tá Katie (Nic Rodaigh) agus a clann ina chónaí ann. Tá teach deas úr tógtha ag a h-iníon thuas ar bharr an chnoic ag amharc amach ar an fharraige. Tá teach Dhonnchaidh Eoghain Mhóir ar an taobh thuaidh den bhealach druidte leis na blianta. Thuas ag bun an chlocáin bhí teach Sheáin ‘Chain nó teach Choley, ach d’imigh bunadh an tigh sin go Meirica i bhfad ó shin. Baile an tSléibhe. Déarfainn nach bhfuil áit i nÉirinn chomh sainiúl (unique) le Baile an tSléibhe. Tá sé tuairim is trí mhíle isteach ón bhealach mhór fríd an chnoc, ó theach Pobal Gáinne. Tá ra- dharcanna iontacha le feiceáil ar an bhealach sin, agus is mór is fiú duit cuairt a thabhairt air. Seacht dtithe a bhí ann sa tsean-am agus achan teach beo le fuaim na dtúirní agus na gcartaí, agus an craic. Bhí teach Bhrianaí Choncubhair Ruaidh ann áit a bhfuil Danny Duffy ina chónaí go suail- ceach agus é ins na ochtmhadaí. Tá teach Phaddy Bhrianaí Choncubhair, agus teach Dan Concubhair Ruaidh, druidte, nó ina sean -bhallogaí mar atá teach Nan Dhonnchaidh Mhícheáil, agus teach John Mhici. Tá teach Nóthaí Bhrianaí Choncubhair ina sheasamh agus in órd mhaith, cé nach bhfuil bealach mór isteach chuige. Bhí teach na Spíoraí (Shields) thuas ar mhullach an chnoic mhóir, ach is i mbaile fearainn Dubhaigh, atá an cnoc mór. Tá teach John Sheáin Jack cean- naithe ag Máire Ní Néill, áit a bhfuil B&B ar siúl aici. Ba mhaith linn cuir síos a dhéanamh ar na bailte fearainn uilig san áit. B’féidhir gur mhaith leat scríobh fá do Bhaile Fearainn féin – más maith, ba mhaith linn cloinsint uait. Glaoigh orainn ag 074 9154830.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3