Guth Ghoill, Eagrán 5
Drámaíocht. D ’ éirigh go hiontach le cúrsaí drámaíochta na bliana anuraidh agus tá moladh mór tuillte ag Francie Ó Cuilinn de thairbhe sin. D ’ éirigh linn an chuid is mó den mhaoiniú a fháil chuige seo ó rannóg ealaíon agus cultúir Údaras Na Gaeltachta agus tá muid an - bhuíoch d ’ oifigeach an Údarais Séamus Ó Gallchóir mar gheall air sin. Scríobh Francie dráma ar bhain bunadh an cheantair an - sult as agus chomh maith leis sin d ’ éirigh leis fáil fríd go dtí an Comórtas Náisiúnta Drámaíochta ar a chéad iarracht agus bhain na haisteoirí uilig sásamh iontach as sin. Is suntasach an méid a rinneadh in achar ghearr. Bhí Céim Aniar den bharúil go raibh tábhacht mhór ag baint leis an aos óg ó thaobh na drámaíochta de mar nach bhfuil morán dóigheanna níos taitneamhaí do pháistí chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú ná trí dhrámaíocht. Tá maoiniú geallta ag Roinn na Gaeltachta agus tá Francie fostaithe agus i gcionn oibre. Tá dráma do pháistí scríofa aige cheana féin agus tá sé bunaithe ar scéal atá fíor. Beidh páistí Scoil Naomh Bríd ag cur an dráma seo ar an ardán agus tá súil aige dráma a bheith réidh do Scoil Dhuibhlinn Riabhach chomh maith. Beidh seo uilig ag tarlú amach sa bhliain úr. Mar go mbeidh an obair seo uilig ar siúl i nGaeilge beidh sé ina chuidiú mór ag na páistí le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. ’ Sé an aidhm atá ag Francie don bhliain seo chugainn ó thaobh na mbunscoileanna de ná an dá scoil a thabhairt le chéile agus ceoldráma maith a dhéanamh don Nollaig. Thig a bheith cinnte má bhíonn an maoiniú ar fáil go dtiocfaidh toradh ar an smaoineamh. Tá Francie ag obair ar dhráma do dhaoine fásta faoi láthair agus maíonn sé go bhfuil sé chomh greannmhar le Fear An Gheafta. Ní bheidh sé réidh le dul ar an ardán go dtí Mí Aibreáin is cosúil. Beidh Aisteoirí Mhí- obhaigh ag dul i gcionn oibre arís ag tús na bliana úire. Guímis gach rath orthu. Ceardlann Drámaíochta. Tá Céim Aniar, Proinsias Ó hOireachtaigh (Frank Phaidí Mhánuis), Cathaoirleach an Ch omh l a c h a s Ná i s i ú n t a Drámaíochta, agus Francie ag súil le Ceardlann Drámaíochta a reachtáil sna Dúnaibh deir- eadh seachtaine éigin i Mí Feabh r a . N í l na dá t a í socraithe go fóill. Beidh fáilte mhór roimh dhuine ar bith a bhfuil suim aige nó aici i gcúrsaí drámaíochta freastal a dhéanamh ar an cheardlann seo. Beidh níos mó eolais faoi sin ar fáil amach anseo.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3