Guth Ghoill, Eagrán 5
Rugadh Pádraig Ó Gallchóir nó Paidí Mhicí mar a bhí aithne againn uilig air ar an Ghlíob ar an t - ochtú lá d ’ Aibreán 1930. Ba é an dara duine clainne ag a mháthair Sally Dhonnchaidh Mhíchíl as Cluain t - Salach agus ag a athair Micí Mhánais. Ochtar clainne ar fad a bhí ann agus tá triúr acu beo i gcónaí— Máire i mBirmingham, Proinsias i nGlascú, agus Mánas i nGort A ’ Choirce. Tógadh ar an Ghlíob é agus fuair sé a chuid oideachais i Scoil Náisiúnta Mhíobhaigh. Seacht mbliana déag d ’ aois a bhí Paidí nuair a fuair a mháthair bás. Chaith Paidí tréimhsí ama anonn agus anall go hAlban i dtús báire sular thosaigh sé ag obair i monarcha Mhic Nutt i mí Meán Fómhair na bliana 1955. D ’ obair sé ansin go dtí an bhliain 1970. Sa bhliain 1960 phós sé a bhean chéile Violet agus chuir siad fúthu i gCeann Na Leargaí áit ar thóg siad a gclann, triúr mac— Séamus,Johnny,agus Micheál,agus beirt iníon—Sally, agus Máire Treasa. Chaith Paidí blianta fada ag obair go díograsach ar a fheirm agus níl amhras ar bith ná go raibh sé cóngarach don nádúr. Thaitin imirt chártaí go mór leis agus is iomaí oíche a chaith sé ag imirt sa scoil chártaí a bhíodh acu ‘ tigh Dinis Phaidí Mhór.Rud eile faoi Phaidí nach mbeadh morán eolais ag daoine faoi agus b ’ é sin nach raibh morán daoine ar an Ghlíob,fir nó mná, a bhí inchurtha leis ag déanamh toirtín. Fear a bhí i bPaidí a raibh saibhreas mór Gaeilge ann agus ní iarrfá an phléisiúir ach a bheith ag éisteacht lena chuid seanchais mar nach raibh an greann ariamh i bhfad óna intinn agus chomh maith leis sin bhí cuimhne iontach aige ar imeachtaí agus ar eachtraí a tharla nuair a bhí sé féin ag éirí aníos. Bhí sé fial, flaithiúil agus garach lá nó oíche agus mar chomharsan ní raibh a shárú le fáil. Déanfaidh Violet agus a clann é a chrothnú go mór uatha agus, leoga, nach ndéanfaidh muid uilig. Ar dheis lámh Dé go raibh a anam dílis Gaelach uasal. C’áit ‘sna Dúnaibh? Seo pictiúr do Mhicí Hhudaí agus Alan Sutherland agus asal beag dubh, ach c’áit ar glacadh é? Áit éigint sna Dúnaibh – Sibhse a bhfuil cuimhne agaibh ar an áit seo mar a bhí sé seal insígi dúinn. Tá,s ag an chuid is mó againn cé hé Micí Hiudaí ach cé hé Alan Sutherland – scríobh chugainn agus inis dúinn. Seo páipéar na ndaoine. Ba mhaith linn sibh bhur dtuairimí agus bhur ngearáin a chur i n-iúl duinn.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3