Guth Ghoill, Eagrán 5
AG IMEACHT GO MEIRICEÁ 1929. Tá sé doiligh ag aos óg an lae inniu a sham- hlú cá leis a raibh an saol cosúil san cheantar seo ag tús an chéid deireannach. Ní raibh morán de mhaoin an t - saoil ag teaghlach ar bith – ón lámh go dtí an béal ar an gcuid is mó. An mhallacht a ba mhó a bhí ar an cheantar ná an dífhostaíocht agus de thairbe sin d ’ fhág na sluaite an ceantar agus an tír agus thug siad aghaidh ar Albain, ar Shasana agus ar Mheiriceá. Ón am a bhí si- ad ina ndéagóirí, agus leoga níos luaithe na sin, bhí siad ar shiúl i mbéal a gcinn ag sclábhaíocht agus go minic gan morán acu ar son a gcuid saothair. Tá saol an mhadaidh bháin ag aos óg an lae inniu – ré na nguthán póca, D.V.D ’ s, digital cameras agus cártaí plastic. Cuir sin i gcomparáid le aonach an fhostaí, bád Ghlascú, bád Mheiriceá, an léan, an leatrom, an cruatan, an convoy agus an cumdaigh. Nach maith an rud gur athraigh an saol agus cé nach dtuigeann muid corr uair c ’ acu tá na h - athruithe seo lenár leas nó lenár n - aimhleas is maith an rud gur tháinig an t - athrú. Is fearr i bhfad a bheith ag imeacht go hOileáin Grand Canaria ar lae- thanta saoire ná a bheith ag imeacht go Oileáin Shetlands ag an ‘ ghutáil ’! Ach chá dtig linn dearmad a dhéanamh de na glúnta a chuaigh romhainn, a d ’ fhulaing oiread cruatain agus masla le saol níos boige a fhágáil againne. An oíche sula n - imeodh daoine go Me- iriceá blianta fada ó shin ba ghnath le oíche mhór a bheith san teach acu. Chuala an chuid is mó de na daoine a bhfuil mean –aois sroichte acu scéalta faoin ‘ Convoy ’ mar gur seo an t - ainm a tugadh ar oiche den t - sórt seo. Go minic nuair a rachfadh scéalta amach go raibh ‘ Convoy ’ in áit éigin ba ghnáth le scaifte a theacht as achan chearn. Glaodh an ‘ American Wake ’ air fosta de thairbhe go raibh tuismítheoirí ag fágáil slan ag mic agus iníonacha go mbfhéidir nach bhfeicfeadh siad go brách arís iad. Cé go mbeadh neart le h - ithe, neart póitín le h - ól, cuid mhór craic, ceol agus damhsa ba oíche í a bhí truacánta agus lán bróin do theaghlach an té a bhí ag imeacht. ‘ Sé an t - aon rud a mhaolaigh ualach an bhróin na go ndé- anfadh imirce iad a shábháil ar shaol dí- omhaoin nó an sclábhaíocht ar bheagán. Ar an Aoine an 4ú lá fichead de Dheir- eadh Fómhair 1929 bhí ‘ Convoy ’ i dteach Hughie Den i nDumhaigh. Bhí Nansaí an duine ba sine den teaghlach ag imeacht go Mericeá lá arna mhárach. Bhí sí scór bliana d ’ aois. Tháinig sí fríd an cineáil céanna saol a dtáinig cuid mhaith girseachaí eile dena h - aois thart anseo. Bhí sí ar shiúl ar fostó ag trí bliana déag agus ansin chaith sí tréimhsí ina cailín aimsire thall is abhus ó Bhaile na nGallóglach go Doire agus as sin go Glascú. Ba aintín leí a bhí thall in Philadelphia, Jeannie Den, bean nach bhfaca sí ariamh, a chur anall an ticéad. Bhí na daoine muinteartha uilig agus na comharsain cruin- nithe isteach ag an Chonvoy chomh maith le scaifte iascairí as Gaoth Dobhair a bhí ag iascaireacht scadán i mBá na nDúnaibh. Bhí oíche mhór cheoil agus damhsa acu agus tré- an póitín le cur leis an ocáid. Mhair an Con- voy go maidin agus ansin shiúil sí ‘ na nDúnaibh agus an scaifte a tionlacan. Agus mar a dúirt sí fhéin – ‘ Bhí sé cosuil le tórramh ’ agus dár ndóigh ba tórramh a bhí ann dos na mílte Éireannach nach dtáinig ar ais. Ag na Dúnaibh d ’ fhag sí slán ag an scaifte a tháinig leí agus ba ’ n chomhairle dheireannach a fuair sí óna h - athair ná, cinnte a dhéanamh a theacht ar ais. Chuaigh sí isteach ar an bhus go trom- chroíoch agus lán cumhaidh agus d ’ imigh sí leí ar an chéad chuid dá h - aistear go Phila- delphia. Ar an mhaidin fhuar dhorcha seo ní raibh sí ar a cuid fhéin ag imeacht go Me- iriceá mar gur imigh scaifte measartha ó cheann ceann na paróiste. Cé go raibh cuid de na h - ainmneacha báistí dearmadtha aici bhí cuimhne aicí ar shloinnte an chuid a ba mhó acu. As an íochtar d ’ fhág Fenny Pháidí Mhadgie, Rosie Phat, Sissie ‘ nGhréasaí, agus beirt de theaghlach na Hays, Sissie agus Robert. Dfhág Pat Mc Devitt agus fear de na Sweeney ’ s as Umlach agus George Fri- el as Carraig Airt. As an Ghleann bhí gir- seach de na Friel ’ s, Johnny Mc Carry, bean de na Sheridan ’ s Maggie Coyle agus Susan Boyle. As an Chaiseal d ’ fhág Mary Doherty agus diúlach de na Moore ’ s.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3