Guth Ghoill, Eagrán 5

Bhí an ‘ Transylvania ’ ar ancaire ag béal Loch Feabhail, amach ó Mhagh Bhille agus ba seo an linéar a bhéarfadh go Meiriceá iad. Bhí sí le fágáil an lá ina dhiaidh, an Domhnach an séú lá fichead de Dheireadh Fómhair ag an 2 a chlog. Ní raibh siad le dhul ar bord go dtí maidin lá arna mhárach agus chaith an scaifte uilig an oíche in ostlán i nDoire – ba seo páirt den phasáiste. An mhai- din ina dhiaidh sin thug an freastalán iad síos Loch Feabhail le dhul ar bord agus ba ag an bpointe seo a bhuail an cumhaidh i ndáiríre iad agus bhris siad a gcroíthe ag caoineadh. Thóg an linéar an t - ancaire thart fán 2 a chlog agus ar shiúl leí thart fá Choinn Mhálainne. Chá raibh i bhfad go raibh Fánaid agus Ros Goill ar amharc. Bhí an Meall Mór le feiceáil go soiléir acu. Chomhairligh cuid den dream a rinne an turas roimhe dóibh lán na súl a bhaint as na radharcanna deireannacha den talamh a bhí ós a gcomhair. De réir mar d ’ imigh an Transylvania siar ar chúl Thoraigh d ’ imigh an talamh as amharc. Ba seo an ra- dharc deireannach a fuair cuid den mhuintir a bhi ar an deic, i gcuideachta Nansaí, ar thalamh na h - Éireann.. DRÁMA Seo thíos pictiúr a tógadh ar na mallaibh do Seó na Nollag a bhí ar siúil do pháistí an pharóiste: Thíos tá cuid de na páistí agus tuismitheoiríi a bhí i láthair sa Choláiste Gaeilge don dráma “Fionn agus an Fathach” ar an 9ú Nollaig. Bhí Daidí na Nollag i láthair fosta, agus chuir sé fáilte croíúil roimh achan duine deir- eannach agus thug beart deas do gach páiste sa halla. Tá muid fíor bhuíoch dó as an tu- ras fhada a dhéanamh le bheith linn ag an cóisir Nollag. Seo pictiúr de Neansaí taréis theacht na bhaile agus a teach beag fhein a thógail i nDumhaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3