Guth Ghoill, Eagrán 5

 Do chuid páistí agus an Ghaeilge------An bhfuil suim agat? An Tionscnamh Teanga Pobail. Chuir muid in iúl díobh cupla mí ó shin go raibh iarratas istigh ag Céim Aniar chuig Roinn Na Gaeltachta ar scéim úr dá gcuid - An Tionscnamh Teanga Pobail (Community Language Initiative). Seo scéim de chuid Roinn na Gaeltachta chun Gaeilge a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta.Ceithre cheantar Gaeltachta a roghnaíodh ar fud na tíre chun tionsnamh den tsaghas seo a chur i bhfeidhm ann agus bhí ceantar Ros Goill ar cheann acu sin. Is tionscnamh trí bliana atá i gceist agus 70,000 euro in aghaidh na bliana an maoiniú a fuarthas chun na himeachtaí uilig a bhaineas leis an tionscnamh a thiomáint ‘ un tosaigh. Bhí an t - iarratas a chuir Céim Aniar isteach bunaithe ar pháistí óga faoi shé bliana d ’ aois. Chun tús a chur leis an tionscnamh tá cúig theaghlach dhéag de dhíth le páiste nó páistí faoi shé bliana a bhfuil a dtuismitheoirí iontach dáiríre faoi iad a thógáil le Gaeilge. Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag tuismitheoir amháin, ar a laghad, i ngach teaghlach. Beidh roinnt cruinnithe ar siúl ins na seachtainí amach romhainn chun deis a thabhairt do na tuismitheoirí a bhfuil páistí acu san aois ghrúpa seo tuigbheáil níos fearr a fháil ar na rudaí éagsúla atá i gceist agus chun cuidiú leo a n - intinn a dhéanamh suas faoin scéim. Ina dhiaidh sin agus eile tabharfaidh ionadaí ó M.F.G. cuairt ar thuismitheoirí arís chun tuilleadh plé a dhéanamh agus ina dhiaidh sin beidh ar thuismitheoirí a n - intinn fhéin a dhéanamh suas. Is deis iontach é seo do thuismitheoirí atá dearfach i leith na Gaeilge agus gur mhaith leo líofacht Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí,agus chomh maith le sin go mbeadh siad mar pháirt de ghrúpa a mbeadh na haidhmeanna céanna acu. Seo roinnt de na himeachtaí a bheadh ar fáil don ghrúpa teaghlaigh a bheadh rannpháirteach san scéim: 1. Grúpa tuismitheoirí agus tachráin a reách- tail . 2.Naíonra Gaelach a reachtáil. 3.Grúpa páistí ag súgradh a bhunú. 4.Campa Samhraidh a reáchtail dírithe ar ealaíon agus spórt. 5.Ranganna tacaíochta teangan a chur ar fáil do thuismitheoirí na bpáistí. 6.Club Óige de chuid Ógras a bhunú do na páistí. 7.Tacaíocht de chineáil eile a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do pháistí ag brath ar a n - éileamh. Beidh na himeachtaí seo ar fad ann do na páisti ón mhórghrúpa agus ‘ sé an tábhacht a bheidh ag baint leo ná go mbéifear á reachtáil go huile agus go hiomlán i nGaeilge agus nach mbeidh aon ghéilleadh don Bhéarla iontu. Mairfidh an scéim seo ar feadh trí bliana, ar a laghad, agus ina dhiaidh sin braitheann sé ar an éileamh a bheas air. Déanfar Coiste Stiúrtha a cheapadh ar a mbeidh ionadaithe ó Chéim Aniar, ceantar Ros Goill, Roinn na Gaeltachta, agus Údarás na Gaeltachta.Beidh sé mar dhualgas ar an Choiste Stiúrtha obair an Bhainisteora Teanga a stiúrú chomh maith le monatóireacht agus meastó- ireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an phlean teanga. Imeachtaí i ndiaidh am scoile do na páistí eile. Ba mhaith le Céim Aniar imeachtaí i nGaeilge a chur ar fáil do na páistí eile, nach mbeidh páirteach san Tionscnamh Teanga,i ndiaidh am scoile. Bheadh na himeachtaí a chuirfí ar siúl ag brath,ar an gcuid is mó, ar éileamh na bpáistí fhéin ach ‘ sí an aidhm a bheadh leo ná iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar chaighdeán labhairt na Gaeilge i measc na bpáistí.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3