Guth Ghoill, Eagrán 5

Scéal Bhríd Ní Ghallchóir. Is é seo píosa beag fá m’aintín Bríd Mhór agus scéal a thug sí domh ina cuid focail fhéin, fá phíosa shé phingin: Rugadh mé i mí Feabhra 1924 i nDoire Beaga agus bhí dhá chloigeann déag againn ins an teaghlach. Bhí m’athair mór, Tomás, ansin fósta ag an am agus is mór an trua nar éist muid le go leor de na scéalta a bhí sé ag thabhairt dúinn. Mise an darna duine den teaghlach, bhí Tomás níos sinne ná mé, go mbeidh Dia maith dó. Bhí mé amuigh ar fostú mar pháiste agus ansin nuair a thosaigh an mhóin sa pharóiste bhí mé ag obair sa phortach ag srathnu móna le m’athair Johnny Thómas Chaitlín, agus mo dhearthar Tómas. Bhí muid ag fáil pingín agus leath- phingín an t-slat. Obair throm a bhí ann, mar bhí na fir ag baint le sléanna agus iad maith ag gabháil dó. Péire móna a chuirfeadh siad amach ag an am amháin agus bhí an péire sin againne le tógáil mar bhí tuilleadh ag teacht aníos ina ndiaidh. B’fhéidir go raibh cuid acu thíos deich dtroithe, agus bhí orainne an mhóin a bhogadh amach as an chasán acu, anonn giota fada agus caithfidh go raibh muid láidir nuair a bhí muid ábalta cupla péire mór a thógáil, agus iad a iompar anonn. I ndiaidh sin chuaigh mé ag obair ins na tithe ósta nuair a bheadh cuairteoirí ag teacht ins an tsamhradh. Ní raibh an obair sin bog ach oiread. Ní raibh leictreachas ar bith ann, nó uisce ar bith ina rith agus bheadh coinneal in achan seomra agus achan uile lá má bhí an choinneal dóite amach churfá coinneal úr ann agus ma bhí fir ins an tseomra bheirfeá suas cruiscín uisce te sa dóigh go dtiocfadh leofa iad fhéin a bhearradh. D’fhágfá sin ina shuí ag an doras agus bhearfá leat anuas na bróga a bhí fágtha taobh amuigh den doras agus churfá blaicín iontu agus pholishfeá na bróga agus d’fhágfá suas arís iad. Chaithfeá ansin dhul ar do ghlúine agus na hurláir uilig go léir a snasadh, ansin dhul amach chun tine a chur síos le huisce a bhruith fá choinne an níocháin. i ndiaidh sin bhí an smúdáil le déanamh agus achan rud a bheith reidh la toiseacht arais lá arna mhárach. Chuaigh mé go hAlban ansin agus buíochas le Dia ar shon na ndaoine a bhí thall ansin, bhí siad iontach maith. Bhí ne- art le hithe agus an pá féireáilte. Ní raibh Béarla ar bith againn ach ní raibh muid i bhfad a phiocadh suas agus fuair muid ar aghaidh go maith. Dá mbeadh an lá olc ar an Domhnach dfhágfadh an feirmeoir go dtí an teach phobail mé agus d’fhánfadh sé ansin go raibh an t-Aifreann thart le mé a bheith leis na bhaile arís. Má bhí an Domhnach maith rachainn ar an rothar mar bhí daoine as Gaoth Dobhair ag obair ar na feirmeacha lenar dtaobh agus bheadh an chraic maith dhul chuig an aifrinn dúinn. Go ndéanfaidh Dia trócaire orthu mar tá léir acu marbh anois. Pósadh in Albán mé le Johnny Tom agus bhí triúr de theaghlach againn. Cait- lín, Bríd agus Clare. Tháinig muid na bhaile i 1956 mar bhí Caitlín reidh le to- sacht ar an scoil. Thóg m’athair an teach seo dúinn i 1957 agus tá mé ann ó shin. Bhí muid ag coinneáilt eallaigh agus caoirigh. Ag baint móna agus ag cur bairr agus bhí búisteoireacht ag m’fhear céile. Tá sé marbh anois le seacht mbliana go ndéanfaidh Dia Trócaire air, agus tá muid go fóill ag baint móna agus a thabhairt na bhaile. Tá fhios agat an seanfhocal “Níl aon tine mar do thine féin”. Tá mise den bharúil go raibh siad ag caint fá thine mhóna. An Scéal. Nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois bhí mé ar fostú mar thachrán ag teach. San am sin daoine nach mbeadh páistí acu chun an bhuachailleacht a dhéanamh sa tSamhradh daofa, rachfadh siad chuig teach a raibh páistí ann agus d’fhostaíodh siad tachrán ansin a dhéanadh an bhuachailleacht daofa. Bhí mé thíos i Machaire Gathlán ag buachailleacht agus bhí girseach bheag i mo chuideachta. Bhí sise ar fostú fosta le duine de na comharsan agus bhí sí sé no seacht míle ar shiúl óna teaghlach féin. Girseach bheag, chiúin, fhaiteach ach sin ráite, oibrí beag maith bhí inti. Achan mhaidin roimh dhul na scoile dúinn, bhei-

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3