Guth Ghoill, Eagrán 5
rimis muid isteach uisce ón tobar fá choinne an tae agus uisce ón tsrúthán fá choinne an bhairille a líonadh sa dóigh go mbeadh uisce ann fá choinne na prátaí a nigh agus fá choinne do aghaidh nó do lámha a ghlanadh. Bheirimis muid isteach an mhóín fosta agus rud ar bith eile a bhí a dhith sula rachaimis na scoile. Bhí sé dea- cair go leor bheith in am don scoil agus tú ar fostú. Cibé ar bith bhéinn féin agus an ghir- seach bheag seo i dtólamh dhul na scoile i gcuideachta a chéile agus tháinig sé go dtí an t-am ar an scoil a raibh muid ag athrú na leabharthí. Bhuel, na daoine a raibh mise ar fostú acu bhí siad iontach maith. Níor fhág siad ariamh ocras orm agus pingin ar bith a bhí de dhíobháil orm bheadh sé agam. Agus an mhaidin seo bhí leabhar beag sums le ceannacht againn. Na leabhartaí beaga a bhí ag gabhail ag an am sin, ní raibh siad ró- chasta, a haon ‘s a haon a dó, agus a dó ‘s a dó a ceathair agus ní raibh na sé pin- gine ag an ghirseach bhocht fá choinne an leabhar a cheannacht, agus achan uile lá rachaimis na scoile agus bhuailtí turdán ar an ghirseach le báta cionns nach raibh na sé pinginí aici. Chá dtuigimsa go dtí an lá seo cad chuige nár thug an mháístreas leabhar beag dithe agus é a bhaint uaithe nuair a bheadh an scoil druidte. Ina áit sin bhí uirthi dhul na scoile achan mhaidin agus í ar crith leis an eagla agus fios ag an chréatúr caidé bhí le theacht. Chuirfeadh sé trua ort ag amharc ar an pháiste bheag ina seasamh ansin costarnocht agus na lámha beaga fineálta amuigh aice ag fanacht ar an bháta. Ach cibé ar bith an lá seo bhí muid ag buachailleacht i Machaire Gathlán agus chuaigh muid síos go dtí an trá, a cheapadh aníos an eallaigh agus fuair muid cnag deas. Ní shílim gur buaileadh báta ariamh ar an chnag cé acu ar fagadh ansin é fán ár gcoinne nó caidé. Thug muid linn aníos an cnag. Shuigh muid cos cloiche agus bhí muid ag caitheamh an chnaig anonn is anall ag a chéile. Dúirt mise leis an ghirseach dá dtiocfadh fear inneacht amach thuas ar an ard agus é ag imirt gailf, dá rásófadh muid suas go m’fhéidir go dtabharfadh sé rud inneacht dúinn. Bhuel níl fhios agamsa ca h-as a dtáinig sé ná cá h- as nár tháinig sé ach d’amharc muid suas agus bhí fear ina sheasamh ar an ard. Tchím go fóill an t-éadach a bhí air. Fear uasal agus mála gailf leis agus é ag caitheamh píopa gan buaireadh de chineál ar bith air. Dúirt mise leis a’ ghirseach bheag rith suas ach ní raibh sí ró-chróga, ní raibh uchtach aice. Mar sin thóg mé féin an cnag agus rith mé suas fríd na dreasagaí agus creidim nuair a chonaic sé mé ag teacht cos- tarnocht fríd na rudaí seo nach raibh fhios aige caidé bhí ag dhul ar aghaidh. Sheas mé roimhe agus chuir mé amach mo lámh chlé agus an cnag ann. Anois cé acu Béarla nó Gaeilge a bhí ag an fhear, níl fhios agam. Char labhair sé focal agus cha raibh Béarla ar bith agamsa ca bith. Thóg sé an cnag uaim agus chuir sé isteach ina phóca é agus thug sé amach píosa sé phingin agus thug domh é. Rith mise síos chuig an ghirseach agus thug mé an sé phingin daoithe fá choinne an leabhar a cheannach. Síos na scoile linn ar maidin lá thar na mhárach agus an bheirt againn ag scipeáil. Fuair sí an lea- bhar agus ní raibh buaileadh ar bith ann an lá sin, ach nuair a chuaidh sí na bhaile agus tháinig muid isteach ón bhuachailleacht tráthnóna agus a chuaidh sí a dheánamh na sums amach as an leabhar, tháinig an bhean a raibh sí ar fostú aice thart agus chonaic sí an leabhar.“Cá bhfuair tú an leabhar?” a dúirt sí go feargach. Ní thug an ghirseach freagar ar bith uirthe. “Cá bhfuair tú an lea- bhar?” Arís ní bhfuair sí freagar agus lig sí búire amháin aisti. “Cá háit a bhfuair tú an leabhar a deirim?” “Bríd a thug cnag d’fhear éigin agus thug sé sé phingin daoithe” a dúirt sí. Bhuel níor fhan an bhean leis an dárna focal a chluinstin ach amach a’ doras léi agus anonn a’talamh bán agus isteach i dteach ei- le ina raibh scaifte ban ina suí thart ag cniotáil agus ag dhul don snaoisín agus ‘sé an chéad scéal a scaoil sí amach na faoin leabhar, an cnag, na sé pingneacha agus deireadh. Bhí na mná ag éisteacht agus dúirt bean amháin acu “Damnú an fear ariamh a thug sé pingine daoithe. Chuaidh sí anonn chuig an clubhouse agus thug sí léi amach as póca fear einneacht é”. Bhuel bré- ag abhí ansin. Ní rachfainnse isteach sa chlubhouse mar nach raibh ár ngnaithe siar a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3