Guth Ghoill, Eagrán 5

bealach sin a t-am sin. Bhí an clubhouse beag ina shuí taobh leis an reilig, foirgneamh deánta d’adhmad. Tá mé ag deánamh go bhfuil an dúshraith ansin go fóill, bhí mé ag amharc air lá a raibh mé thíos. Ar scor ar bith ag an am sin ní raibh cead againne dhul siar fhad leis gan trácht ar dhul isteach ann. Cibé ar bith ní raibh mise ach ag iarraidh bheith ag cuidiúint leis an ghirseach bhocht agus thug mé an sé phingin ina iomlán daoithe, gan a dhath coinniste agam féin agus anois bhí gadaí deánta ag an tseanbhean sin domh. Bhí go maith is ní raibh go holc. Mhothaigh mo mháthair iomrá ar an scéal ach cha dtug sí aird ar bith air. Bhí fhios aice a h- iníon féin. Is ea a dúirt sí liomsa “a Bhríd a thaisce, gortóidh na clocha thú ach ní gor- tóidh an chaint thú”. Agus sin deireadh an scéil. Guth Ghoill. D ’ éirigh thar barr le Guth Ghoill i rith na bliana agus chuir an pobal suim mhór ins na haltanna éagsúla a bhí ann ; logainmneacha, agallaimh le daoine aosta, seanphictiúirí, seanfhocla srl. Tá moladh mór tuillte ag Micheál Mac Laifeartaigh (Micheál Mharcuis), Máire Nic Suibhne (‘ ac Fhionnlaoch), Fionnghuala Harte (Finola Húdaí), Caitlín Uí Mhaoileoin agus ag Fiona Pasoma as ucht na hoibre móire a dhéanann si- ad ag cur chuile rud le chéile agus ag cinntiú go mbíonn sé amuigh in am. B ’ fhéidir go bhfuil daoine amuigh ansin sa phobal gur mhaith leo lámh chuidithe a thabhairt nó go bhfuil smaointe acu,b ‘ fhéidir, maidir le dóigheanna chun an iris a fheabhsú nó cur leis. Má tá, ná bíodh leisc ar bith oraibh a theacht isteach agus bhur dtuairimí a nochtadh. Agus chomh maith leis sin má tá daoine amuigh ansin a bhfuil seanphictiúirí nó seanscéalta acu agus gur mhaith leo iad a fheiceáil san iris beidh fáilte mhór rompu. Ach do na daoine sin uilig a thug altanna, eolas, logainmneacha, seanfhocail, seanphictiúirí nó a rinne agallamh don iris tá muid go mór faoina gcomaoin agus tá súil againn go dtabharfaidh sibh an tacaíocht chéanna dúinn an bhliain seo chugainn.          

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3