Guth Ghoill, Eagrán 5
Rosgoill – Bailte Fearainn Cá bhfuil teorann Rosgoill? Tá an fharraige mhór ar an taobh ó thuaidh, agus an Mhaol Ruaidh ar an taobh thoir, ach cé’n fhad a shíneann sé siar agus ó dheas?? Na Bailte Fearainn féin. Tá súil againn cur síos a dhéanamh ar na bailte fearainn uilig sa pharóiste, agus scéal na mbailte úd a inse mar a bhí siad sa tsean am. Ba mhaith linn cluinsint uaibh le na cumhneacháin atá agaibh ar rudaí a thárla agus ar dhaoine a mhair, í bhur mbailte fearainn féin. Tá an paróiste roinnte ina dhá pháirt – an t-íochtar agus an t-uachtar. Tá an tíochtar roinnte arís, an taobh thoir, agus an taobh thiar. Tá léar bailte fearainn ann agus iad roinnte fosta. Le tús a chur le scéal na mbailte fearainn ar a’taobh thiar taimid ag toiseacht leis an Árd Bán. An tArd Bán. Tá an tArd Bán i gceist lár an taobh thiar. Tá Dubhaigh idir í agus an fharraige mhór ar an taobh ó thuaidh, Doire A’ Chasáin ar an taobh theas, Croich an Toir ar an taobh thiar agus Cnoc Mór ar an taobh thoir. Ta an tArd Bán roinnte ina cheithre páirt 1. An Baile Uachtarach 2. An Baile Láir 3. An Drom Rua. 4. Baile an tSléibhe. An Baile Uachtarach: Nuair a iompaíann tú isteach an boithrín go dtí an tArd Bán (tá comhartha deas eibhir ann anois) tá tú sa Bhaile Uachtarach. Tá sean bhallóg ar achan taobh den bhóithrín – Teach John Thuathail agus teach Thuathal Dhonnchaidh Ruaidh. Tá teach deas úr tógtha ag Donnchadh Mac Giolla Bhríde (An Táilliúr) istigh i gcúl theach John Thualthail. Ansin thuas ar mhullach an Mhallaigh tá teach Channainn, (deirtear gur sin an teach is sine san íochtar) – Tá teach Dhonaí Uí Cannainn ar a chúl, cupla teach saoire, agus ansin Teach Sarah Bhrianaí Brown atá druidte suas le roinnt blianta An Baile Láir. Baile beag seascair a bhí san Bhaile Láir suite istigh in ascall an chnoic. Bhí sé theach ann agus iad ar thrí leibhéal. Bhí leac mór idir na léibhéil ar a mbeadh páistí ag sleamhnú, creathnach ag triomú agus seandaoine ag comhrá, ag caitheamh tobac agus ag déanamh comhluadair. Ar an léibhéal uachtarach bhí teach Dhonnchaidh Bhig, agus teach Doncaidh (Ó Gallchobhair). Ar an léibhéal láir bhí teach John Phaidí agus teach Mhicí Eoghain, iad ceangailte faoi aon díon agus ansin dhá theach aonair – teach John Dhonnchaidh agus teach William Chian, (leagadh í seo le goirid agus togadh teach mór dhá stoír ina áit). Ta teach Mhicí Hiudaí scaite óna tithe eile uilig togtha roimh thús an 20ú céad. Tógadh an teach fán bhliain 1917. bhí na tithe eile uilig tógtha roimh thús an 20ú céad. Tá na tithe uilig druidte suas ná ina sean bhallogaí anois. Áit iontach a bhí sa Bhaile Láir le bheith ag éirí aníos ann. Bhí achan doras foscailte i gcónaí agus achan nduine amach agus isteach chuig a chéile. Bhí na daoine fial flaithiúl agus bainne, scadáin agus móin a roinnt idir na comhairsan.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3