Guth Ghoill, Eagrán 6

   . Tá stair an churraí chomh sean le hÉire í féin. Deirtear go dtearn Naomh Breandán, Loingseoir, turas i gcurrach siar, siar go dtí cuid cladaí Mheiriceá Thuaidh. Téann an chéad tuairisc scríofa faoin churrach siar go dtí an bhliain 100 R.C. (Roimh Chríost) in aimsir Julius Caesar. Sa bhliain 1976 rinne Tim Sev- erin, eachtránaí agus seoltóir mór le rá, an tu- ras seo a athchruthú agus criú de chúigear aige. D ’ éirigh leis seoladh ó leathinis an Daingean i gCondae Chiarraí go dtí Talamh an Éisc. (Newfoundland). Is féidir nach eol dúinn go beacht bunús nó céad - nochtú an churraigh i bhfad siar, ach is beag a d ’ athruigh modhanna tógála na mbádaí seo leis na céadta bliain. Rinneadh fráma an bháid le cineálacha éagsúla adhmaid agus an- sin clúdaíodh í le craicne ainmhí. Ní raibh bordanna, nó deiceanna, ar na bádaí seo, fiú ar na cinn mhóra, agus b ’ iad seoltaí nó maidí rámha a thiomáin iad. Le bliantaí beaga anuas úsáidtear canbhás taráilte in áit na craicne. Currach á tógáil i dtabhairne an Síbín Ceoil, in aice leis Na Dúnaibh i dTír Chonaill 2005. Ins a ’ chuid is mó de churrachaí tá na lataí agus na heasnacha daingnithe ag tairní copair, ach i gcuid currachaí Chuan na Long i dtír Chonaill úsáidtear ceangail rópaí go traidisiúnta. Athraíonn na modhanna tógála ó cheantar go ceantar. Tá cuid bádaí na Gaillimhe cosúil le cuid na nOileán Árannach ach go bhfuil rud amháin sa bhreis iontu, ‘ sé sin, clár nó béalbhac a chlúdaíonn na taobhanna agus an deireadh, le cinntiú nach dtéann na heangacha in aimhréidh leis na pionnaí. Úsáideadh deil de gnáth do na maidí rámha agus don tslat gunail, agus dair don fhráma. Leamhán agus saileach a úsáideadh do na heasnacha agus do na maidí ceangail. Cé go bhféadfadh currach a bheith suas le 25 troigh ar fhad, tá siad an - éadrom agus furas a láimhseáil agus a thabhairt i dtír. An obair faoi lán seoil! Soitheach an - iltréitheach atá sa churrach. Dé réir Shéamuis Mhic Philib, Iarsmalann Náisiún- ta na hÉireann, baineadh úsáid astu go sonrach fá choinne iascaireacht líon fada agus glio- maigh, chomh maith le hiompar earraí. B ’ é an gnáthrud ainmhí feirme a tharraingt ar théad taobh thiar den churrach nuair a bhí siad ag dhul isteach go tír mór nó ag teacht amach as. Bhí an t - am ann a raibh na currachaí le fáil sna tíorthaí Ceilteacha uilig, ach inniu is i nÉirinn amháin a bhfuil theacht orthu. Chan é amháin go bhfuil sí iltréitheach: tá sí ina siombal d ’ Éire agus aitheanta mar sin ar fud an domhain. Currach Ros Goill ag trasnú na dtonnta.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3