Guth Ghoill, Eagrán 6
Ní mar ghabhálaí, nó ar mhaithe le seilbh a ghlacadh ar chríocha choimhíocha i bhfad i gcéin, a rinne na Manaigh Ceilteacha na turais fada farraige, ach le spiorad na síochána do chiníocha ei- le. Ba mhian leo sóiscéal úr a chraobhscaoileadh, sin nó na farraigí ollmhóra a chuartú, agus theacht ar áiteacha úra machtnaimh, nó mar rinne Breadán, Loingseoir, seoladh leo ag cuartú parthais caillte éigin. Chuir na manaigh seo go mór le críocha an domhain, mar bhí sé ar eolas go dtí sin, a bhuíochas sin d ’ á gcreideamh, d ’ a gcrógacht agus don saineolas a bhí acu ar an fharraige. D ’ imigh siad leo ar fud na hEorpa agus chomh fada ó bhaile le Talamh an Éisc, éacht de na héachtaí is mó cáil agus cliú i stair na mara, éachtaí atá beagnach dearmadtha sa lá atá in- niu ann. Is mór an gar an cheird seo – cuid an - thábhachtach dár stair agus dár noidhreacht – a bheith tugtha ar ais arís ag leithéidí fir Ros Goill. Bhí suas le dúisín duine ag obair ar an tógra seo, obair ar chuireadh tús leis mí na Samhna 2004 agus ar leanadh ar aghaidh leis go dtí mí Márta i mbliana. ‘ Sé an spriocdáta a bhí ann don chéadseoladh ná Lá Fheil ’ Pádraig, agus bhí an churrach críochnaithe go gleoite don dáta sin. Denis Dhonnchaidh Mhícheáil agus Mícheál Joseph Mhicí John a rinne an chéad turas sin, ag imeacht ó Leag na hUillinne, thart ar an chuan agus ar ais arís. Bhí scaifte breá i láthair don ócáid stairiúil. Mar a dúirt mé cheana, bhí slua mór páirteach sa tógra seo agus ní féidir iad uilig a lua, ceal spáis, ach is féidir a rá gurb é Dinis Dhonnchaidh Mhícheáil an comhairleoir a ba mhó ar an ghrúpa. Tá an t - eolas uilig aige faoin cheird seo, agus taithí na mbliantach aige ag tógáil currachaí. Mar a dúirt an té a dúirt, “ murab bhfuil fhios aigesan, níl fhios ag aon duine ”. An Gutáil: Tá fhios gur fhág na sluaite an ceantar seo le obair a dhéanamh ag an ghutáil. Seo cupla pictiúr lena gcuimhne a chomóradh. Níl fhios agam ca háit a glacadh an pictiúr seo ach tá dhá dheirfiúr as Ros Goill ann, Annie Nic Giolla Chearra agus Bridget Nic Giolla Chearra. (Annie Bhrianaí agus Biddy Bhria- naí as Cnoc na Muirleoige). Seo Dén Antain agus Paidí a Bhacáin ar chladach Ghorta Mór. Nach breá an t-iasc! Seo Annie ag pacáil scadáin. Sílim gur as an áit seo an bean eile – an aithníonn duine ar bith í?
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3